Bhí áit speisialta san fhéilire tráth ag an iomáint idirchúige

Bhog an saol ar aghaidh agus thóg na craobhacha club áit Chorn an Bhóthair Iarainn Lá Fhéile Pádraig

Bhí áit speisialta san fhéilire tráth ag an iomáint idirchúige

DJ Shefflin (Cúige Laighean), Brian Lohan agus Diarmuid O'Sullivan (Cúige Mumhan) ag imirt i gCorn an Bhóthair Iarainn in 2000. Pictiúr: INPHO/Tom Honan

Tá Lá mór na nGael imithe agus muid go léir fós sa bhaile agus ag caitheamh cuid dár saol go fíorúil agus Covid-19 fós inár measc. Tá ráflaí agus tuairimíocht ann faoi thosnú na gcluichí CLG ach, dar ndóigh, tá cúrsaí iontach corrach i gcónaí agus rudaí ag athrú ó lá go lá.

Le blianta beaga anuas bhíodh cúrsaí club i lár an aonaigh tráthnóna Lá Fhéile Pádraig agus na cluichí ceannais sinsir á n-imirt. Bhí na cluichí sin buan san fhéilire ach ní mar sin a bhí sé i gcónaí mar bhíodh comórtas mór eile ar siúl agus an-tóir air ar feadh blianta. Tá an iománaíocht idirchúige á himirt ó 1905 nuair a cuireadh tús leis an Railway Shield. Ina dhiaidh sin bhí na Tailteann Games (Aonach Tailteann) ann agus i 1927 bhí an chéad chraobh de Chorn an Bhóthair Iarainn againn idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan. Na Laighnigh a bhí buacach Lá Fhéile Pádraig i bPáirc an Chrócaigh. De réir a chéile d’fhás suim na ndaoine sa chomórtas.

Bhíodh na sluaite ag na cluichí ceannais agus na leantóirí thar a bheith sásta cuid maith de réalta móra na hiomána a fheiceáil ar pháirc amháin tráthnóna amháin. Ná déan dearmad nach raibh aon teilifís sa tír nuair a bhí an comórtas i mbarr a réime. Bhí an-suim ag daoine leithéidí Christy Ring, Jimmy Doyle, Des Foley, Ollie Walsh, agus mórán eile a fheiceáil in adharca a chéile.

Bhí an-suim ag na himreoirí freisin bheith roghnaithe ar fhoireann an chúige agus seans acu an bonn speisialta a bhuachaint agus geansaí an chúige a thógaint abhaile.

I 1954 d’fhreastail níos mó ná 49,000 ar an gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a fuair Cúige Laighean an ceann is fearr ar Chúige Mumhan, 0-9 in aghaidh 0-5. Agus sea, bhí Ring ag imirt.

Lean na cluichí ar aghaidh Lá ’le Pádraig i bPáirc an Chrócaigh go dtí deireadh na 1970idí ach ina dhiaidh sin laghdaigh suim na n-imreoirí, na leantóirí agus CLG sa chomórtas. Bhí sé sin an-soiléir i 1983 nuair a imríodh na cluichí ceannais sa Chabhán. Imríodh an pheil roimh an iomáint ach ní raibh mórán daoine fágtha nuair a thosnaigh an dara leath den cluiche iomána idir Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean. Sna blianta ina dhiaidh sin bhíodh cuid de na cluichí san earrach agus blianta eile san fhómhar. Ach bhí an comórtas ag fáil bháis agus murach an fear gnó agus an t-urraitheoir Martin Donnelly bheadh siad i gcré na cille i bhfad níos luaithe ná mar a tharla. Thug Donnelly aon bhliain déag ag caitheamh airgid (amú) ar na comórtais agus é ag iarraidh iad a choimeád beo.

Imríodh roinnt de na cluichí thar sáile. In 2003 chuadar go dtí an Róimh agus go dtí Páras na Fraince a chuaigh siad an bhliain dár gcionn.

Ansin sall go Bostún a chuaigh siad an chéad dá bhliain eile. In 2009 is i bhfásach Abu Dhabi a tharla an t-aicsean dá bhféadfaí aicsean a thabhairt air. I nDurlas Éile a bhí an comórtas deireanach in 2016. Bhí a ré caite agus caite le tamall fada ach coimeádadh beo é ar feadh i bhfad gan aon fhianaise in aon chor ann go bhféadfadh sé maireachtaint gan an tacaíocht beatha a bhí á tabhairt dó. Tráth dá raibh, ba chuid an-tábhachtach é de cheiliúradh leantóirí CLG Lá Fhéile Pádraig.

Bhog an saol ar aghaidh agus thóg na craobhacha club áit Chorn an Bhóthair Iarainn Lá Fhéile Pádraig. Ní bhíonn in aon rud ach seal agus is maith atá a fhios san againn le bliain anuas.

Fág freagra ar 'Bhí áit speisialta san fhéilire tráth ag an iomáint idirchúige'