‘Bhraitheas an Ghaelainn agus an Ghaeltacht i gcluiche ceannais na hÉireann’ 

Is cuimhin le hAodhán Mac Gearailt ‘cúpla focal crua’ á labhairt i nGaeilge idir Darragh Ó Sé agus Seán Ó Domhnaill i bPáirc an Chrócaigh I gcluiche ina raibh scata fear Gaeltachta ag imirt

‘Bhraitheas an Ghaelainn agus an Ghaeltacht i gcluiche ceannais na hÉireann’ 

Beidh tionchar nach beag ag imreoirí ó chumainn Ghaeltachta ar chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh beag seo nuair a thabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Chiarraí.

Ceathrar atá ar fhoireann na Ríochta – Tom O’Sullivan agus Paul Geaney an Daingin, Brian Ó Beaglaoich ón nGaeltacht agus Graham O’Sullivan ó Phiarsaigh na Dromoda. Gaeilgeoir as Maigh Cuilinn é captaen na Gaillimhe, Seán Kelly, agus tá cúigear eile as Maigh Cuilinn, Bearna agus as an Spidéal i measc na n-ionadaithe.

D’fhéadfadh go mbeadh Geaney agus Kelly ag marcáil a chéile os comhair chúl na Gaillimhe i bPáirc an Chrócaigh ach is beag seans go mbeidh siad ag caitheamh sáiteán lena chéile as Gaeilge, mar a bhí an uair dheireanach ar thug Gaillimh agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann.

Ceathrar ó chumann na Gaeltachta a bhí ag imirt do Chiarraí an lá sin – Dara Ó Cinnéide, Aodhán Mac Gearailt agus deartháireacha Uí Shé, Darragh agus Tomás. Páidí Ó Sé Ard an Bhóthair i gceannas orthu, ar ndóigh. Seán Óg de Paor agus Seán Ó Domhnaill na Ceathrún Rua a bhí á marcáil ag Mac Gearailt agus Darragh Ó Sé agus is cuimhin leis an nGearaltach an bheirt i lár na páirce ag priocadh ar a chéile ina dteanga dhúchais. 

“Ní raibh a fhios agam go dtí an lá san gur ann do sledging,” a deir sé ag gáire. Tá cáil an rógaire ar an mbeirt fhathach, áfach, agus deir Mac Gearailt gur léir go rabhadar ag baint taitneamh as an gcabaireacht.

“Is cuimhin liom go rabhadar ag labhairt i nGaelainn lena chéile agus bhí cúpla focal crua acu lena chéile. An rud a thaitin liomsa, bhí roinnt gáire ann chomh maith. Fear seoigh é Seán ach déarfaidh sé amach go díreach leat é. Dúirt sé cúpla rud le Darragh nár thaitin leis ach a chuir ag gáire é.”

Ciarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2000 tar éis dóibh Gaillimh a bhualadh faoi dheireadh in athimirt. Ba é sin an chéad cheann a bhuaigh Mac Gearailt le Ciarraí, gan é ach 21 bliain d’aois, agus deir sé gur chuir an nasc sin leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht leis an ócáid.

Seán Óg de Paor agus Aodhán Mac Gearailt. Pic: INPHO/Billy Stickland

“An rud a sheas amach domsa ná, bhraitheas an Ghaelainn agus an Ghaeltacht i gcluiche ceannais na hÉireann. Nílim díreach á rá san toisc go bhfuil agallmh á dhéanamh againn i nGaelainn. Bhraitheas é. Mar leaid óg a tógadh sa Ghaeltacht, ag imirt caide le Gaelainn, bhí sé ana-dheas a bheith amuigh i gcluiche ceannais na hÉireann i mbun cumarsáide trí Ghaelainn, leis an mbainisteoir, le Tomás, le Darragh agus Dara, le Seán Óg, le Seán Ó Domhnaill. 

“Bhí sé difriúil. Níor tharla sé go raibh an oiread tionchair ag leaideanna Gaeltachta ar aon chraobh ó shin. Bhraitheas go raibh sé sin deas ar shlí.”

Más ag ceiliúradh a bhí Mac Gearailt go raibh an oiread sin imreoirí óna chumann féin páirteach sa bhua, cnámh spairne a bhí ann don bhainisteoir go minic, a deir sé. Idir an ceathrar a bhí ag imirt, agus dearthár Aodháin, Rob, a bhíodh ag traenáil le Ciarraí in 2000, bhí buíon nach beag ann ó Iarthar Duibhneach, rud nach raibh gach duine sásta leis, a deir Mac Gearailt.

“Bhíodh scata againn sa chairt i dteannta a chéile ag dul ag traenáil nó ag dul go dtí na cluichí. An jóc a bhíodh ag Páidí ná, ‘Jesus Christ lads, I’m under enough pressure as it is, scaip amach beagáinín’. Thuigeamar go raibh brú ar Pháidí, bhíodh sé ag fáil na nglaochanna sa chairt. Thuigfeá go raibh brú air toisc go raibh ceathrar ón nGaeltacht ar an bhfoireann agus, cuimhnigh, ní raibh craobh chontae buaite againn fós.”

Bhí a n-áit ar an bhfoireann tuillte go maith ag an gceathrar ach rinne siad iarracht ar leith chun a chinntiú nach mbeadh aon argóint ann faoi.

“Bhíomar ag luí amach orainn féinig, do Pháidí níos mó ná aon duine eile ar shlí, mar thuigeamar an brú a bhí air.”

Bhí Mac Gearailt agus Tomás Ó Sé ar bheirt de scata ógánach a thug Páidí isteach ar an bhfoireann i 1999 tar éis dóibh Craobh Faoi 21 na hÉireann a bhuachan an bhliain roimhe sin agus, cé gur chlis orthu in aghaidh Chorcaí i gcluiche ceannais na Mumhan an bhliain sin, thosaigh cúrsaí ag dul i bhfeabhas i mbliain na mílaoise.

“2000 ansan, chífeá go raibh an fás agus an fhorbairt tagtha ar na leaids óga,” a deir Mac Gearailt. “Bhí cothromaíocht níos fearr ann. Bhí an fuinneamh agus an luas againn ach bhí cúpla sean-warrior caite isteach ann chomh maith. Thugadar san an-chomhairle dúinn. Sé Séamus Moynihan an captaen a bhí againn agus raghfá tríd an mballa do Shéamus. Bhí sé dochreidte mar dhuine agus mar imreoir. An tslí a labhair sé, an chomhairle a thug sé dúinn.”

Tugadh léargas maith ar an dul chun cinn a bhí á dhéanamh ag Ciarraí freisin i roinnt cluichí dúshláin a imríodh in aghaidh na Gaillimhe i gcaitheamh an tséasúir sin.

“D’imríomar in aghaidh na Gaillimhe cúpla babhta thuas i gColáiste Mhuire Gan Smál i gcluichí dúshláin. Bhíodh na bearnaí móra seo ann idir cluichí, deich seachtainí b’fhéidir, agus bheadh dhá nó trí chluiche againn in aghaidh na Gaillimhe. Bhí a fhios ag Páidí céard a bhí sé a dhéanamh.

“Bhí foireann an-mhaith ag an nGaillimh ag an am – Donnellan, Joyce, Savage, de Paor, Meehan. Bhíodar go maith. Fuaireamar stánáil cúpla babhta ina gcoinne ach, de réir a chéile, bhíomar ag fáil níos cóngaraí agus níos cóngaraí.” 

Deir Mac Gearailt go raibh babhtaí leathcheannais na hÉireann, nuair a bhuaigh Ciarraí ar Ard Mhacha tar éis athimeartha, cinniúnach i mbua na Ríochta i gCraobh na hÉireann.

“De réir mar a chuaigh an chraobh ar aghaidh, bhíomar ag dul i dtaithí ar rudaí agus, is dócha, an dá chluiche sin in aghaidh Ard Mhacha a thug chun cinn sinn. Mura mbeadh na cluichí sin againn, bheadh buaite ag an nGaillimh orainn, gan dabht.

“Fiú amháin, mé féinig, tógadh amach mé san athimirt agus ansan chuaigh an cluiche go dtí am breise. Fuair Dara Ó Cinnéide crampaí, bhí sé ag marcáil Kieran McGeeney. Chas Páidí chugam agus díreach dúirt sé ‘Aodhán. McGeeney’, agus bhíothas istigh arís don am breise.”

Sa chluiche ceannais, chuir Ciarraí tús iontach leis an gcluiche agus bhí siad seacht bpointe chun tosaigh ag tráth amháin sa dara leath. Tháinig Gaillimh, seaimpíní na hÉireann i 1998, ar ais go láidir, áfach agus deir Mac Gearailt gur cheart go mbeadh an cluiche buaite acu. Cuireadh cúpla deis amú i dtreo dheireadh na himeartha agus measann an Ciarraíoch go mbeadh an choimhlint tugtha leo ag Gaillimh dá mbeadh Ja Fallon, a bhí gortaithe i gcaitheamh na bliana, ar fáil do Ghaillimh.

Idir an chéad chluiche agus an athimirt, chuaigh Mac Gearailt i gcomhairle le buíon Chorca Dhuibhne arís, go háirithe le Tomás Ó Sé, a bhí ag imirt ar an gcliathán céanna leis.

“Bhíomar ag labhairt faoin ról a bhí ag Seán Óg agus Declan Meehan sa chéad chluiche agus conas iadsan a mhoilliú síos beagáinín.

“D’aithníomar go raibh buntáiste mór san aer againn agus rud nár dheineamar sa chéad chluiche, b’fhéidir, ná ionsaí a dhéanamh ar gach uile chic amach. Bhí ról saghas difriúil agamsa [san athimirt], bhíothas ag dul in airde do na ciceanna amach agus ag léim mar a bheadh fear lár páirce. B’fhéidir sa chéad chluiche go rabhthas ag coimeád an iomarca súil ar Sheán Óg, rud a bhain ó mo chluiche féinig.”

Trí phointe a d’aimsigh an Gearaltach san athimirt tar éis dó a bheith coinnithe gan scór sa chéad chluiche agus bhí bua cumasach go maith, 0-17 in aghaidh 0-10, bainte amach ag Ciarraí.

Deir sé go ndearnadh ceiliúradh maith gach áit nuair a tugadh Corn Mhig Uidhir ar ais chun na Ríochta ach gur rud speisialta a bhí ann é a thabhairt siar abhaile aimsir na Nollag.

“Dheineamar go ciúin é. Bhí an ‘ceanastar’ linn sa Ghaeltacht ar feadh tréimhse. Bhí mo bheirt seanmháthar beo ag an am agus cuimhním dul isteach go dtí an bheirt acu leis an gcorn. Níor cheapadar riamh go mbeinnse ag tabhairt an choirn isteach chucu agus Rob liom. Bhí sé ana-dheas. Bhí Dara ann, tháinig Tomás linn. Chuamar timpeall go dtí na seandaoine, na tithe tábhairne, ag bualadh le daoine. Bhí sé go diail ar fad.”

Deir Mac Gearailt go raibh ceiliúradh fós á dhéanamh mí Eanáir agus mí Feabhra 2001, rud nár chabhraigh le hiarrachtaí Chiarraí an chraobh a bhuachan arís agus bhuail an Mhí greadadh orthu sa chluiche ceannais.

D’fhág sin go raibh Ciarraí “scafa chuige” in 2002, a deir Mac Gearailt.

“Bhíomar ag imirt caid mhaith in 2002, níos fearr ná mar a bhíomar in 2000, níl aon dabht ina leith sin. Bhí brú níos mó sa phainéal. Bhriseas cnámh i mo lámh agus chailleas m’áit. Bhraitheas go rabhas ag imirt an-mhaith ag tús na bliana.”

Bhí Mac Gearailt fós i measc na n-ionadaithe nuair a chas Ciarraí ar Ghaillimh i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann. Ba iad Gaillimh curaidh na hÉireann ag an am ach ní raibh siad in ann ag Ciarraí an babhta seo.

“Thána isteach mar ionadaí i lár na páirce, rugas ar chúpla caid mhaith, dheineas ruathar maith, fuaireas báide, fuaireas pointe an-mhaith, chuireas ceann amháin ar strae. Tar éis an cluiche, bhí a fhios agam go raibh brú fós orm,” a deir Mac Gearailt agus níor thosaigh sé sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chorcaí ná in aghaidh Ard Mhacha sa chluiche ceannais.

Aodhán Mac Gearailt agus Matthew Clancy. Pic: INPHO/Tom Honan

In ainneoin cé chomh maith agus a bhí Ciarraí ag imirt an bhliain sin, tháinig Ard Mhacha aniar aduaidh orthu sa chluiche ceannais agus deir Mac Gearailt go bhfuil ceacht ann d’fhoireann Chiarraí faoi láthair.

“D’fhéadfadh sé tarlú Dé Domhnaigh seo chugainn. Casann rudaí ana-thapa. Fuair Ard Mhacha báide agus chas an cluiche san ana-thapa,” a deir sé.

“Más féidir le Jack O’Connor aon chomparáid a úsáid, ba cheart dó an ceann san a úsáid ag teacht suas go dtí Dé Domhnaigh mar níl faic cinnte sa tsaol. Caithfidh tú imirt ar feadh 70, 75 nóiméad chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan. D’imríomar ar feadh 65 nóiméad.”

Cheap Mac Gearailt go raibh cuma neirbhíseach ar Chiarraí sa dara leath in aghaidh Átha Cliath agus tá sé den tuairim go bhfuil cur chuige eile ag teastáil.

“Fiú amháin, anailís an linbh a bhí suite taobh liom, ‘Canathaobh nach scaoileann siad an chaid isteach go dtí Clifford?’ B’in a dúirt mo mhac liom. Thiocfainn leis. Bheadh comhartha ceiste ann fós faoi chaideanna arda isteach i dtreo líne lánchúil na Gaillimhe.”

Deir Mac Gearailt go bhfuil seans ag Gaillimh má imríonn na himreoirí mór le rá, leithéidí Shane Walsh, Damien Comer agus Paul Conroy, go maith ach gur cheart go mbeadh an bua ag Ciarraí.

“Ní haon mhionúirí iad a thuilleadh, níl an leithscéal sin ann,” ar sé. “Tá taithí acu agus ba cheart go mbeadh an t-ocras orthu.”

Pictiúr: INPHO/Andrew Paton

Fág freagra ar '‘Bhraitheas an Ghaelainn agus an Ghaeltacht i gcluiche ceannais na hÉireann’ '