Bíodh an 12 Iúil ina cheiliúradh nó ina chrá croí agat, ní bheidh sé ag tarlú i mbliana

Den chéad uair ó 1945 tá paráidí bliantúla na nOráisteach ar an 12 Iúil curtha ar ceal

Bíodh an 12 Iúil ina cheiliúradh nó ina chrá croí agat, ní bheidh sé ag tarlú i mbliana

Rud fánach é i gcomparáid leis an gcontúirt ón gcoróinvíreas ach cor stairiúil is ea é mar sin féin. Den chéad uair ó 1945 tá paráidí bliantúla na nOráisteach ar an 12 Iúil curtha ar ceal. Tá máirseálacha Poblachtacha na Cásca de chuid Shinn Féin curtha ar ceal freisin.

Maireann séasúr na máirseála ó dheireadh seachtaine na Cásca go dtí deireadh Lúnasa.

Bhíodh formhór mór na gcéadta paráid i rith an tsamhraidh síochánta i gcaitheamh na mblianta ach bhain réabadh agus círéibeacha le dornán acu. Bhí an séasúr ciúin le cúpla bliain anuas ach baineann teannas leis i ngeall ar fhaitíos go mbrisfeadh trioblóid amach.

Sméar mhullaigh ar cheiliúradh a gcultúir is ea paráid an 12 Iúil d’Oráistigh ach maslú nó crá croí í do Phoblachtánaithe i roinnt áiteanna.

Faoin tráth seo, de ghnáth, i mbéal na Cásca bíonn ceol na mbannaí dílseacha le clos ar aer an tráthnóna, an cleachtadh faoi lán seoil. Bíonn na preasráitis á n-eisiúint ag Sinn Féin ag fógairt cé a thabharfaidh ‘aitheasc na Cásca’ i mBéal Feirste, i ndeisceart Ard Mhacha nó i nDoire. I mbliana níl aon cheo mar is dual. Cá bhfios cathain a bheas.

Tá íseal agus uasal buailte ag an víreas corónach, sean agus óg, prionsa agus bochtán, Príomh-Aire na Breataine agus fiú an tíogar sa zú sa Bronx.

Luíonn sé le réasún go mbeadh sé craiceáilte sluaite a thabhairt amach ar na sráideanna an deireadh seachtaine seo chugainn, in am an choróinvíris. Baineadh geit as daoine áfach nuair a d’fhógair an tOrd Oráisteach a chinneadh trí mhí roimh a lá mór bliantúil.

Coicís ó shin dúirt Mary Lou McDonald, uachtarán Shinn Féin gur cheart máirseálacha poblachtánacha na Cásca a chur ar ceal agus ghlac a lucht leanúna leis an moladh. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go ndéanfaidh easaontóirí poblachtacha an rud céanna, fiú agus cosc ar shlógaí.

Ós cuid bhunúsach dá bhfeachtas sin é achrann leis an PSNI a chothú, ní chuirfeadh sé iontas ar éinne dá mbainfidís triail as, beag beann ar shábháilteacht nó sláinte na n-ógánach a mbaineann siad mí-úsáid astu mar lucht leanúna. Táthar ag súil, gan a bheith rómhuiníneach, go mbeidh siad freagrach.

Seachaint na mífhreagrachta a thug Ard-Mháistir na nOráisteach, Edward Stevenson mar chúis leis an gcinneadh nach dtabharfaí na mílte amach ar na sráideanna, idir lucht máirseála, bannaí ceoil agus lucht faire.

Chaithfeadh an tOrd tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht an phobail ar fad thairis cultúr a lucht leanúna, ar sé. Fuair na hOráistigh comhairle ó lucht leighis agus ó na póilíní sular deineadh an cinneadh.

Ba léir, mar sin gurbh í an fhaisnéis a fuaireadar go leanfadh na srianta nó an dianghlasáil ar aghaidh i bhfad níos faide ná an tseachtain seo chugainn.

Chomh maith le miontaispeántais idir seo agus sin, bhí seacht gcinn déag de pharáidí pleanáilte don 12 Iúil i gceantair éagsúla ar fud an Tuaiscirt.

Ina theannta sin bhí an pharáid bhliantúil i Ros Neamhlach i gcontae Dhún na nGall ar an gclár ama freisin. Cuireadh toirmeasc ar mháirseálacha san naoú haois déag ach chuir an tOrd féin na paráidí ar ceal uaireanta le linn an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda, chomh maith le 1918, nuair a bhí an fliú mór nó an fliú Spáinneach, ina neart.

Thacaigh polaiteoirí aontachtacha, ina measc an Chéad-Aire Arlene Foster le cinneadh an Oird. Dúirt sí go raibh sé stuama agus d’achainigh sí ar na daoine a thógann na tinte cnámh oíche an 11 Iúil gan iad a lasadh i mbliana.

Beifear in ann cosc a chur ar bhailiú ábhair le haghaidh na dtinte ollmhóra contúirteacha a bhíonn ina gcúis chonspóide gach bliain.

Ní bhíonn na tinte cnámh faoi stiúir an Oird Oráistigh féin agus n’fheadar an féidir a chinntiú nach lasfar roinnt ar thalamh príobháideach nó, má dhéantar, cé chomh trioblóideach is a bheidh siad.

Dúirt Jamie Bryson, urlabhraí pobail dílseach – an fear a thuill iomrá mar fheachtasóir i gconspóid na mbratacha – go ndéanfaí cainteanna ciallmhara pragmatacha le lucht tógála na dtinte cnámh sna comharsanachtaí dílseacha.

Faoiseamh do náisiúnaithe agus do dhaoine eile nach bhfuil bá acu leis na paráidí ab ea an cealú, díreach mar a d’fháiltigh go leor roimh chealú na máirseálacha cuimhneacháin eile an deireadh seachtaine seo chugainn.

Ba mhinic a d’imigh náisiúnaithe as an Tuaisceart ina sluaite le haghaidh an dara lá déag, ach fearacht na máirseálaithe féin, beidh said sáinnithe ag baile i mbliana, is cosúil.

Ar éigean a bhí an fógra déanta ag Ard-Mháistir na nOráisteach nuair a thosaigh poblachtánaithe ag scaipeadh scigphictiúir de lucht máirseála ar mheáin shóisialta.

Bhí cuid acu greannmhar ach go leor acu gránna.

Fiú is iad ag baint ceoil as a gcuid fonóide, b’éigean dóibh a admháil gur bheart críonna é cinneadh na nOráisteach. Ghlac an chosmhuintir dhílseach leis fiú má bhí cuid acu díomách ach gheall siad go mbeadh an ceiliúradh níos mó agus níos glórmhaire ná riamh in 2021.

Chífimid, más fianaise a bheidh ann go bhfuil an phaindéim cloíte, seans go bhfáilteodh go leor roimhe, slán a bheimid.

Fág freagra ar 'Bíodh an 12 Iúil ina cheiliúradh nó ina chrá croí agat, ní bheidh sé ag tarlú i mbliana'