‘Bheadh sé difriúil do Chora Finne, rud nua ar fad é seo dúinne’ – cumann Gaeltachta ag tabhairt faoi Chraobh na hÉireann

Ní gan deacracht a bhí ullmhúchán Mhaigh Cuilinn i rith na Nollag agus iad sa tóir ar áit i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann

‘Bheadh sé difriúil do Chora Finne, rud nua ar fad é seo dúinne’ – cumann Gaeltachta ag tabhairt faoi Chraobh na hÉireann

Nollaig chiúin go maith a bhí ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn agus iad ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh beag seo. Seachas a bheith ar an stól ard cois cuntair Lá Fhéile Stiofáin, is amuigh ar an bpáirc ar an mBaile Dóite a bhíodar ag prapáil chun aghaidh a thabhairt ar churaidh Uladh, An Gleann as Doire.

In ainneoin gur fhan siad amach ón gcuid is mó den scléip is den cheiliúradh i rith na Nollag, níor éirigh le fir Mhaigh Cuilinn an tinneas agus an frídín a bhuail an oiread sin daoine le cúpla seachtain anuas a sheachaint.

“Bhí roinnt mhaith buailte aige,” a deir bainisteoir na foirne, Don Connellan. “Gach seachtain, bhíodh dornán eile buailte. Sin é mar a bhí sé ag gach duine an geimhreadh seo, is dócha, iad buailte ag fliú nó frídín.”

Fágann sin nach raibh an t-ullmhúchán ag Maigh Cuilinn don chluiche mór ag an deireadh seachtaine chomh maith is a d’fhéadfadh sé a bheith, ach tá súil ag Connellan go mbeidh gach duine tagtha chucu féin roimh an Domhnach. Níl aon leigheas níos fearr ná deis imirt i bPáirc an Chrócaigh, a deir sé.

“Tá duine nó beirt nach bhfuil tagtha chucu féin fós ach beidh siad togha don Domhnach, le cúnamh Dé. Cabhróidh sé gur ar Pháirc an Chrócaigh atá muid ag triall, déarfainn. Dá mbeadh muid ag dul siar go Ros Muc chun cluiche sraithe a imirt, b’fhéidir go mbeadh cúpla duine eile thíos ach nuair atá muid ag dul suas go Páirc an Chrócaigh, b’fhéidir go bhfeabhsódh siad beagáinín níos tapa!” a deir sé agus é ag gáire.

Chuir víreas as do dhuine de shár-imreoirí Mhaigh Cuilinn, Peter Cooke, le linn fheachtas na foirne i gCraobh Chonnacht ach bhí an tinneas curtha de aige faoin am gur imir an cumann i gcluiche ceannais an chúige agus tar éis dó an-taispeántas a thabhairt sa bhua in aghaidh Thuar Loistreáin, ghabh an fear mór buíochas le poitigéirí an bhaile as é a chneasú.

Bí cinnte go mbeidh poitigéirí, dochtúirí agus luibhlianna Mhaigh Cuilinn ag obair ó mhaidin go hoíche an tseachtain seo má shíltear gur féidir leo cabhrú chun aistear Mhaigh Cuilinn i gCraobh na hÉireann a choinneáil ar an mbóthar.

Cé gur bhuaigh Maigh Cuilinn Craobh Idirmheánach Peile na hÉireann in 2008, rud nua ar fad é seo do Connellan agus a chuid imreoirí. Bhí triúr atá ar an bpainéal anois, Mark Lydon, Conor Bohan agus Séamus Friel, mar chuid den fhoireann bhuacach sin in 2008 ach ní raibh formhór na n-imreoirí a rachaidh chun páirce ar an Domhnach, leithéidí Cooke, Seán Kelly agus an captaen Dessie Conneely, ach ina ngasúir óga an t-am sin.

Tá grúpa sárpheileadóirí tagtha chun cinn i Maigh Cuilinn le blianta beaga anuas agus thug siad Craobh Shinsir na Gaillimhe leo den dara huair riamh anuraidh, dhá bhliain tar éis dóibh a gcéad chraobh a bhuachan do Mhaigh Cuilinn in 2020.

D’fhág an phaindéim nár reáchtáladh comórtais na gcúigí ná Craobh na hÉireann an bhliain sin, rud a d’fhág gur séanadh ar Mhaigh Cuilinn an deis imirt in aghaidh na bhfoirne is fearr sa tír. Ábhar spreagtha a bhí ansin don fhoireann tar éis dóibh craobh na Gaillimhe a bhuachan arís, a deir Connellan.

“An phríomhsprioc a bhí againn ná Craobh Shinsir na Gaillimhe a bhuachan. Sin an chloch is mó a bhíonn ar phaidrín chuile fhoireann, a gcraobh áitiúil a bhuachan,” arsa iar-imreoir Ros Comáin.

“Tá Craobh Shinsir na Gaillimhe ar cheann de na cinn is deacra dá bhfuil ann ach, tar éis dúinn í sin a bhuachan, bhí sé deas ag na leaids tabhairt faoi Chraobh Chonnacht ós rud é nach raibh an deis acu ionadaíocht a dhéanamh ar Chonnachta in 2020.”

Tar éis dóibh Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach a chloí i gcluiche ceannais na Gaillimhe, thug Maigh Cuilinn stánáil do Chathair na Mart le taispeántas den scoth sa chéad bhabhta i gCraobh Chonnacht. Fuaireadar an ceann is fearr ansin ar sheaimpíní Ros Comáin, Béal na mBuillí, agus ar Thuar Loistreáin as Sligeach chun Craobh Shinsir Chonnacht a bhuachan den chéad uair. Tá siad anois ag iarraidh Craobh na hÉireann a chur léi.

Níl sa tinneas a bhí sa champa ach dúshlán eile don fhoireann bainistíochta agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar na dúshláin uilig a bhíonn i gceist le foireann a thraenáil don chuid seo den chraobh.

Tar éis dóibh briseadh seachtaine a thógáil tar éis chluiche ceannais an chúige, d’fhill Maigh Cuilinn ar an traenáil agus rabhadh seaca á eisiúint ar fud na tíre agus an t-oighear ag teacht salach ar a gcuid ullmhúchán.

“Bhí cúpla duine a raibh pleananna déanta acu freisin, cúpla bainis agus mar sin de,” a mhíníonn Connellan. “Trí mhí ó shin, ní raibh a fhios againn go mbeadh muid san áit seo. Rud nua ar fad é seo dúinn. Bheadh sé difriúil do leithéidí Chora Finne, a raibh gach geimhreadh agus Nollaig pleanáilte go mion acu, seans.”

Dúshlán eile do Connellan agus a chuid roghnóirí é an méid peile atá imeartha ag cuid dá gcuid imreoirí. Idir a bheith ag plé le foirne tríú leibhéal agus foireann shinsir na Gaillimhe, tá roinnt imreoirí ag Maigh Cuilinn atá ag imirt gan stad le breis is bliain anuas.

Duine acu siúd é an laoch Seán Kelly. D’imir an Ceallach 30 cluiche anuraidh – do Ghaillimh, d’Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus do Mhaigh Cuilinn – agus bhain sé an cluiche ceannais amach i ngach comórtas inar imir sé. Imreoir é Kelly a bhíonn ag rith gan stad ó thús go deireadh na himeartha.

“Is dóigh go seasann Seán amach i dtaobh líon na gcluichí atá imeartha aige ach déarfadh sé féin gur cluichí a bhíonn uaidh,” arsa Connellan.

“Is é an club an rud is tábhachtaí dó freisin, sin an rud is mó. Níl seans ar bith go bhféadfaí é a stopadh ag imirt [do Mhaigh Cuilinn]. Tá na leaids sin uile ar an gcaoi chéanna. Níl a leithéidí feicthe agam cheana, is é an club an chloch is mó ar a bpaidrín.”

Idir an tuirse, an tinneas agus foireann láidir an Ghleanna a bheidh ina n-aghaidh Dé Domhnaigh, is iomaí dúshlán atá roimh Connellan agus a chuid imreoirí más leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach. Níl aon áit eile arbh fhearr leis a bheith, áfach.

“Is anseo, i bPáirc an Chrócaigh, a bhíonn chuile fhoireann ag iarraidh imirt agus tá sé iontach go bhfuil an deis anois ag na gasúir agus an lucht tacaíochta sa gcumann dul suas ansin linn. Tá sé dochreidte.”

Fág freagra ar '‘Bheadh sé difriúil do Chora Finne, rud nua ar fad é seo dúinne’ – cumann Gaeltachta ag tabhairt faoi Chraobh na hÉireann'