‘Bhí aonad seiceála fíricí an New Yorker i mo dhiaidh, a gcuid gunnaí dírithe ar chúl mo chinn’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bhí botún beag nach dtabharfadh éinne faoi deara (seans) ag teacht idir ár gcolúnaí agus codladh na hoíche 

‘Bhí aonad seiceála fíricí an New Yorker i mo dhiaidh, a gcuid gunnaí dírithe ar chúl mo chinn’

Tá clú agus cáil ar aonad seiceála fíricí The New Yorker. Mar a bheadh aonad speisialta de chuid na bpóilíní i stát údarásaíoch ann, seiceálann an t-aonad sin cruinneas gach ní a fhoilsítear ar an iris, idir neamhfhicsean agus fhicsean.

Deirtear go mbíonn eagla an domhain ar scríbhneoirí ficsin go háirithe roimh an aonad céanna: bíonn orthu a gcuid scéalta – saothair ar chaith siad na míonna fada ag obair orthu agus ar chuir siad croí agus anam isteach iontu – a leasú má aimsíonn an t-aonad fíric atá míchruinn.

Ach cén fáth a seiceálann The New Yorker na fíricí i saothair ficsin? Nach é an sainmhíniú ar fhicsean ná gur scéal a cumadh a bhíonn i gceist? Agus, dá réir sin, nach mbíonn an téacs fíor sa chéad dul síos?

Ceist mhaith! Ach is é an chaoi, mar a dúirt an file agus an fealsamh Samuel Taylor Coleridge thiar i 1817, go mbraitheann an pléisiúr a bhaineann léitheoir as saothar ficsin ar chumas an léitheora an t-amhras a dhíbirt, coincheap ar bhaist Coleridge ‘the willing suspension of disbelief’ air.

I bhfocail eile: caithfidh na bunfhíricí beaga a bheith cruinn le go mbeidh an léitheoir sásta na bréaga móra a chreidiúint. Mura gcuireann an scríbhneoir ficsin ar chumas an léitheora ligean air féin nach saothar ficsin atá á léamh aige, dúnfaidh an léitheoir an leabhar.

Sampla beag. Sa bhliain 2005, d’fhoilsigh The New Yorker gearrscéal leis an údar as Meiriceá, Rebecca Curtis, dar teideal ‘Twenty Grand’. Sa scéal sin, téann na príomhcharachtair isteach i mbialann de chuid McDonalds chun béile Chicken McNuggets a ithe – sa bhliain 1979. Is cosúil go raibh tuirse ar aonad seiceála fíricí na hirise an lá ar sheiceáil siad fíricí an scéil sin, óir ní raibh fáil ar Chicken McNuggets i mbialanna McDonalds go dtí 1983.

Ach cé a thabharfadh a leithéid faoi deara, a deir tú? Agus cé a bhacfadh le raic a thógáil faoi?

Cé? 

Na léitheoirí ar fad a chuir litreacha chuig The New Yorker faoin mbotún sin!

Gach seans, dá mba shaineolaí ar stair bhiachlár McDonalds mé, go mbeinn féin ina measc, mo phléisiúr sa léitheoireacht millte toisc go ndúiseodh a leithéid de mheancóg go brúidiúil mé as brionglóid an fhicsin.

Agus sin é an fáth nár chodail mé go maith an tseachtain seo. I mo chuid brionglóidí, bhí aonad seiceála fíricí The New Yorker i mo dhiaidh, a gcuid gunnaí dírithe acu ar chúl mo chinn.

Ba é an chaoi go raibh botún beag – ach bunúsach – aimsithe agam san úrscéal atá idir lámha agam féin. Sa radharc a bhí i gceist, bhí úsáid bainte agam as stráice gréine, a shleamhnaigh thar urlár sheomra codlata, chun imeacht an ama a léiriú. Ach tharla go raibh an seomra codlata áirithe sin sa Bhrasaíl agus gur samhradh an leathsféir theas a bhí ann – am nach bhféadfadh paiste gréine a bheith ag sleamhnú thar urlár ar bith sna bólaí sin. Caol díreach os cionn an dín a bhíonn an ghrian an chuid is mó den lá an t-am sin den bhliain.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, lárnach go maith sa radharc sin a bhí samhail úd an phaiste gréine. Bheadh go leor athscríobh i gceist.

Ach cé a thabharfadh faoi deara é…? a d’fhiafraigh glór amháin ar chúl mo chinn.

Mise! a bhéic glór eile.

Maidin inné, chaith mé tamall maith i mo sheasamh taobh amuigh d’fhoirgneamh gar do m’árasán féin atá sa suíomh céanna, ó thaobh na gréine de, agus atá an teach samhlaíoch ina bhfuil an seomra codlata sin i m’úrscéal. Rinne mé grinnstaidéar ar ghluaiseacht na gréine ar bhallaí an fhoirgnimh. D’athscríobh mé an radharc.

Mar eolas: ní bhíonn aonaid sheiceála fíricí ag foilsitheoirí ficsin an Bhéarla – gan trácht ar fhoilsitheoirí na Gaeilge. An t-údar féin a bhíonn freagrach as cruinneas na bhfíricí ina chuid scríbhneoireachta (rud a chuirfear ar a shúile dó sa chonradh foilsitheoireachta). 

Taighde agus ataighde an réiteach – nó iarracht a dhéanamh do shaothar a fhoilsiú ar The New Yorker ar dtús, ar ndóigh.

Fág freagra ar '‘Bhí aonad seiceála fíricí an New Yorker i mo dhiaidh, a gcuid gunnaí dírithe ar chúl mo chinn’'