Bíodh cruinnithe na gcomhairleoirí i gConamara – b’fhearr é ná flúirse focal i nGaillimh faoi cheantair imeallacha

Aon duine a thabharfadh suntas ar bith don chaint faoi thacaíocht do cheantair ‘imeallacha’ i gConamara déarfadh sé go raibh deis ag na Comhairleoirí ar an bpointe sampla a thabhairt agus cur lena gcuid cainte

Bíodh cruinnithe na gcomhairleoirí i gConamara – b’fhearr é ná flúirse focal i nGaillimh faoi cheantair imeallacha

Aitheantas agus cúnamh a thabhairt do cheantracha imeallacha i gConamara; sin ceann de na haidhmeanna a bheidh aige mar chathaoirleach ar Chomhairle Bhardasach Chonamara, a deir an Comhairleoir Noel Thomas.  Seo í an eagraíocht reachtúil is  gaire don doras i gConamara.  An naonúr Comhairleoirí Contae i gConamara i gcomhar le feidhmeannaigh sa gComhairle Contae atá istigh faoina scáth.  Bhí a gcruinniú cinn bhliana acu i nGaillimh an lá cheana; toghadh an Comhairleoir Noel Thomas as Tulaigh Mhic Aodháin in aice le Maigh Cuilinn ina Chathaoirleach don bhliain atá amach romhainn. 

Beifear ag iarraidh tuilleadh feabhais a chur ar bhóthar an N59, a deir an Comhairleoir Thomas ach tá sé mearaithe ag an bplean don bhóthar nua ó dheas – an bóthar atá ceaptha a dhul as Scríb go Gaillimh. 

Dris chosáin mhór anois iad na línte atá ar an léarscáil a léiríonn na cúrsaí éagsúla atá san áireamh don bhóthar seo, a deir an Comhairleoir Thomas.  B’fhéidir, a deir sé, gurbh fhearr anois na línte a ghlanadh den mhapa, an  bóthar a chaitheamh i dtraipisí agus an saol a fhágáil mar a bhí sé – sin mura bhfuil tada i ndán don iarracht seo.    Ach, a deir sé, caithfear féachaint le haird níos fearr a thabhairt ar na ceantair ‘iargúlta’.  Dúradh é seo uilig ag cruinniú de Chomhairleoirí Contae Chonamara a bhí ar siúl istigh i gceartlár chathair na Gaillimhe. Bhí cathaoirleach agus cuid mhaith dá chomhghleacaithe ar an bport céanna.  Cuidigh, a deir siad, leis na ceantair imeallacha.

An lá céanna a raibh a gcruinniú cinn  bhliana ag Comhairleoirí Chonamara bhí cruinniú freisin ag Comhairleoirí thoghcheantar Bhaile Locha Riach.  Tá an toghcheantar sin ag síneadh anonn agus anall ar fud píosa maith taobh tíre an Eachréidh.  Thionóil na Comhairleoirí as an taobh sin tíre a gcruinniú ina gceantar féin; bhí roinnt feidhmeannach Comhairle Contae thoir ann.

Ach, bhí teachtaireacht fhíorshoiléir ag Cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara do Chomhairleoirí Cheantar Bardasach Chonamara – féachfar, a deir sé leis an gcuid is mó de chruinnithe Chomhairle Bhardasach Chonamara a reáchtáil istigh i nGaillimh, in oifigí na Comhairle Contae.

Ní raibh sé ach achar gearr roimhe sin ó glacadh leis gur cheart go reáchtálfaí cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.   An Comhairleoir Eileen Mannion a mhol é seo agus chuidigh an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg léi.    An duine a bheadh ag tabhairt suntais ar bith don chaint a bhí ar bun faoi thacaíocht do cheantair ‘imeallacha’ i gConamara déarfadh sé/sí go raibh deis ag an gcathaoirleach ar an bpointe agus ag na Comhairleoirí sampla a thabhairt agus cur lena gcuid cainte.  An cineál seo ruda:  ‘Bhuel, ceart go leor a chairde – beart de réir ár mbriathar.  Amach linn anois chuig an gcéad chruinniú eile go hIonad Cuimhneacháin na nImirceach’. 

Nó d’fhéadfaí a dhul go Leitir Mealláin nó go Ros Muc nó don Chladach Dubh nó don Líonán nó go hInis Oírr – nó go cuid mhaith ceantar imeallach eile.  Ina dhiaidh sin féin, seo é Comhairle Bhardasach Chonamara agus táthar ag caint faoi cheantair imeallacha.

Scaití déantar trácht ar an mbuntáiste – más ea – a bhainfeadh le Comhairle Contae nó struchtúr rialtais áitiúil do Chonamara as féin.  Is cosúil go mbíonn an taobh tíre uilig siar ó Ghaillimh i gceist acu.  Ar ndóigh, tiocfaidh an cheist chun cinn anseo: cá bhfuil Conamara dáiríre?  Ach fágtar an cheist sin go leataobh.

Pé ar bith locht atá uirthi, is í an Chomhairle Bhardasach an rud is gaire do struchtúr rialtais áitiúil atá feicthe againn i gConamara ó bunaíodh Saorstát Éireann; tá bonn reachtúil fúithi.   An bhfuil mórán d’athrú ar an saol dá bharr?

Is beag é.

Níl aon airgead ar fáil seachas mar a bhí faoi seanreacht agus sin lúb an-mhór ar lár.  Ach thairis sin, is deacair a rá cén cheannródaíocht atá tugtha ag an gComhairle Bhardasach.  Mar shampla, tá Conamara foirgthe ag caomhnú talún, rud atá ag cur bac ar na seirbhísí is bunúsaí atá ag teastáil.  Is ar éigean gurbh in é a bhí i gceist i bpolasaithe caomhnaithe an chéad lá riamh.  Níl iarracht láidir agus leanúnach feicthe againn sa gComhairle Bhardasach ar mhaithe le píosa a dhealú amach as na ceantair chaomhnaithe ar mhaithe le seirbhísí agus infreastruchtúr do phobal Chonamara.  Ní féidir a bheith cinnte go n-éireodh lena leithéid d’iarracht; is iomaí rud nach féidir a bheith cinnte faoi ach gur fiú bualadh faoi.  Nuair a bheidh píosa treafa agat beidh radharc níos fearr agat ar an gcéad phíosa eile den bhóthar.

Cinnte, níl mórán samhlaíochta ná ceannródaíochta ag teastáil le cruinnithe a thabhairt amach chuig ceantracha imeallacha, nó iargúlta mar a deir cuid acu.  B’fhearr é ná flúirse focal istigh i nGaillimh. 

Fág freagra ar 'Bíodh cruinnithe na gcomhairleoirí i gConamara – b’fhearr é ná flúirse focal i nGaillimh faoi cheantair imeallacha'