Bheith istigh tugtha d’imreoirí breise, athrú Phort Láirge, leorghníomh Luimnigh agus ceachtanna eile

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na scéalta móra ó chluichí leathcheannais na craoibhe iomána

Bheith istigh tugtha d’imreoirí breise, athrú Phort Láirge, leorghníomh Luimnigh agus ceachtanna eile

An Rialtas le cead a thabhairt do phainéal iomlán freastal ar chluichí

Bhí dea-scéal inniu ag na foirne peile agus iomána atá fós san iomaíocht i gcraobhacha na bliana seo agus é fógartha ag an Rialtas go mbeidh cead ag gach imreoir atá mar ar an bpainéal freastal ar chluichí na bhfoirne as seo go deireadh na craoibhe.

Go dtí seo, ní raibh cead ach ag 26 imreoir agus 12 d’fhoireann bhainistíochta na foirne freastal ar chluichí de bharr shrianta an Covid-19.

D’fhág an toirmeasc sin nach raibh scata imreoirí a bhíodh ag traenáil leis na foirne i gcaitheamh na bliana in ann dul isteach chun cluichí a fheiceáil mura raibh siad ainmnithe i measc an 26 imreoir ar an gclár.

Ba é John Kiely, bainisteoir fhoireann iomána Luimnigh, an chéad duine a thosaigh ag gearán faoin riail tar éis do Luimneach Craobh na Mumhan a bhuachan agus tá an clamhsán céanna déanta faoin tráth seo ag cuid mhaith bainisteoirí eile.

Agus cuid de na srianta Covid-19 le scaoileadh amárach, dheimhnigh an tAire Stáit Spóirt Jack Chambers go mbeadh cead isteach ag an bpainéal iomlán go dtí na cluichí craoibhe an mhí seo, cluichí leathcheannais peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo chugainn ina measc.

Austin Gleeson. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Port Láirge athraithe go mór in achar gairid

Is iontach an obair atá déanta ag Liam Cahill agus foireann Phort Láirge a thabhairt chun cinn. Is beag duine a cheap go mbeadh siad i gcluiche ceannais na hÉireann ag tús na bliana. Ní raibh cluiche i gCraobh na Mumhan buaite ag an gcontae ó 2016 ach bhain siad an cluiche ceannais amach i mbliana agus thug dúshlán Luimnigh an lá sin.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar fhoireann Phort Láirge in achar gairid chomh maith. Bhí go leor de na himreoirí ag imirt i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair riamh agus léirigh na botúin a rinneadh sa chéad leath go raibh roinnt acu neirbhíseach.

An fhoireann sin a thosaigh i gcoinne Chill Chainnigh Dé Sathairn, ní raibh ach seachtar acu ar an bhfoireann a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe – Stephen O’Keeffe, Tadhg de Búrca, Kevin Moran, Jamie Barron, Jake Dillon, Kieran Bennett agus Austin Gleeson.

Tháinig fear eile, Patrick Curran, isteach mar ionadaí Dé Sathairn, mar a rinne sé trí bliana ó shin.

Chuir fir ionaid na nDéiseach go mór le taispeántas na foirne. Tháinig Neil Montgomery isteach agus gan ach beagáinín os cionn ceathrú uaire imeartha agus cé gur chuir sé iarracht amú d’fheabhsaigh sé go mór sa dara leath, mar a rinne an fhoireann uile. Scór breá ó Montgomery a chuir Port Láirge chun tosaigh den chéad uair tar éis 51 nóiméad agus taobh istigh de nóiméad bhí ceann breá eile aimsithe aige.

Ionadaí, Darragh Lyons, a fuair an dara cúl do Phort Láirge agus uair an chloig imeartha, buille cinniúnach, agus fuair ionadaí eile, Iarlaith Daly, scór tábhachtach i dtreo an deiridh chun an bhearna idir na foirne a mhéadú nuair a bhí Cill Chainnigh ag iarraidh teacht aniar a dhéanamh.

Cian Lynch. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Cúiteamh déanta ag Luimneach as cliseadh 2019

Nuair a d’aimsigh Gaillimh cúig scór as a chéile chun iad a chur ar comhscór le Luimneach agus 70 nóiméad caite i gcluiche leathcheannais na hÉireann inné, is cinnte go raibh imní ar lucht tacaíochta Luimnigh gur cliseadh eile a bhí i ndán dóibh.

Anuraidh, ba iad Luimneach an fhoireann ab fhearr sa tír nuair a bhain siad amach babhtaí leathcheannais na craoibhe. Bhí an tsraith tugtha leo acu níos luaithe sa bhliain agus bhí Craobh na Mumhan buaite acu chomh maith chun áit a bhaint amach sa gcluiche leathcheannais.

Tháinig Cill Chainnigh aniar aduaidh orthu sa chluiche sin, áfach, agus chaill Luimneach an deis an dara craobh as a chéile a bhuachan. Nuair a tháinig Gaillimh ar ais ar comhscór inné, ba léir go raibh fir Luimnigh tiomanta gan deis eile a ligean le sruth.

Scóráil Diarmuid Byrnes poc saor den scoth a chuir chun tosaigh iad arís, an chéad scór a bhí faighte ag Luimneach le 20 nóiméad, cé go raibh briseadh fada san imirt i gceist sa tréimhse agus cóir leighis á cur ar Joe Canning.

Ní fada go raibh Gaillimh ar comhscór arís ach d’fhreagair Luimneach arís iad le scóranna ó Tom Morrissey agus Adrian Breen. Cé gur chuir Morrissey tús iontach leis an gcluiche, bhí sé ciúin san imirt ina dhiaidh sin ach sheas sé an fód nuair ba ghá ag deireadh an chluiche agus is é a fuair an dá scór deireanach chun an bua a chinntiú do Luimneach agus a dteip in aghaidh Chill Chainnigh anuraidh a chúiteamh.

Brian Concannon. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Gaillimh ag brath rómhór ar Whelan agus Concannon

Tá an-chuid cainte déanta ar chumas thosaithe na Gaillimhe le cúig bliana anuas ach, i ndáiríre, ba iad Conor Whelan agus Brian Concannon an t-aon bheirt a sheas amach i mbliana. Scóráil Whelan 0-10 agus Concannon 2-8 i gcraobh na bliana seo agus tháinig na scóranna sin go léir ón imirt.

In aghaidh Luimnigh, ba iad Whelan agus Concannon an t-aon bheirt ar fhoireann na Gaillimhe ar éirigh leo níos mó ná aon phointe amháin a scóráil ón imirt. Ar an taobh eile den chomhrac, seisear d’imreoirí Luimnigh a rinne amhlaidh.

Ba é Joe Canning príomhscórálaí na foirne i mbliana ach as an 0-50 a fuair sé sna ceithre chluiche, níor tháinig ach 0-4 acu ón imirt. Níor scóráil duine eile de leatosaithe na Gaillimhe, Conor Cooney, ach aon phointe amháin i gcraobh na bliana seo cé gur thosaigh sé gach cluiche agus níl a ndóthain déanta ag Niall Burke ná Jason Flynn chun áit a chinntiú ar an bhfoireann go rialta, cé go bhfuil an-chuid deiseanna faighte acu.

Is é Cathal Mannion, a thug sealanna lár páirce agus mar leatosaí láir i mbliana, an t-aon fhear eile a raibh Gaillimh in ann brath air chun scóranna a fháil i gcraobh 2020. Scóráil Mannion i ngach cluiche, agus ba mhór an buille do Ghaillimh inné nuair a bhí air an pháirc a fhágáil leath bealaigh tríd an gcéad leath.

20 pointe a scóráil Luimneach ón imirt an deireadh seachtaine seo agus 2-21 a fuair Port Láirge in aghaidh Chill Chainnigh. Deich bpointe ar fad a scóráil Gaillimh ón imirt. Go dtí go bhfeabhsóidh sin, ní chuirfidh siad aon chraobh eile leis an gceann a bhuaigh siad in 2017.

GAA Hurling All-Ireland Senior Championship Semi-Final, Croke Park, Dublin 28/11/2020
Kilkenny vs Waterford
Kilkenny’s TJ Reid dejected after the game
Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne

Laigí na gCat nochta faoi dheireadh

Is a bhuíochas do chumas Brian Cody agus TJ Reid gur éirigh le foireann seo Chill Chainnigh áit a bhaint amach i gcluiche leathcheannais na hÉireann ach tugadh a gcuid laigí chun solais arís an deireadh seachtaine seo agus is iad na Déisigh a sháraigh iad faoi dheireadh.

Bhí easnaimh Chill Chainnigh le feiceáil i gcaitheamh na craoibhe. Bhí siad 16 pointe chun tosaigh ar Áth Cliath ag tráth amháin i gcluiche leathcheannais Laighean ach lig siad don fhreasúra teacht ar ais ar comhscór agus is ar éigean a tháinig Chill Chainnigh slán an la sin.

I gcluiche ceannais an chúige, bhí Gaillimh i bhfad níos fearr ná Cill Chainnigh ar feadh an chéad 60 nóiméad den chluiche ach thit an tóin astu sa deireadh agus bhí an lá le Cill Chainnigh a bhuíochas de Richie Hogan.

Sa chluiche leathcheannais an deireadh seachtaine seo, bhí Port Láirge chomh dona sin sa chéad leath go mbeadh sé éasca neamhaird a dhéanamh de na botúin ar fad a bhí á ndéanamh ag Cill Chainnigh. Chuir na Déisigh naoi gcinn d’iarrachtaí amú sa chéad leath sin ach chuir Cill Chainnigh seacht gcinn ar fóraoil sa tréimhse chéanna agus chaill siad an deis a bhí acu Port Láirge a chloí roimh leath ama. Nuair a dhúisigh Port Láirge sa dara leath, ní raibh Cill Chainnigh in ann acu.

Comhartha go raibh Cill Chainnigh go mór i dtrioblóid gur chuir Brian Cody ceathrar ionadaithe chun páirce sa dara leath. Nuair a bhíodh na Cait i mbarr a réime, bhíodh de cháil ar Cody nach ndéanfadh sé aon athrú ar an bhfoireann a bhíodh roghnaithe ach ba ghá athrú poirt Dé Sathairn.

Mar sin féin, cé go raibh Port Láirge chomh mór sin i gceannas sa dara leath, níor mheas Cody gurbh fhiú an cúigiú hionadaí a thabhairt isteach agus iarracht a dhéanamh cúrsaí a athrú. Bhí na Déisigh ag fáil an ceann is fearr ar Chill Chainnigh ó cheann ceann na páirce ach níor mheas an bainisteoir go raibh imreoir aige a d’fheabhsódh cúrsaí.

Fág freagra ar 'Bheith istigh tugtha d’imreoirí breise, athrú Phort Láirge, leorghníomh Luimnigh agus ceachtanna eile'