Bhulf Tón ina gcuraidh arís sa Chraobh Shinsir agus mná na gConallach caithréimeach ag an gComórtas

Bhulf Tón na Mí, Cill Chomáin ó Mhaigh Eo agus An Tearman agus An Clochán Liath ó Dhún na nGall a thug leo na coirn ar lá na gcluichí ceannais ag Comórtas Peile na Gaeltachta sna Méilte

Bhulf Tón ina gcuraidh arís sa Chraobh Shinsir agus mná na gConallach caithréimeach ag an gComórtas

Bhulf Tón, Seaimpíní na Sinsear, Comórtas Peile na Gaeltachta 2023. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Cúig bliana ó bhuaigh siad Craobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta den chéad uair riamh sna Dúnaibh, tá fir Bhulf Tón ag dul ar ais chun na Mí arís agus Corn an Aire ina seilbh acu tar éis dóibh Naomh Conaill a shárú sa chluiche ceannais tráthnóna inné – 2-7 in aghaidh 0-12.

Ní raibh ach aon phointe amháin idir na foirne théis coimhlint ghéar, chrua a chuaigh go dtí am breise. I gcluiche inar loit an tsíorphasáil anonn agus anall an imirt, dhá chic fada isteach i dtreo na cearnóige a shocraigh an toradh nuair a bhí ceann den scata fathach atá ag Bhulf Tón, Fiachra Ward, san áit cheart chun dhá chúl cinniúnach a aimsiú, ceann ag tús an chluiche agus ceann eile sa chéad leath d’am breise.

Cé gur thóg sé tamall fada orthu Naomh Conaill a chur de dhroim seoil, ní fhéadfá a rá nach raibh an bua tuillte ag Bhulf Tón. Ba sa chéad leath d’am breise a chuaigh na Conallaigh chun tosaigh den chéad uair agus theip orthu deiseanna a chruthú d’Eoghan McGettigan, cé go raibh baint mhór leis sin ag an obair a rinne Conor Sheppard chun srian a chur ar an tosaí.

É sin ráite, scóráil lántosach Naomh Conaill cúpla scór gleoite sa chéad leath chun a fhoireann a thabhairt ar ais sa choimhlint tar éis d’Fhiachra Ward an chéad chúl a scóráil díreach ceithre nóiméad isteach san imirt. D’fhág trí cinn de chiceanna saora óna dheartháir, Caolán, go raibh Bhulf Tón 1-3 in aghaidh 0-4 chun tosaigh ag leath ama.

Casann Fiachra Ward tar éis dó a chéad chúl a fháíl luath sa chluiche ceannais in aghaidh Naomh Conaill. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Bhí Naomh Conaill ar ais ar comhscór taobh istigh d’ocht nóiméad sa dara leath, áfach, a bhuíochas do McGettigan ó chic saor, agus sár-iarracht eile ó Ethan O’Donnell.

Bhí an imirt leamh go maith idir sin agus deireadh na huaire, áfach. D’aimsigh Daniel O’Neill sár-scór ón gcliathán chun Bhulf Tón a chur chun tosaigh arís ach chinntigh an t-imreoir idirchontae Jeaic Mac Ceallabhuí a tugadh isteach sa dara leath, go mbeadh am breise ag teastáil nuair a fuair sé scór maith agus ceithre nóiméad fágtha.

D’fhág cic saor eile ó McGettigan agus pointe ó John O’Malley go raibh cumann na nGleanntach imithe dhá phointe chun tosaigh ag tús na tréimhse breise ach chuir Fiachra Ward dorn le pas mór fada a cuireadh isteach ina threo théis 66 nóiméad chun Bhulf Tón a chur chun cinn arís, 2-4 in aghaidh 0-9.

Ar ais ansin le Naomh Conaill, a bhí sa tóir ar a dtríú Craobh Shinsir ag Comórtas Peile na Gaeltachta, agus d’aimsigh Brendan McDyer agus John O’Malley pointí chun na Conallaigh a chur pointe chun tosaigh. Ach thug Bhulf Tón rúid díreach nuair a bhí sí ag teastáil. Fuair Gary McFadden, Alan Lynam agus Seán Penny trí phointe as a chéile ón 74ú nóiméad ar aghaidh chun fir na Mí a chur cúpla pointe chun tosaigh agus cé gur laghdaigh Brendan McDyer an bhearna agus an t-am caite, ní raibh Naomh Conaill an comhscór a bhaint amach uair amháin eile.

Captaein Bhulf Tón, Seán Glynn agus Brughach Ó Fionnagáin tar éis dóíbh Corn an Aire a fháil. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Ní raibh ach bearna bheag freisin idir Cill Chomáin agus Gaoth Dobhair i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir na bhFear ach cluiche i bhfad níos taitneamhaí a bhí ann don slua a bhí i láthair sna Méilte. Tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailliúint anuraidh, bhí Cill Chomáin Mhaigh Eo ag ceiliúradh an uair seo agus an lá tugtha leo ar scór 0-14 in aghaidh 1-8.

Ba mhór an teip a bheadh ann mura mbeadh an cluiche buaite ag Cill Chomáin i ndáiríre agus ceithre nó cúig cinn de sheansanna iontacha acu ar chúil nár thóg siad. Meascán de chosaint mhaith uaireanta agus droch-iarrachtaí uaireanta eile ba chúis leis sin.

Seans go raibh lucht tacaíochta Ghaoth Dobhair a rinne an turas gearr chomh fada leis na Méilte muiníneach go  mbainfeadh siad an chraobh nuair a chuaigh foireann Mhachaire Gathlán 0-3 in aghaidh 0-1 chun tosaigh taobh istigh de shé nóiméad ach thosaigh Cill Chomáin ag aimsiú na sprice ina dhiaidh sin agus iad spreagtha ag an mbeirt a bhí lár páirce acu, Darragh Ó Murchú agus Joe Mason, a bhí ar fheabhas don chluiche uile.

Kevin Cassidy imithe in airde do Ghaoth Dobhair agus seilbh buaite aige ar an liathróid. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

D’fhág scóranna ón mbeirt agus péire eile ó Dhaithí Mac an tSiúil go raibh Cill Chomáin 0-6 in aghaidh 0-4 chun tosaigh ag leath ama ach tugadh ugach do Ghaoth Dobhair ag tús an dara leath nuair a chruthaigh Kevin Cassidy cúl do Chian Mac an tSaoi. Nuair a d’aimsigh Cathal Mac Giolla Easpuig a dara pointe den chluiche théis 42 nóiméad, bhí Gaoth Dobhair 1-7 in aghaidh 0-8 chun cinn ach bhreathnaigh sé ina dhiaidh sin go raibh siad beagáinín traochta ag an deireadh seachtaine fada agus iad ag imirt a gceathrú chluiche i gceithre lá.

Fuair Mark Tighe agus Lorcan Mason pointí chun an scór a chothromú agus, cé go raibh sé ciúin go maith san imirt roimhe sin, fuair Derek Moran péire eile chun Cill Chomáin a chur chun tosaigh. Fuair Cathal Mac Giolla Easpuig ceann eile do Ghaoth Dobhair agus cúig nóiméad fágtha ach chríochnaigh Cill Chomáin níos láidre agus chinntigh Jason Ó Muirthile agus Kian Gallagher an bua.

Imreoirí Chill Chomáin ag ceiliúradh a mbua ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Cluichí thar a bheith aontaobhach a bhí i gcluichí ceannais na mban. Thug An Tearmann greadadh do Mhaigh Cuilinn agus bhí bua bog ag An Clochán Liath ar Chill Chomáin chomh maith.

Bhí an choimhlint idir an Tearmann agus Maigh Cuilinn i gCraobh na Sinsear thart chomh luath leis an seachtú nóiméad, nuair a d’aimsigh Ciara McGarvey cúl chun na Conallaigh a chur 2-3 in aghaidh 0-1 chun tosaigh. B’fhiú fanacht ag breathnú ar an imirt, áfach, chun an sárthaispeántas a thug an Tearmann a fheiceáil. Bhí McGarvey, Roisín McCafferty, Shannon McLaughlin, Nicole McLaughlin agus Róisín Ní Riain uile ar fheabhas don Tearmann ach, mar a bhí ar an Domhnach, bhí an gaiscíoch Geraldine McLaughlin ar leibhéal eile ar fad.

Geraldine McLaughlin, An Tearmann, ag imeacht ar ruathar. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

D’aimsigh an lántosach cúil sa 13ú, 14ú, 15ú agus 24ú nóiméid agus níor stop sí ag cruthú deiseanna ó thús go deireadh. Ní fhéadfaí ach trua a bheith agat do Mhaigh Cuilinn, a bhí gan roinnt mhaith imreoirí an deireadh seachtaine seo, ach is beag foireann sa tír a bheadh in ann ag an Tearmann agus iad faoi lán seoil.

Foireann an Tearmainn a bhuaigh ar Mhaigh Cuilinn sa gCraobh Shinsir. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Taispeántas cumasach eile a thug an Clochán Liath i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir na mBan agus an ceann is fearr faighte acu ar Mhicheál Breathnach. Bhí bearna dhosháraithe cruthaithe ag an gClochán Liath laistigh de chúig nóiméad agus 2-4 aimsithe acu.

Katie Wallace agus Saskia Boyle a d’aimsigh na cúil dóibh agus cé gur shocraigh na Breathnaigh, a bhuaigh an comórtas seo anuraidh, isteach sa chluiche sna deich nóiméad ina dhiaidh sin, chuir an Clochán Liath críoch an-mhaith leis an leath le hocht gcinn de na naoi bpointe deireanacha sa leath.

Bhí Saskia agus Ulitah Boyle, beirt de cheathrar iníonacha leis an mbainisteoir, Tony Boyle, ar fheabhas agus chruthaigh siad cúl an duine dá chéile sa dara leath. Bhí Rhianna McCready, Katie Wallace agus Ava Caulfield i measc na sárimreoirí eile a bhí ag an gClochán Liath agus an corn tugtha an bóthar abhaile leo acu.

An Clochán Liath ag ceiliúradh a mbua in aghaidh Mhicheál Breathnach i gCaobh Shinsir na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pic Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Fág freagra ar 'Bhulf Tón ina gcuraidh arís sa Chraobh Shinsir agus mná na gConallach caithréimeach ag an gComórtas'