Chlis tú suas as do chodladh i lár na hoíche. An é gur buaileadh cnag ar an doras thíos? Ní cnag ach buille. Ní buille ach cic.
Cé hé siúd thíos?
Nó cé hí siúd thíos?
Bhí sí á réiteach agus á searradh féin ó mheánoíche. Í siúd le hainm nach raibh cloiste ag go leor cheana, seachas an dream a bhfuil dúil acu i saothar an scríbhneora JRR Tolkien, b’fhéidir, ach ainm nach ndearmadfar go deo.
Ba ar ghaiscíoch baineann i Lord of the Rings a thug Tolkien an t-ainm. Bean óg a d’iompair claíomh is sciath atá inti sa leabhar, amhail is atá i seanchas agus miotaseolaíocht na Lochlannach. Ba í a bhí ann ag doras an tí, cinnte.
Ansin, fuaim amhail tafann ag an bhfuinneog. Ní tafann ach scréach. Rud eicínt ag bualadh de shíor i gcoinne bhinn an tí.
De shíor is go fíochmhar. Beidh isteach aici. Ní ghlacfar le heiteachtáil. Amhail ainmhí allta is í ar a bionda ag iarraidh fáil isteach sa teach. Réabfar an díon. Beidh isteach.
Doineann an focal, b’fhéidir. Nó anfa nó deardan nó deartan. Ní hea, ach focal eicínt eile. Spéirling? Róshéimh mar fhocal.
Focal nach bhfuil ann, focal atá fós le cumadh, atá de dhíth. An rachfá i ndorchadas na hoíche, i lár na gealstoirme, chun an focal ceart sin a chuardach i bhfoclóirí de Bhaldraithe, Uí Dhónaill nó Uí Mhianáin?
Nó an gcuartófá ar líne, ar foclóir.ie? Ní chuartófar anois mar tá cliste ar an gcumhacht aibhléise.
An bháisteach á lascadh i gcoinne na fuinneoige. An t-uisce ag úscadh isteach tríd an mbearna is lú. An séidfear an fhuinneog isteach sa seomra? Ar chroith an leaba? Nó ar shamhlaigh tú sin?
Tá gá le rud eicínt chun d’aigne a bhaint den doineann nach doineann í. Cas ar an transistor le do thaobh, ceallraí úra ann ón uair dheiridh ar chlis ar an gcumhacht cúpla mí ó shin. An méid sin, ar a laghad.
Ardaigh an fhuaim go barr na spéire. Ar stáisiún eicínt, tá Bob Dylan ag rá amhrán a chum sé 60 bliain ó shin.
I lár na doininne nach doineann í. ‘The wind howls like a hammer,’ a deir Dylan sa deargdhorchadas. ‘The bridge at midnight trembles,’ a deir sé.
Cén chuma a bheas ar an droichead ag fáinne geal an lae? Nuair a thagann sí, má thagann. Tá na nóméid á n-ídiú go mall, go mall, amhail braonacha uisce ag doirteadh isteach i mbuicéad.
Agus tá an deargstoirm ag treisiú. Ní féidir í a shéanadh. Ní ligfear duit. An t-ainmhí allta ag binn an tí. Beidh isteach aige.
Lorgófar bealach. Aimseofar bealach.
Bogann rud éicínt os do chionn, amhail is go bhfuil ualach mór á tharraingt tríd an áiléar. Ciúnaíonn cúrsaí ansin, ach ní fada go mbíonn an lascadh ar bun arís.
Breathnaigh arís ar an am ar d’fhón. Tá neart ama ann do phaidreacha atá ligthe i ndearmad. Le haghaidh geallúintí nach féidir a choinneáil.
Ach faoi dheireadh tagann an mhaidin is í gléasta go glé agus í ag taispeáint dúinn an millteanas atá déanta. Na crainnte is na claíocha atá leagtha, na slinnte atá bainte. Agus cloistear na scéalta faoi dhochar atá níos measa fós.
Tarraingítear Debbie anuas sa gcomhrá. Luaitear Oíche na Gaoithe Móire, fiú. Ach chuile dhuine ar aon fhocal: ba í an stoirm ba mheasa le cuimhne na ndaoine.
I lár na donachta uilig, tá an fhleasc a bhí crochta ar phríomhdhoras an tí ón Nollaig fós ann agus gan oiread is ribe bainte di agus an spideog bheag phlaisteach slán sábháilte istigh ina croí.
Fág freagra ar 'Bheadh jab ag de Bhaldraithe agus Dylan féin ainm a thabhairt ar an stoirm seo…'