‘Bhí mé ag iarraidh a bheith in ann a rá ‘tá Gaeilge agam’, gur liomsa í. Go bhfuil sí mar chuid díom’ – Linda Ervine

Inniu an chéad lá den fhéile bhliantúil Seachtain na Gaeilge agus imeachtaí á n-eagrú ar fud na tíre don fhéile a bhfuil an gníomhaí teanga Linda Ervine, agus an peileadóir Michael Darragh MacAuley i measc na n-ambasadóirí aici i mbliana

‘Bhí mé ag iarraidh a bheith in ann a rá ‘tá Gaeilge agam’, gur liomsa í. Go bhfuil sí mar chuid díom’ – Linda Ervine

Tá tús curtha inniu le Seachtain na Gaeilge, an fhéile teanga a bheidh ar siúl go dtí an 17 Márta.

Is iad an gníomhaí teanga as Béal Feirste Linda Ervine, an peileadóir as Baile Átha Cliath Michael Darragh MacAuley, an t-amhránaí as Ráth Chairn, Sibéal Ní Chasaide, agus an láithreoir raidió le 2fm Tracy Clifford ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2019.

Dúirt Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge go bhféadfadh aon duine an Ghaeilge a fhoghlaim má d’éirigh léi féin an beart a dhéanamh.

“Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge ocht mbliana ó shin agus ní raibh focal ar bith agam… Thit mé i ngrá leis an teanga! Mholfainn d’éinne an Ghaeilge a fhoghlaim, más féidir liomsa é a dhéanamh is féidir le duine ar bith!

“Bhí mé ag iarraidh a bheith in ann a rá ‘tá Gaeilge agam’, gur liomsa í. Go bhfuil sí mar chuid díom.”

Beidh seoladh ‘idirnáisiúnta’ ag an bhféile anocht sa London Irish Centre agus beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh ag an gcluiche rugbaí idir Cúige Laighean agus na Cheetahs a bheidh ar siúl sa RDS.

Deirtear gur reáchtáladh os cionn 3,000 imeacht poiblí le linn na féile anuraidh agus táthar ag súil go mbeidh an fhéile níos mó fós i mbliana. 

Fág freagra ar '‘Bhí mé ag iarraidh a bheith in ann a rá ‘tá Gaeilge agam’, gur liomsa í. Go bhfuil sí mar chuid díom’ – Linda Ervine'

  • Cluain Sceach

    Treise libh…

  • Géaróid Mac Proinnsias

    Tá siad ceart agus fíor fá choinne Gaeilig agus na Gaedheal trasna na Gaedhealtachd. Agus is maith liom Líonda mar bhí sí ag foghlaim agus ag obair fá choinne Gaeilig san Oirthear Bhéal Feirste le h-ocht bliadhain anois. Is maith liom na h-ambassadóirí eile mar tá siad ag obair fá choinne Gaeilig anois suas go dtí Lá Féile Pádraig agus ar rith an bliadhna fosta.