‘Bhí Siobhán lán trócaire ach níor taispeánadh aon trócaire di féin’ – clár nua faoi dhúnmharú cailín óg Gaeltachta

Craolfar ar TG4 anocht agallamh le Bríd Uí Eidhin, máthair Shiobháin Uí Eidhin, a dúnmharaíodh ar an gCeathrú Rua nach mór 20 bliain ó shin

‘Bhí Siobhán lán trócaire ach níor taispeánadh aon trócaire di féin’ – clár nua faoi dhúnmharú cailín óg Gaeltachta

Sa chlár Tocht na Máthar (TG4) insíonn Bríd Uí Eidhin scéal tragóideach a hiníne a dúnmharaíodh i gConamara beagnach 20 bliain ó shin

Craolfar clár anocht ar TG4 faoi Bhríd Uí Eidhin, máthair Shiobháin Uí Eidhin, an cailín óg Gaeltachta as Leitir Móir i gConamara a dúnmharaíodh go brúidiúil ar an Cheathrú Rua nach mór 20 bliain ó shin.

Sa chlár atá mar chuid den tsraith Tocht na Máthar labhraíonn máthair Shiobháin go geanúil faoina hiníon agus tugann sí cuntas óna croí faoina dúnmharú agus an briseadh croí a lean é.

Bhain dúnmharú Shiobháin Uí Eidhin ar an 6 Nollaig 1998 creathadh mór as daoine agus d’fhág sé pobal Chonamara go mór faoi bhrón.

In 2001 ciontaíodh John McDonagh as an Demesne ar an Cheathrú Rua as dúnmharú an chailín óig 17 bliain d’aois.

Gearradh príosún saoil ar McDonagh, a phléadáil neamhchiontach, as Siobhán Ní Eidhin a dhúnmharú agus gearradh téarma 10 mbliana air as í a éigniú.

Sa chlár Tocht na Máthar a chraolfar anocht ar TG4, labhraíonn Bríd Uí Eidhin faoina hiníon, faoin bhris a bhain lena bás agus faoi mar a ghoilleann sé gach lá dá saol uirthi.

“Tá muid in ann déileáil leis níos fearr anois, ó bhliain go bliain. Is dóigh, mar a deir siad ‘Time is a great healer’. Bíonn tú ag fáil beagán faoisimh de réir mar a bhíonn an t-am ag imeacht. Ní bhíonn an phian chomh mór ach fós tá sé leat agus beidh sé linn go deo,” a deir sí.

Deir Bríd Uí Eidhin gur fhág bás a hiníne cneá nach féidir a leigheas ar an saol.

“Chuir sé mo shaol bunoscionn, ní bheadh mo shaol mar a chéile arís go deo,” a deir sí sa chlár a chraolfar anocht.

Agus í ag cur síos ar a hiníon sa chlár, deir sí gur “cailín ciúin, séimh, an-sásta inti féin” ab ea í.

“Ghoilleadh go leor rudaí uirthi, bhí sé an-éasca í a ghortú,” ar sí.

Insíonn Bríd Uí Eidhin scéal sa chlár faoin luch a tháinig isteach sa chistineach agus ar impigh Siobhán ar a máthair í a scaoileadh amach.

“Bhí sí (Siobhán) imithe síos ar a gogaide agus bhí sí ag breathnú isteach sa dá shúil ar an luch agus dúirt sí ‘Mam, ó mam, tá sí scantraithe’ agus dúirt mé léi ‘bhuel ceart go leor a Shiobhán, scaoilfidh muid amach í agus ní inseoidh muid do dhuine ar bith é’”.

Deir Bríd Ní Eidhin gur “minic” a chuireann sí an trócaire sin a thaispeáin Siobhán le linn a saoil i gcomórtas leis an méid a tharla di.

“Bhí sí féin sa gcás céanna píosa ina dhiaidh sin agus níor taispeánadh aon trócaire di,” a deir sí.

Ag labhairt di ar an chlár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin inné, dúirt Bríd nár chinneadh éasca a bhí ann don teaghlach an clár a dhéanamh.

Dúirt sí gur chinn siad scéal Shiobháin a insint chun í a choinneáil i gcuimhne na ndaoine.

“Ba mhaith linn a bheith ag caint faoi Shiobhán i gcónaí. Is maith linn í a choinneáil i gcuimhne. Mura mbeadh muid ag caint uirthi braithim go mbeadh muid ag déanamh dearmad uirthi. Sin rud nach dtarlódh go deo.

“Chomh maith leis sin, tá glúin óg amuigh ansin a chloiseann rudaí ó am go chéile agus bíonn siad ag cur ceist ar a dtuismitheoirí, bhuel céard go díreach a tharla agus sin údar eile a ndearna muid é,” a dúirt Bríd Hynes. 

 

Fág freagra ar '‘Bhí Siobhán lán trócaire ach níor taispeánadh aon trócaire di féin’ – clár nua faoi dhúnmharú cailín óg Gaeltachta'

  • An Theanga Bheo

    A Cailin álainn is tú fáth mo bhrón agus is brón é nach fheidhir a shéanadh mo bheannacht leat a stór !