Níl an bille chun toghchán bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i measc an 27 píosa reachtaíochta a bhfuil ‘tosaíocht’ á tabhairt ag an Rialtas dá bhfoilsiú i mbliana.
Tá práinn ag baint le foilsiú bhille an Údaráis ó tharla go bhfuil beartaithe ag an Rialtas an toghchán a rith in éineacht leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha an bhliain seo chugainn.
Ach de réir ‘Clár Reachtaíochta an Rialtais – Seisiún an Fhómhair 2023’, a liostálann na píosaí reachtaíochta a bhfuil tús áite á thabhairt ag an rialtas dóibh idir seo agus an Nollaig, níl bille leasaithe Údarás na Gaeltachta i measc na mbillí a bheidh á bhfoilsiú.
Is ar liosta na mbillí a bhfuil tosaíocht á tabhairt dá ndréachtú atá bille an Údaráis. Murab ionann agus formhór na mbillí ar an liosta sin tá an réamhscrúdú reachtaíochta déanta cheana ar bhille an Údaráis.
Cé nach bhfuil sé ar liosta na mbillí a bhfuil tús áite á thabhairt dóibh i mbliana, dúirt urlabhraí ó Roinn an Taoisigh le Tuairisc gur “tosaíocht i gcónaí” acu é bille leasaithe an Údaráis.
“Is cinnte go bhféadfadh go bhfoilseofaí an Bille roimh an Nollaig, ach an obair dhréachtaithe a bheith curtha i gcrích,” a dúirt an t-urlabhraí.
Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go gcaithfí an reachtaíocht a fhoilsiú roimh an Nollaig le go bhféadfaí ullmhú le haghaidh an toghcháin.
“Níor chóir go mbeadh aon mhoill air seo. Ba chóir go mbeadh an Bille foilsithe roimh an Nollaig agus go mbeadh a fhios ag iarrthóirí agus an pobal i gcoitinne in am maidir le cad atá i gceist ionas go mbeidh siad in ann ullmhú don toghchán tábhachtach seo.
“Teastaíonn soiléiriú ón Rialtas go mbeidh an bille foilsithe agus díospóireacht ann sa Dáil faoi roimh Nollaig,” a dúirt an Teachta Dála Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Choiste Oireachtais na Gaeilge, a rinne réamhscrúdú ar an mbille.
Mí Iúil seo caite a d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go mbeadh toghchán do bhord an Údaráis á reáchtáil i mí an Mheithimh.
Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin ina dhiaidh sin go raibh reáchtáil an toghcháin ag brath ar “an reachtaíocht chuí a bheith achtaithe”.
Cuireadh deireadh le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.
Meastar go gcosnóidh an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta thart ar €600,000 ar fad.
Bord 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr ball a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.
Tá sé deimhnithe ag Aire na Gaeltachta go mbeidh an liúntas céanna á fháil ag na baill tofa agus na baill roghnaithe.
Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.
Caithfidh Gaeilge a bheith ag gach comhalta boird agus beidh ar gach iarrthóir toghcháin caighdeán B2 ar a laghad a bheith acu sa Ghaeilge sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha [TEG].
Aire na Gaeltachta a roghnóidh Cathaoirleach an Bhoird. Roimhe seo, baill roghnaithe a cheaptaí ina gCathaoirleach ach beidh cead ag baill tofa anois a bheith sa ról sin.
Mícheál Ó Flaithearta
Agus leanann an útamáil ar aghaidh! Ní chuirfeadh sé a dhath iontais orm mura bhfeicfeadh an bille seo solas an lae go deo. Beidh toghchán ann má bhíonn…
Pól Ó Braoin
Ceann de na fáthanna a bhfuil mé féin agus neart daoine eile ag iarraidh Sinn Féin sa rialtas. Ní airím gaelach níos mó; is eorpach mé agus tá an rialtas sa mBruiséil, sna Státaí, i Sasana agus is é an rud is lú ar an bpaidrín ná cúrsaí Gaeltachta. Níl fiú aire Gaeltachta ná aire Gaeilge againn agus an scata úd i gceannas ar an tír.