Is oideachasóir agus scríbhneoir de bhunadh Gaza í Al-Orjwan Shurrab. Tá sraith alt á scríobh aici mar gheall ar a saol féin agus ar shaol mhuintir Gaza ó thosaigh an cogadh i nDeireadh Fómhair 2023. Beidh aistriúcháin Antain Mhic Lochlainn ar chuid de na hailt sin á bhfoilsiú ar www.tuairisc.ie sna seachtainí amach romhainn, le caoinchead Orjwan . San alt deireanach, chuir sí síos ar ionsaí buamála sa cheantar ina raibh a deirfiúr chéile ina cónaí, áit a síleadh a bheith sábháilte
Shuigh muid ar an staighre go ceann uair go leith eile nó mar sin, muid féin agus na daoine eile a chónaigh san fhoirgneamh. D’fhill muid ar an árasán ansin. D’iarr mé ar m’fhear céile, Mohammed, áit ‘shábháilte’ eile a aimsiú dúinn. Mhol sé dul tigh a aintín. Bhí sise agus a fear céile ina gcónaí leo féin, níos faide ar shiúl ón teorainn. Bhí an saol ag dul rite le daoine anois. Ba dheacair teacht ar uisce ólacháin ná ar uisce níocháin, ó tharla an soláthar uisce a bheith faoi smacht Iosrael.
Faoi dheireadh ama, ní bhíodh soláthar uisce ann ach ar feadh roinnt uaireanta an chloig gach lá nó gach dara lá. Choinnigh muid i dtobáin é, i bpotaí nó i gcupáin fiú amháin. Ochtar daoine fásta agus cúigear páistí a bhí faoi dhíon an tí – fágfaidh mé fútsa a shamhlú cad é an méid uisce a bhí de dhíth orainn. Ní raibh an t-uisce glan, agus b’éigean dúinn é a bhruith lena thabhairt do na páistí. Ba í Orjwan [iníon an údair] ba shine i measc na bpáistí agus thug sise faoi deara go raibh blas neamhghnách ar an uisce seo.
Dhiúltaigh sí é a ól agus b’éigean do Mohammed a gheallúint di go bhfaigheadh sé a rogha féin uisce di. D’éirigh leis teacht ar dhuine a raibh uisce i mbuidéil le díol aige fós. Shásaigh sin í. Cuireadh as go mór do sheirbhísí leictreachais, idirlín agus teileafóin agus d’éirigh cineálacha áirithe bia iontach gann ar fad. Tháinig muid isteach air le himeacht ama, ach ghoill an cruatan go mór orainn i dtosach.
An lá áirithe seo, ghlaoigh mé ar Mohammed teacht chun tí lena lón a ithe. Amuigh a bhí sé, ag dáileadh bia ar mhuintir na comharsanachta. Díreach leis sin, bhí pléascadh trom ann, a bhain croitheadh as an teach agus a bhris na fuinneoga ann. Bhí sé thar a bheith gar dúinn.
D’fháisc mé chugam mo bheirt pháistí agus ghlaoigh ar mo dheirfiúracha céile an teach a fhágáil lom láithreach. Thug Ameera a beirt mhaicín agus a gcuid málaí léi. D’imigh Abeer agus a tachrán beag féin léi. Is ar éigean a bhí faill againn amharc siar thar ár ngualainn ach muid ag rith, gan bróga féin ar chuid againn. Amuigh ar an tsráid, bhí muintir an cheantair ag teitheadh soir is siar. Tá aghaidh gach duine acu greanta i mo chuimhne.
An ghirseach bheag ag caoineadh a seanmháthar a bhí ina luí marbh sa teach a bhí mar sprioc ag lucht na buamála. An bhean óg nach raibh in ann coinneáil uirthi níos mó agus a shuigh síos i lár na sráide, greim aici ar lámha a beirte mac agus í ag caoineadh. Na fir ag deifriú anseo is ansiúd, ag cuidiú leis na mná a gcuid málaí agus páistí a iompar. Scairt siad leo deifir a dhéanamh, nó ba dhócha go raibh níos mó ná sprioc amháin ag lucht na buamála sa cheantar.
Rith mé an méid a bhí i mo chorp, ag amharc siar go bhfeicfinn go raibh mo dheirfiúracha céile agus a gcuid páistí le mo sála i gcónaí. Rinne mé gáire le mo bheirt pháistí. D’inis mé dóibh go raibh deifir orainn mar bhí muid ag iarraidh áit úrnua a bhaint amach sula ndruidfeadh sé – áit a mbeadh spórt acu ann.
Chuir sin lúcháir ar Orjwan. Lig sí scód lena samhlaíocht, ag smaoineamh ar an chineál áite a bhí i gceist agam. Ionad siopadóireachta? Clós súgartha? Amharc dár thug mé siar, chonaic mé nach raibh Mohammed linn.
D’iompaigh mé siar i dtreo na háite ar thit an buama ann. Is amhlaidh a bhí bean mhuinteartha le Mohammed ina cónaí san fhoirgneamh a bhí mar ‘sprioc’ ag lucht na buamála. An tseanbhean úd, a bhí ina luí marbh istigh ann, ba dhuine dá dhream féin í. D’fhan seisean ar an láthair, féachaint an raibh duine ar bith eile fágtha faoin smionagar.
Scairt mo mháthair chéile orm, ag ordú dom fanacht ina cuideachta. Dhiúltaigh mé. Dúirt mé léi leanúint ar aghaidh leis na páistí. D’fhill mé ar Mohammed. Bhí sé ag iarraidh paidir thórraimh a rá agus an tseanbhean a chur i dtalamh.
Ní fhéadfainn an achainí sin a dhiúltú, bíodh is go raibh eagla orm fanacht. Faoi dheireadh, dúirt seisean liom imeacht i gcuideachta a máthar agus a chuid deirfiúracha agus dul a fhad le Bunscoil Chailíní Malak, a bhí faoi choimirce UNRWA. Chuaigh mé ann. D’inis mé do Orjwan gur ag tabhairt cuairt ar an scoil a bhí muid, nó sin an scoil a mbeadh sí féin ag freastal uirthi lá ab fhaide anonn.
Chonacthas dom go raibh na mílte ag lorg tearmainn sa scoil sin. Bhí leanbh seacht mí d’aois fós á beathú ag Ameera. Rinne sí cinneadh filleadh ar theach a muintire in Deir Al Balah. Dlúthchairde a bhí ionainn faoin am seo agus ghoill sé go mór orm í a bheith ag imeacht uainn. Cá bhfios cá huair a leagfainn súil uirthi arís?
Is féidir tuilleadh de scéalta Orjwan agus scríbhneoirí eile de chuid Gaza a léamh ar wearenotnumbers.org
Oscar
An-bhrónach ach tábhachtach é a léamh. GRMA as na haistriúcháin seo a fhoilsiú dúinn.