Bímis macánta agus ná géillimis do Michael Collins díghalraithe Fhine Gael

Beidh sé suimiúil féachaint conas mar a chaitheann lucht oifigiúil na gcomórthaí le hoidhreacht Mhichíl Uí Choileáin ar ócáid chomórtha a bháis

Bímis macánta agus ná géillimis do Michael Collins díghalraithe Fhine Gael

Táim an-cheanúil ar Mhicheál Martin. Fear ionraic, dáiríre, réasúnta. Alumnus é de chuid Choláiste Chríost Rí i gCorcaigh. Seasaimidne, alumni CCR, an fód le chéile. Rinne mé dhá scannán le Micheál fadó: Lá Dár Saol – Ard-Mhéara Chorcaí (1993) agus Lá Dár Saol – An Comhaireamh Deireanach (2002). 

Ach, mo léan cráite, theip glan an lá fá dheireadh ar an ‘suspension of disbelief’ ionam nuair a dúirt Martin go mba cheart don náisiún ‘Státaireacht’ an Choileánaigh a chomóradh i mbliana, seachas díriú ar chúinsí a bháis ag Béal na Bláth.

Aontaím le Martin nach é a bhás an cor a shainmhíníonn an Coileánach. Olc nó maith, bíodh dúil agat ann nó ná bíodh, ba é an mámh ba mhó a d’imir an Coileánach ar son saoirse na tíre seo ná feachtas sceimhle brúidiúil, lom, leanúnach a fhearadh ar Fórsaí na Corónach is ar Réimeas na Breataine sa tír seo ó thús deireadh Chogadh na Saoirse.

Sin fíric an-mhíchompordach don aos polaitiúil a shantaíonn oidhreacht an Choileánaigh dóibh féin. Díoltar an Coileánach mar Naomh/Mairtíreach óg an Stáit nua, agus é dúnmharaithe ag ‘an dream eile’.

Ní shásaítear mé puinn leis an léamh deas sin ar an ‘Big Fella’. Sin Coileánach díghalraithe Fhine Gael duit, bréagshiúicrín nach gcuireann san áireamh go mba é Micheál Ó Coileáin sársceimhlitheoir an fichiú haois anuas go dtí aimsir Bin Laden. Tarlaíonn go raibh an Coileánach i bhfad níb éifeachtaí ná Bin Laden. D’éirigh leis a chuspóir (athrú réimis) a bhaint amach sa chuid is mó den tír seo.

Aithním go bhfuil sceimhle agus sceimhle ann. Más sceimhle atá údaraithe ag rialtas atá i gceist, sin sceimhle oifigiúil stáit. Bíodh sé fógartha go poiblí, nó tugtha le fios fá choim le nod don eolach. Ar nós an sceimhle a cheadaigh  Churchill do na Dúchrónaigh agus don Rannóg Auxiliary [póilíní cúnta] den RIC in Éirinn, thuaidh is theas, nuair ba shnámh in aghaidh easa é don sean-RIC an ceann is fearr d’fháil ar threallchogaithe an Choileánaigh.

Ná dearmadaimis gur aithin Dáil Éireann na hÓglaigh mar Arm na Poblachta i mí Eanáir 1919. Dáil agus Rialtas a bhí tofa, údaraithe agus dlisteanaithe ag pobal na hÉireann in Olltoghchán 1918. D’fhéadfá an cás a dhéanamh, ar a cheann sin, go mba sceimhle oifigiúil stáit a d’fhear Óglaigh na hÉireann ina bhfeachtas cogaíochta in aghaidh réimeas míleata agus sibhialta na Breataine in Éirinn as sin amach.

Mar a dúirt Tom Barry le Brian Farrell ar an gclár 7 Days i 1966, ‘They went down into the gutter, and down there too we had to go after them.’

Agus cérbh é an ‘sceimhle-meister’ a d’údaraigh, a d’eagraigh, a d’ordaigh, a stiúraigh agus a mhaoinigh an fiontar sceimhle seo le foinse leanúnach airgid? Cé eile ach an ‘státaire’ atá anois ina pheata ag Micheál Martin, is cosúil.

An rud a deir siad i mBéarla faoin lacha, bhuel, is fíor faoin sceimhlitheoir chomh maith céanna é. Tá a fhios agaibh an seanrá – ‘más iompar lachan atá aici…’

Ach ní ag Micheál Martin atá an fhadhb seo dáiríre, ach ag Fine Gael. Tá Dia Mór agus Naomh araon déanta den gCoileánach ag Fine Gael ó chianaibh. Is iad is mó a bhaineann leas bolscaireachta as an mbás truamhéalach a fuair príomhshaighdiúir na hÉireann ar an 22 Lúnasa 1922, an fód á sheasamh aige ar bhóthar garbh in iargúil Ghleann na Ruaige Thoir, i bparóiste Chill Mhuire, i mbarúntacht Mhúscraí Thiar. 

San áit sceirdiúil leis an ainm álainn nach réitíonn, a bheag nó a mhór, lenar tharla ann an lá sin – Béal na Bláth.

Ní deirim nár iompaigh an Coileánach amach ina státaire sa deireadh thiar agus an Conradh á aontú ag an toscaireacht thall faoi bhrú millteach ó Lloyd George agus Birkenhead. Ach, bímis macánta linn féin.  Níorbh í an taidhleoireacht an chloch ba mhó ar phaidrín an Choileánaigh, ná baol air.

Beidh sé suimiúil féachaint conas mar a chaitheann lucht oifigiúil na gcomórthaí le hoidhreacht Mhichíl Uí Choileáin ar ócáid chomórtha a bháis.

Maidir liom féin agus Micheál Martin – ní bheidh mé ar bior ag fanacht le glaoch uaidh go gairid chun tríréad a dhéanamh den dís scannán sin agus  ‘Lá Dár Saol, Taoiseach Éireann’ a dhéanamh leis sula dtagann Leo i gcomharbacht air ar an 15ú Nollag 2022.

‘Mair, a chapall’, mar a deir an seanfhocal…….

Fág freagra ar 'Bímis macánta agus ná géillimis do Michael Collins díghalraithe Fhine Gael'

  • alan titley

    Sárphíosa, mar is dual. Agus gan dearmad a dhéanamh go raibh an buachaill bán breá sásta tacú le foréigean sna sé chontaetha tar éis an tsosa chogaigh…go neamhoifigiúil, nod, nod, tá’s agat féin, ná habair faic. Bhíodh geamaireacht Bhéal na Bláth ina cheap magaidh ar feadh na mblianta, agus cainteoir i ndiaidh cainteora ag áiteamh agus ag mionnú gurbh fhear síochána amach is amach é an Coileánach!

  • Seán Ó Donnchaidh

    Tagann an athbheithniúcas i ndiaidh gach cogadh is dócha. Féach ar Churchill féin a luaigh Pat. Laoch pobal na Breataine ab ea é ón 10ú Bealtaine 1940 go deireadh an dara chogadh domhanda. Ach cuirtear ar leataobh é ansin nuair a bhuaigh an Lucht Oibre an Olltoghchán i 1945. Bhí an Cogadh thart, bhí Hitler marbh agus bhí gach duine ag súil le saol nua agus Stáit an Leasa Shóisialaigh ag teacht. An rud chéanna maidir le Air Chief Marshal Arthur “Bomber” Harris a bhí in a cheannaire ar Bomber Command – na laethanta seo tá daoine fiú amháin sa Bhreatain ag caint faoi mar sceimhlitheoir freisin (maidir le Dresden mar shampla) agus gur cheart an dealbh i Londain a thógáil síos. Na fir atá aon náisiún ag brath orthu in am an ghá, de réir dealraimh, níl fáilte rompu in am na síochána – tá inniúlachtaí eile ag teastáil ansin.

  • An Teanga Bheo

    Tubaiste ceart a bhás ar an 22 08 1922 beannacht Dé leat is le Dia thú