Bímis macánta, is beag duine a léann scéalta béaloideasa ar son pléisiúir anois

Sa mhír seo moltar leabhair Ghaeilge ar son do leasa is d’aimhleasa

Bímis macánta, is beag duine a léann scéalta béaloideasa ar son pléisiúir anois

Bímis macánta, ar a laghad. Is beag duine amuigh ansin a léann scéalta béaloideasa ar son pléisiúir anois, bíodh is nach bhfuil aon chúis nach ndéanfaí. Is dócha toisc clais mhór dhomhain a bheith idir an cineál litríochta a d’fhás leis an léamh mar mhalairt ar an eachtra a chuaigh i bhfeidhm ar an gcluais.

Agus fairis sin, samhlaítear ar chúis éigin gur bua í an chaolchúis sa scéal scríte nuair is dual don eachtra béaloideasa ropadh ar aghaidh le fuinneamh is le díocas.

Níos measa ná sin, is minic gurb é an ciúnas féin buaic an scéil litríochta agus go ligtear don léitheoir na bearnaí idir gach re tost a líonadh dó féin sa tslí is gur buntáiste í an bhailbhe idir daoine ar nós, abraimis, Normal People Sally Rooney.

Ní fhoidhneodh an béaloideas lena leithéid. Abairtear amach é! Cuir ainm is sloinne is focail air! Ná gabhtar ar chúl scéithe!

Saothar álainn buile ina bhfuil scéalta a d’ardódh do chuid meanman is ea Séarlaí Mac Anna agus mé féin le Pádraig Mac Seáin (Coiscéim €12.00) arna chur i láthair ag Diarmuid Mac Seáin agus in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easbuic. Scéalaí ba ea Séarlaí Mac Anna a rugadh i dTeileann in Iardheisceart Thír Chonaill aimsir an drochshaoil agus ar bhreac Pádraig Mac Seáin cuimse mhór scéalta síos uaidh ar ball. Múinteoir ba ea Pádraig é féin, agus cigire ina dhiaidh sin, ar spreag turas a thug Pádraig Mac Piarais chun na scoile é nuair a bhí sé ina mhalrach óg féin. Tá cur síos beoga aige ar an gcuairt sin agus mar a chuir sé cor ina shaol.
Fairis sin, tá aiste fhada, ar geall le mionbheathaisnéis ann féin í, ar chuimhní a óige ar Theileann agus go háirithe ar chúrsaí oideachais. Bhí ‘crois dhian orainn focal Gaeilge a labhairt taobh istigh’ den scoil, seanscéal atá go maith ar eolas ó dhírbheathaisnéisí eile ach gur fiú é a chraobhscaoileadh arís.
Dá thábhachtaí seo, taibhsítear duit gurb iad scéalta Shéarlaí agus an cuntas ar a bheatha siúd is blonag don leabhar. Pearsa faoi leith ba ea é a bhí crua agus folláin, ‘rí-iascaire’ a raibh teanga ghéar aige, a raibh soineantacht áirithe ann ina dhiaidh sin agus nach raibh ‘scéal fada de dhachad ceann nach rabh ar bharr a theanga aige’.

Ach is iad na scéalta is míorúiltí ar fad. Is fada ó léigh mé scéalta chomh líofa, chomh samhlaíoch leo, agus laistigh den laincis a chuireann crot agus ábhar an bhéaloideasa ort, is iad atá cruthaitheach, lán den fhiántas sin is bithriachtanach don ealaín. Déan iarracht breith ar ‘An Crochaire Tarnocht’, mar shampla, nó lean ‘Gaiscíoch na Beilte Deirge’ ar a chuid eachtraíochta le ridirí, trí chaisleáin, thar chloigne á mbaint agus deochanna draíochta á slogadh. Tá ‘Cath Fionntrá’ anseo, leis, ach ní hionann in aon chor é le scéal Chiarraí.

Thar aon rud eile, áfach, tá gluaiseacht mhire agus fuinneamh gan teorainn sna hinsintí seo. Scuabtar ar aghaidh leis an sruth tú, sruth scéalaíochta atá le cloisint go binn ón trí dhlúthdhiosca atá i dteannta an leabhair agus á n-aithris ag Pádraig Mac Seáin é féin le cruinneas urlabhra agus le gléine cainte.

Fág freagra ar 'Bímis macánta, is beag duine a léann scéalta béaloideasa ar son pléisiúir anois'