Bhí blas ar an mbeagán tráth maidir le Star Wars, ach ní hamhlaidh atá anois.

Is é ‘Andor’ an ceathrú sraith ón réaltra i bhfad i gcéin le trí bliana

Bhí blas ar an mbeagán tráth maidir le Star Wars, ach ní hamhlaidh atá anois.

Réamhscéal atá anseo agus é ag tabhairt faoi eachtraí a tharla roimh an scannán Rogue One (2016). Bhí an saothar sin lonnaithe, go croineolaíoch, timpeall an ama chéanna leis an gcéad tríológ Star Wars a dhein George Lucas, ach an dara tríológ go croineolaíoch. A leithéid do chastróvaics. Nach cuma a deir lucht leanta dílis an réaltra i bhfad i gcéin agus deis eile fós acu craos a chur orthu féin. Bíonn sé á thaibhseamh dom i gcónaí go raibh an blas ar an mbeagán maidir le Star Wars i dtosach aimsire.

Bhí gorta sé bliana déag idir an chéad dá thríológ agus bhí deich mbliana eile ann sara raibh an tríológ dheireanach ann. Faoin tráth sin bhí Lucasfilm díolta le Disney agus bhí orthu siúd dul ag sluaisteáil le cuid den cheithre bhilliún dollar a fháil ar ais. Tá scannáin agus sraitheanna teilifíse á dtaoscadh chugainn ar dalladh ó shin. Go deimhin sé Andor an ceathrú sraith le trí bliana.

Ní hé go bhfuil aon locht rómhór agam ar na saothair seo, bhaineas sásamh faoi leith as The Mandalorian agus The Book of Boba Fett, ach taibhsítear dom go bhfuil an t-iomaire céanna treafa go rímhinic cheana.

Lena ceart a thabhairt don tsraith seo déantar iarracht, sa chéad trí ghála atá scaoilte go dtí seo pé scéal, úrnuacht éigin a chur sa scéal. Níl aon trácht ar na Jedi, an Fórsa agus níl aon radharc ar chlaimhte solais ná na Storm Troopers. Sé is dóichí ná a mhalairt go mbeidh siad chugainn. Seans go mbeidh fear na hanála chugainn go maith óir go bhfuilimid lonnaithe sa tréimhse ina bhfuil i mbarr a mhaitheasa.

Sé Cassian Andor (Diego Luna) laoch na sraithe seo; duine de na príomhcharachtair sa scannán Rogue One. Rógaire is ea Andor, mar dhea, atá ag maireachtaint ón lámh go dtí an béal ar phláinéad tionsclaíoch iargúlta. Ní bhfuaireas aon bhlas ar a charachtar sa scannán úd agus nílim rócheanúil air go fóill. É duairc, beagfhoclach; gan aon dealramh aige le rógaire cruthanta an chnuasaigh, Hans Solo. Sa chéad ghála cítear é ag dúnmharú duine go fuarchúiseach, rud neamhghnách sa chnuasach seo. Tá air dul ar a theitheadh. Cuirtear meitheal carachtar os ár gcomhair; trádálaí mistéireach [Stellan Skarsgård] agus meicneoir [Adria Arjona] ina measc. Bhain carachtair thánaisteacha, an bodach Vest agus ceannaire soiniciúil na bpóilíní, gáire asam.   

Déantar saol an phláinéid a chur os ár gcomhair go réalaíoch. Murab ionann agus na sraitheanna eile a chuaigh i muinín an mhaisiúcháin dhigitigh thóg an tsraith seo seiteanna mórscála in Pinewood Studies. Tá a rian san air.

Tá a fhios againn cén chríoch atá le scéal Andor agus níl a fhios agam an mbeidh an t-aistear go dtí sin chomh suimiúil sin. Déanfaidh an tsraith sár-iarracht sinn a mhealladh isteach in athuair i saol sainiúil Star Wars. Cuirfidh an lucht leanta craos orthu féin ach tá an baol anois ann nach mbeidh blas ar an mórán.

Fág freagra ar 'Bhí blas ar an mbeagán tráth maidir le Star Wars, ach ní hamhlaidh atá anois.'