Bíodh an lá leis na Patriots agus an ceol ‘preabchorróige’ agus bíodh an fheamainn ag an gcuid eile acu

Tá ár gcolúnaí ag súil go mór leis an Super Bowl anocht agus fios aige anois nach amhránaí ar an sean-nós Big Boi agus nach bhfuil aon bhaint ag imreoirí peile na Gaillimhe le Maroon Five

Ba dhóbair nár thit an t-anam asam an lá faoi dheireadh nuair a léigh mé gur iad Big Boi agus Maroon 5 a bheas ag cur an cheoil i láthair nuair a thiocfas leath ama sa Super Bowl idir na New England Patriots agus na Los Angeles Rams in Atlanta anocht.

Is gaire de ghráig an phréacháin atá ag an ‘mBuachaill Mór’ seo (mar atá curtha in iúl minic go leor dó acu siúd a chonaic ar TG4 le gairid é!) agus b’aisteach liom ar aon nós nach raibh scéal ná scuan cloiste agam ón NFL.

Níor chuala mé ach an oiread go raibh aon chleachtadh cóir tarraingthe ag Kevin Walsh féachaint cé acu de pheileadóirí na Gaillimhe is fearr a bhfuil bua an cheoil acu féin agus a sheasfadh an fód don Maroon 5.

Níor chall faitís dom. Chuir daoine sa teach atá eolach ar na cúrsaí sin ar mo shúile nach plobaire mór atá taobh le dhá amhrán sean-nóis é Big Boi, ach ceoltóir rap as Meiriceá.

Luadh freisin go raibh sé ar dhuine den bheirt bhall a bhí i mbanna hip-hop darbh ainm Outkast. Ní raibh a fhios agam céard é an hip-hop agus nuair a chuaigh mé ar thóir leagan Gaeilge dó, ba iad na focail chéanna a bhí romham. Baistim ceol ‘preabchorróige’ as láimh air. Tá sin chomh maith leis an ‘snagcheol’ lá ar bith.

Popghrúpa iad an Maroon 5 – ach go bhfuil seachtar acu ann.

D’fhéadfá a rá go gcasann siad oiread cineálacha den rock agus a thugann peileadóirí na Gaillimhe de phasanna láimhe – pop rock, funk rock, dance-pop, blue-eyed soul, neo soul agus soft rock, a deir mo theagascóir.

Ní baileach gur sásta amach agus amach atá roinnt de lucht a leanta féin go mbeidh siad ar stáitse in Atlanta anocht. Ceapann cuid mhaith acu gur ionann sin agus neamhaird a dhéanamh den agóid ar chuir an t-imreoir Colin Kaepernick tús léi nuair a bhíonn an t-amhrán náisiúnta á chanadh ag cluichí peile thall. Eisean a thosaigh ag dul ar leathghlúin lena linn de bharr a deir sé éagóir a bheith á déanamh ar dhaoine dubha.

Más fíor, dhiúltaigh ceoltóirí agus bannaí go leor do chuireadh a dhul ar an ardán ag an Super Bowl – cuireadh atá ar cheann de na cinn is mó le rá i saol na siamsaíochta sna Stáit Aontaithe agus a chonaic leithéidí Beyoncé, Madonna, Bruce Springsteen, Prince, The Rolling Stones, Paul McCartney, U2, agus Justin Timberlake ag canadh ansiúd le blianta beaga.

Díreach tar éis do na Rams agus na Patriots áiteacha a chur in áirithe i gcluiche mór an tséasúir seo Dé Domhnaigh seo caite ba iad na Reithí a bhí mar rogha na coitiantachta, ach tá athrú ar an scéal ó shin agus faoin am a dtosóidh an imirt anocht tharlódh gurb é a bheidh an geallghlacadóir a rá go mbuafaidh na Patriots agus farasbarr dó nó trí de chúilíní ar a laghad acu.

Lasmuigh den stát atá luaite faoina n-ainm, tá an dearg-ghráin ar na Patriots ar fud Mheiriceá. Is fíor go laghdaíonn an gean a bhíonn ar fhoirne taobh amuigh dá gceantar féin nuair a bhíonn go leor buaite acu.

Seo an tríú Super Bowl as a chéile ag na Patriots a bheith páirteach ann, an ceathrú ceann le cúig bliana, an naoú ceann ag Tom Brady agus ag an gcóitseálaí Bill Belichick agus an 11ú ceann ar fad. Sa tírín bheag s’againn féin cé mhéad uair é cloiste agat gur bhreá an rud é dá mbuafaí ar pheileadóirí Átha Cliath agus chuala tú amhlaidh i dtaobh iománaithe Chill Chainnigh ní fada ó shin.

De réir nádúir is lena leithéid a bheifeá ag súil.

Is tá an nimh i bhfad níos doimhne sa bhfeoil acu siúd ar fuath leo foireann Belichick agus ní féidir a rá gurb é an rath atá uirthi sin as féin is cúis leis – ní raibh baol ar an ngráin chéanna ar na Pittsburgh Steelers nuair a bhuaigh siad ceithre Superbowl idir 1975 – 1980 ná ar na Denver Broncos ná na Dallas Cowboys nuair a bhuaigh siad cúig cinn eatarthu sna 1990idí.

Nuair a dhéanann tú beagán cartadh ag iarraidh míniú ar an gcúis gur amhlaidh atá, níl sé éasca a theacht ar an bhfreagra. Ar chuid de na cinn a dtáinig mé orthu, tá go bhfuil an saol athraithe ó aimsir Pittsburgh, Dallas agus Denver.

Bhuel ‘d’oh’, mar a deir cloch choirnéil eile de shaol Mheiriceá, Homer Simpson.

Cúis eile a thugtar is ea nach bhfuil aon ghean ag Belichick orthu siúd a oibríonn sna meáin chumarsáide agus gur beag tréith thaitneamhach a bhaineann lena phearsantacht. Seans go bhfuil cuid den fhírinne ansin ach is le scéalta beaga suaracha ina taobh is minice leis na meáin chéanna a ndímheas féin a léiriú – é a cháineadh mar gur culaith spóirt agus húdaí is minice leis a chaitheamh seachas a bheith gléasta go péacach.

Ní maith le daoine ach an oiread an chaoi a ndéanann foirne Belichick iarrachtaí go rialta buntáiste a bhaint as na rialacha a lúbadh agus an chluain a chur ar réiteoirí. Cuirtear séitéireacht ina leith agus luaitear i gcónaí an chaoi ar nós leo cuid den aer a bhaint as an liathróid agus an spiadóireacht a rinne siad ar chéilí comhraic i mbun traenála.

Cúpla bliain ó shin rinne Pittsburgh gearán nach raibh an córas cumarsáide a úsáidtear leis na clogaid ag obair mar is ceart i staid na Patriots agus d’iarr na New York Jets go ndéanfaí seiceáil ar na seomraí feistis ansiúd mar go raibh amhras orthu go raibh deiseanna cúléisteachta iontu.

B’fhearr le 95% de phobal na Stát Aontaithe dá mba ag na Rams a bheadh an bua anocht.

Bíodh an fheamainn acu.

Fág freagra ar 'Bíodh an lá leis na Patriots agus an ceol ‘preabchorróige’ agus bíodh an fheamainn ag an gcuid eile acu'