Bhí mé ag smaoineamh ar Harry Gregg arís agus mé ag spaisteoireacht ar Bhéal Feirste

Tháinig ár gcolúnaí ar pháipéar taighde a scríobhadh in 2001 faoi Chorn an Domhain 1958 agus an pháirt a ghlac foireann Thuaisceart Éireann ann

Bhí mé ag smaoineamh ar Harry Gregg arís agus mé ag spaisteoireacht ar Bhéal Feirste

Bhíomar le beagán plé a dhéanamh ar bhás Harry Gregg ar phainéal Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite. Ach nuair a tháinig m’iar-chomhghleacaí Garry Mac Donncha ar an aer, ar líne theileafóin, thuig mé gur obair in aisce dúinne a bheadh ann. Rinne Garry, a rugadh i Manchain Shasana é féin, cur síos iontach ar shaol agus ar ghaisce Harry Gregg, iar-imreoir le Manchester United agus foireann sacair Thuaisceart Éireann.

D’inis sé scéala thubaiste München dúinn agus mar a shábháil Harry Gregg daoine as an eitleán a bhí trí thine agus ar tí pléascadh nóiméad ar bith. Labhair Garry chomh maith sin, taithí na mblianta ar thuairisceoireacht agus ar thráchtaireacht spóirt ar ndóigh, nárbh fhiú a bheith ag iarraidh cur leis an méid a dúirt sé.

Bhíos ag smaoineamh ar Harry Gregg arís agus mé ag spaisteoireacht thart i mBéal Feirste an mhaidin tar éis Ghradaim Cheoil TG4. Thug mé suntas do phóstaeir a bhí ag clúdach fuinneoga móra i bhfoirgneamh trasna ó Halla na Cathrach. Laoch sacair eile de chuid Thuaisceart Éireann a bhí ar na póstaeir, George Best agus é i barr a mhaitheasa ag fógairt oscailt óstáin in 2018.

Níor osclaíodh riamh é. George bocht.

Ar aghaidh liom isteach sa mbanc, áit a mb’éigean dom mo chuid seanphunt a athrú go dtí na cinn nua ‘phlaisteacha.’ Shíl mé go dtriáilfinn labhairt le lead óg sa mbanc faoin laoch sacair a bhí díreach básaithe.

‘Is dócha go raibh scamall bróin oraibh faoi bhás Harry Gregg,’ a dúirt mé.

‘Er… chuala mé rud éigin faoi ar an nuacht,’ a deir mo dhuine liom.

‘Ach an raibh go leor cainte faoi thart anseo?’ a d’fhiafraigh mé féin.

‘Bhuel, ní raibh, le fírinne – bhí roinnt faoi ar an nuacht,’ ar seisean arís.

Harry bocht. Mhair sé rófhada, b’fhéidir.

Insíodh an scéal maidir le tubaiste München ceart go leor agus insíodh go maith é ar an raidió agus ar na meáin eile. Ach bhí go leor scéalta eile faoi Harry gur ghá tochailt a dhéanamh chun teacht orthu.

Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Chuaigh mé féin ag póirseáil thart i seanchomhaid ábhar clár teilifíse sa mbaile. Agus tháinig mé ar pháipéar taighde a scríobhadh in 2001 faoi Chorn an Domhain 1958 agus an pháirt a ghlac foireann Thuaisceart Éireann ann.

Ní raibh sé ach roinnt míonna ó thubaiste aeir München agus bhí Harry Gregg ar fhoireann sacair Thuaisceart Éireann a fuair áit i gCorn an Domhain, a bhí le n-imirt sa tSualainn. Bhí faitíos air taisteal in eitleán agus chuaigh sé i muinín traenacha agus báid le dul ann.

Ní raibh ach 16 fear le dul ann ar aon nós – ní raibh an IFA (Cumann Sacair na hÉireann) in acmhainn íoc as níos mó ná sin. Agus bhí conspóid mhór eile ann – bhí cluichí le n-imirt ar an Domhnach. Bhí an IFA glan ina aghaidh sin, ar bhonn creidimh. Ba bheag nach raibh deireadh leis an aisling sular thosaigh sí i gceart.

Ach thángadar ar shocrú – toisc nach i dTuaisceart Éireann é féin a bhí na cluichí, níor bhain an riail sin leo, a dúirt siad.

Chuaigh foireann Thuaisceart Éireann go mór i gcion ar mhuintir na Sualainne. Bhí ‘fans’ acu chuile áit ar imir siad. Dúradh go raibh thart ar 8,000 leantóir as an tSualainn féin a lean iad fud fad na tíre do na cluichí.

D’imir siad in aghaidh na Seicslóvaice agus bhuadar  1-0. D’imir siad in aghaidh na hAirgintíne agus, ní nach ionadh, chloígh na hAirgintínigh iad, 3-1. 

Measadh go mbeadh cluiche crua acu in aghaidh na Gearmáine Thiar, an dream a raibh an Corn ina seilbh acu. Ach chuir an toradh iontas a dhaoine, comhscór 2-2. ‘Bua Éireannach’, ar ndóigh. D’imir Harry Gregg sa chluiche sin agus a rúitín gortaithe agus shábháil sé iarracht i ndiaidh iarrachta ó na Gearmánaigh.

Uair amháin shábháil sé an pheil lena chloigeann toisc go raibh sé rófhada amach óna eangach. Thit an caipín a bhíodh air dá chloigeann. Tugadh an caipín an áidh sin dó nuair a bhí sé ina phrintíseach i gCúil Raithin agus tharraing sé amach as smionagar an eitleáin i München é.

Faoin am sin, ní raibh ach naonúr Éireannach fágtha nach raibh gortaithe, Harry Gregg é féin ag éagaoineadh gortú rúitín agus é ag dul thart roimh an gcluiche le maide siúil. Deirtear go raibh sé dochloíte mar chúl báire agus go deimhin, fuair sé an gradam don chúl báire ab fhearr ag Corn an Domhain 1958. I gcluiche iomráiteach eile, bhuaigh an fhoireann ar an tSeicslóvaic arís chun áit a fháil sna cluichí ceathrú ceannais, áit ar bhuail an Fhrainc iad.

Dúradh gurbh iad foireann Thuaisceart Éireann a chuir tús leis an nós ‘balla’ a dhéanamh in aghaidh saorchic, cé nach é sin an t-eolas a gheobhaidh tú má chuireann tú na focail ‘wall’ agus ‘Northern Ireland’ isteach sa gcuardach ar an idirlíon. Captaen na foirne, Danny Blanchflower, a chuir tús leis an mballa, fear a bhain cáil amach le Tottenham Hotspur agus iad i mbarr a réime.

Ach ar chuma ar bith, in ainneoin ar tharla do chuid acu in München, agus in ainneoin na ngortuithe go léir, d’éirigh thar cionn leis an bhfoireann nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin.

Agus rud eile faoi fhoireann Thuaisceart Éireann – bhí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh uirthi. Lánúin ó phósadh ‘measctha’ a bhí i dtuismitheoirí Harry Gregg. Ba é an Caitliceach Peter McParland an duine ba mhó a scóráil don fhoireann sa Chorn Domhanda.

Bhí ar a laghad cúigear ón bhfoireann cháiliúil sin beo nuair a scríobhadh an doiciméad a bhí aimsithe agam. Rinne fear as Béal Feirste scannán faoi, as a phóca féin, roinnt blianta ina dhiaidh sin. Ach in 2001 ní raibh oiread agus  craoltóir amháin teilifíse sásta an clár a moladh sa doiciméad taighde, a choimisiúnú.

Aon duine a chuala agallaimh as an gcartlann le Harry Gregg le déanaí, thuigfidís gur sárscéalaí a bhí ann. Bhí cuimhne ghéar aige. Ach ní fear é a rinne gaisce riamh as an méid a rinne sé an lá sin sa sneachta i München.

Cheap sé nach ndearna sé aon ní as an ngnáth.

Ach fear neamhghnách amach is amach ab ea Harry Gregg. Gaiscíoch fir.

Fág freagra ar 'Bhí mé ag smaoineamh ar Harry Gregg arís agus mé ag spaisteoireacht ar Bhéal Feirste'