Bhíodh cosc ar laoch cruicéid na hAlban Gàidhlig a labhairt ar pháirc na himeartha

Ba é Calum MacLeod laoch na hAlban nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Shasana Dé Domhnaigh, ach bhíodh cosc air a theanga féin a labhairt agus é ag imirt lena chlub ina óige

Bhíodh cosc ar laoch cruicéid na hAlban Gàidhlig a labhairt ar pháirc na himeartha

Ba é Calum MacLeod laoch na hAlban Dé Domhnaigh agus nuair a bhuail siad Sasana den chéad uair riamh i gcluiche cruicéid. Scóráil MacLeod 140 d’Albain Dé Domhnaigh nuair a chloígh siad na Sasanaigh i nDún Éideann.

Ní bhíodh lucht cruicéid na hAlban i gcónaí chomh ceanúil céanna ar MacLeod, áfach. Is cainteoir líofa Gàidhlig é, arb as Inse Ghall Amuigh a mhuintir, agus tharraing labhairt na teanga trioblóid air ar pháirc na himeartha.

A dheartháir, Allan, craoltóir le BBC Alba, a d’inis an scéal an tseachtain seo faoi an gcosc a chuirtí ar mhuintir MacLeod Gàidhlig a labhairt agus iad ag imirt faoi aois le cumann Drumpellier.

“Bhíodh mise ag gabháil an gheaitín agus bhíodh Calum ag babhláil agus bhíodh sé úsáideach labhairt as Gàidhlig chun teaicticí a phlé,” a mhínigh Allan.

“Ach bhí maor áirithe ann nár thaitin sé seo leis agus dúirt sé linn gan a bheith ag labhairt ach i mBéarla amháin.”

Dar leis an maor sin, bhí sé míchothrom agus mímhúinte go mbeadh an bheirt ag labhairt i nGàidhlig nuair nach raibh a gcuid comhghleacaithe ná a gcéilí comhraic in ann iad a thuiscint.

Tá MacLeod ar dhuine de na himreoirí cruicéid is fearr a d’imir d’Albain. Cé gurb é is mó a chinntigh an bua in aghaidh Shasana Dé Domhnaigh, d’imir sé féin do Shasana in aghaidh na hAstráile sna Ashes in 2009, an t-aon chainteoir Gàidhlig riamh a d’imir sa tsraith stairiúil sin.

Imreoidh Albain i gcoinne na hÉireann i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bhíodh cosc ar laoch cruicéid na hAlban Gàidhlig a labhairt ar pháirc na himeartha'

  • Áine

    Tá sé suimiúil nach bhfuil aon trácht sna meáin Ghaeilge ,,,más fíor an méid a chuala mé faoi chomórtas Peile na Gaeltachta 2018… gur ordaigh réiteoir i gcluiche le linn Chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta d’imreoirí stopadh ag labhairt i nGaeilge nó go mbeadh cárta buí le fáil acu mar nach raibh ar a chumas féin iad a thuiscint…’speak to me in my own language’ a dúradh liom a dúradh leo………. (ní raibh mé féin ann ach caithfidh mé a rá go raibh mé coipthe nuair a chuala mé é agus níos coipthe fós gur glacadh leis an iompar go mbeadh réiteoirí/fir líne ag déanamh a gnó (íoctha leis) ag Comórtas Náisiúnta Gaeltachta agus gan iad sásta an teanga a úsáid agus níos measa fós ag ordú d’imreoirí labhairt leo ina theanga féin…… is ait an mac é an saol agus daoine ag duine iontais ‘go bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis’…..cur an gcéill arís agus arís eile

  • Des O Murchu

    Gan aon leithsceal foirne Eireann Gaeilge a labhairt! Ni I Sasana ata siad ag imirt!

  • Deisceart An Dúin

    ‘Dar leis an maor, bhí sé míchothrom agus mímhúinte labhairt i nGàidhlig.’ Cad a shílfeadh an maor sin dá mbeadh sé i lár an imeartha i gcluiche idirnaisiúnta? An samhlíonn sé nach labhraitear ach Béarla amháin nuair atá an Phacastáin i gcéist sa Chorn Domhanda? Cad faoin India? Stáit difriúla i gcomórtais san Afraic Theas? Aimseoidh daoine áirithe aon leithscéal a thabhairt mar údar lena n-idirdhealú Frith-Ghaeilge….

  • torc

    An focal sin “mímhúinte” a chuireann pip orm.

  • Seán Ó Laocha

    Cuireann sé gruaim orm chun é a léamh!