Bhí fuar ag aon duine a bhí ag súil le heolas nua ó ‘Cold Case Collins’, ach ba shuimiúil an comhluadar ‘An Buachaill Gealgháireach’ 

Saothar cumasach a bhí i gclár RTÉ faoi Michael Collins ach ní i gcónaí a d’éirigh leis. Idir an dá linn, bhí clár breá ag Theo Dorgan agus TG4 faoi amhrán a chum Breandán Ó Beacháin in ómós an Choileánaigh

Bhí fuar ag aon duine a bhí ag súil le heolas nua ó ‘Cold Case Collins’, ach ba shuimiúil an comhluadar ‘An Buachaill Gealgháireach’ 

An Buachaill Gealgháireach (TG4, Dé Céadaoin)

Ba gheall le dhá chlár éagsúla é an dráma faisnéise Cold Case Collins (RTÉ1, Dé Céadaoin), saothar a thug éachtaint anailíseach ar an lá cinniúnach úd tuairim is céad bliain ó shin nuair a lámhachadh Michael Collins i mBéal na Blá. Ní haon iontas go raibh sé breis agus uair an chloig go leith ar fhad. Rud eile ná gur ait liom nár craoladh an clár ar an Luan, céad bliain go díreach ó lá a bháis.

Bíodh sin mar atá ní gnáthdhráma faisnéise a bhí againn anseo. Déanann saothair san iomaire seo míreanna drámaíochta a shníomh le hionchur ó chloigne cainte; na saineolaithe/finnéithe ag feidhmiú mar thráchtairí go minic.

Thosaigh an clár seo amach le hiarphaiteolaí an Stáit, Marie Cassidy, ar thaobh an bhóthair i mBéal na mBlá ag caint faoin lá cinniúnach úd agus ag tabhairt saghas forbhreathnú ar na míreanna drámaíochta. Bhí na míreanna sin bunaithe ar agallaimh fhicseanúla bheirt phóilíní le rannpháirtithe éagsúla.

 Cé go raibh an comhthéacs ficseanúil bhí téagar staire sna freagraí agus tugadh léargas dúinn ar eachtraí agus comhthéacs an lae. Bhí roinnt de na míreanna fada go leor, i bhfad níos faide ná mar a bheifeá ag súil leis i ndráma faisnéise. 

Cuireadh agallaimh ar leithéidí Emmet Dalton, Tom Hales, George Crosbie agus a thuilleadh eile nach iad. Ba dheas mar a dhein de Valera an póilín a cheartú go saoithíneach maidir leis an leagan Gaeilge de Bhaile Bhuirne a úsáid. Sé Art Campion (an sagart ó Derry Girls) a bhí i ról an Choileánaigh agus ar chúis éigin chuir a ghothaí is a iompar Roy Keane i gcuimhne dom. Tríd is tríd bhí an aisteoireacht go maith cé go gcuaigh canúint Chorcaí sa bhfraoch ar dhaoine ar uairibh. 

Ansan bhí athrú cúrsa againn le Marie Cassidy suite timpeall an bhoird agus í timpeallaithe ag saineolaithe staire, balaistíochta, cogaidh agus dlí-eolaíochta is plé á dhéanamh acu ar chomhthéacs an lae agus mionsonraí an luíocháin. Cé gur bhaineas sásamh as an dá chur chuige, ar uairibh bhraitheas go raibh an siar is aniar as alt. An t-ábhar díomá is mó b’fhéidir ná nár tugadh aon ní úrnua chun solais, seachas gur aimsíodh rud éigin i gcaipín míleata an Choileánaigh. 

Rud eile a chur iontas orm ná nár deineadh a thuilleadh iniúchta ar an té a scaoil an t-urchar. Ón méid a dúradh timpeall an bhoird ní raibh ach deichniúr ag scaoileadh, tá treo an urchair ar eolas acu agus mhaígh gaol an Choileánaigh, Mary Collins, gur ceantar beag é agus go raibh an-aithne ag gach duine ar a chéile, agus na daoine a bhí rannpháirteach is dócha? An é go bhfuil rudaí róchonspóideach, ró-íogair le tabhairt faoin bhfiosrúchán sin?

Is fiosrúchán de shaghas eile a bhí ar bun ag Theo Dorgan sa chlár suimiúil tathagach An Buachaill Gealgháireach (TG4, Dé Céadaoin); clár eile a bhí breis agus uair an chloig go leith ar fhad agus a tháinig salach ar am craolta an Choileánaigh.

 Sa chlár breá seo déanann Dorgan iniúchadh ar an aistear suimiúil a dhein amhrán a chum Breandán Ó Beacháin in ómós an Choileánaigh chuig an nGréig. Sí máthair Bhreandáin, Kathleen, a bhaist ‘The Laughing Boy’ ar fhear Chorcaí agus sin an teideal a chuir Ó Beacháin leis an amhrán ómóis a chum sé agus a bhí le feiscint/clos den chéad uair sa dráma The Hostage. Téann Dorgan chun na Gréige agus go Páras le fáil amach conas mar a neadaíodh an leagan Gréigise den amhrán, ‘To Yelasto Pedi’, i scioból samhlaíochta na heite clé ansin. 

Bhí an tír ina cíor thuathail sna seascaidí agus seachtóidí luatha óir go rabhthas faoi chois ghiunta míleata. 

Déanann Dorgan cíoradh cumasach, tomhaiste ar chumhacht na n-amhrán trí chéile agus an cumas atá iontu ardú meanman a thabhairt do dhaoine agus a bheith ina siombail dóchais. Mar is dual do chláir mar seo ar TG4 bhí ionchur againn as Béarla (agus Gréigis) agus faoi Dorgan, Des Geraghty agus Clíona Ní Ríordáin a bhí sé an toise Gaeilge a iompar. Clár léannta suimiúil. 

Fág freagra ar 'Bhí fuar ag aon duine a bhí ag súil le heolas nua ó ‘Cold Case Collins’, ach ba shuimiúil an comhluadar ‘An Buachaill Gealgháireach’ '

  • Déaglán Ó Connachtáin

    I mo thairbhe féin, craoladh an-suimúil. Ní raibh a fhios agam ar na ráflaí faoi Emmet Dalton, nó b’fhéidir gur scrios Desmond Fitzgerald (athair Garrett), cuid de na cáipéisí oifigiúla a bhí le baint le bháis an Choileánaigh. Lasmuigh de sin ba é an scéal a chuala mé cheana. Rud mícheart go cinnte: níor chaith Dev and fáinne Óir riamh – an seanfháinne atá le feiscint ins na pictiúiri agus na dtaifeadaí.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    B’ait liom an ráiteas seo ag Breandán: “An t-ábhar díomá is mó b’fhéidir ná nár tugadh aon ní úrnua chun solais, seachas gur aimsíodh rud éigin i gcaipín míleata an Choileánaigh.” B’shin an t-eolas is suimiúla a tháinig as an gclár – eolas bunaithe ar módhanna anailíse an lae inniu nach raibh ann ag anam, agus a chuir go leor mífhaisnéise, aineolais agus ráflaí as áireamh go beacht agus go buan faoi dheireadh thiar thall.
    Maidir leis na hagallaimh sna míreanna aisteoireachta, bhíodar siúd réalaíoch go maith go dtí gur tháinig an sagart (canónach) isteach, é gléasta mar shagart an lae inniu leis an mbóna beag bán, nach raibh ann ag an am sin ach an bóna iomlán móide le difríochtaí beaga i gcás chonónaigh nó moinsíneoir. Easpa taighde, ní foláir.
    Agus cúpla pointe eile as alt Bhreandáin: Helen Collins-Hoare ab ea ag gaol a bhí ag caint ag an deireadh; agus cad as a tháinig “Béal na Blá”??

  • JP

    (1)
    Tá ‘Béal na Blá’ iomlán ceart. Roibeard Ó hUrdail, Corcaigh, a d’fhoilsigh alt i Studia Hibernica inar léirigh sé gurb ionann ‘blá’ (baininscneach) agus ‘móinéar’ nó ‘faiche leathan’ srl. Níl aon bhaint aige le ‘bláth’ d’aon tsaghas. ‘Bealach isteach chun páirce nó móintín’ is ciall leis, le ceart, rud a thagann go feillebhinn le leagan amach na háite sin. (2)
    Deir Meda Ryan nárbh é sin hata an Choileánaigh in ao’ chor, bhí sé ró-bheag dó. (3) Aistríodh a chorp go dtí óispidéal MÍLEATA na Sean-Chille i gCorcaigh. Luífeadh sé le réasún go n-aistreofaí go dtí
    Óispidéal na Trócaire é. Cén fáth a ndearnadh sin agus cén mhéiseáil a bhí ar siúl ann? (4) Bhí láimh aimlithe ag Sonny O Neill ‘an naoscaire a lámhaigh an Coileánach’, más fíor. Gan aon taithí faoin spéir roimhe sin aige in arm Shasana ar naoscaireacht den saghas sin. (5) Beidh ráiteas a dheachtaigh Jock (an tiománaí a bhí ag Collins an lá úd) sula bhfuair sé bás le scaoileadh faoi dheireadh na míosa seo chugainn. Beidh sé sin an-suimiúil ar fad óir ba eisean a ghoid ‘Sliabh na mBan’ ráithe t’réis bháis an Choileánaigh agus thug ar láimh í do na ‘reibiliúnaithe’ (lucht Sonny O Neill!) i mBaile Buirne. (6) An leagan is fearr ar fad den amhrán ‘The Laughing Boy’, dar liom, is ag Niall Tóibín (nach maireann) atá sé ar chéirnín a d’eisigh Gael Linn. Díreach glan fé mar a chanfadh an Beachánach féin é. Is trua nár seinneadh é sin sa chlár seachas an ghrágaíl a bhí ar siúl ag an gcuid eile acu.

  • Pádraig O'hEipicín

    Ba mhór an tubaiste é bás Mícheál Collins.

  • KH

    ‘No flowers, please’ – litir Roibeáird Uí Úrdail:

    https://www.irishtimes.com/opinion/letters/where-collins-met-his-tragic-end-1.541583

  • JP

    Corrigenda: t’réis bhás an Choileánaigh/Baile Bhuirne