Bheadh Breatimeacht gan aon mhargadh níos measa ná géarchéim 2008 – Banc Shasana

Sa chás go n-imeodh an Bhreatain ón Aontas gan aon mhargadh a bheith déanta d’fhéadfadh a GDP titim 8% in 2019

Bheadh Breatimeacht gan aon mhargadh níos measa ná géarchéim 2008 – Banc Shasana

Tá ráite ag an Bank of England gur mheasa go mór an cúlú eacnamaíochta a leanfadh Breatimeacht gan aon mhargadh ná géarchéim eacnamaíochta 2008.

Dúirt Banc Ceannais Shasana inniu go mbeadh géarchéim eacnamaíocht ann mura ndéanfaí margadh Breatimeachta agus socruithe trádála leis an Aontas Eorpach.

Sa chás go n-imeodh an Bhreatain ón Aontas gan aon mhargadh a bheith déanta d’fhéadfadh an GDP titim 8% in 2019, titim a bheadh níos measa ná mar a bhí nuair a thit an tóin as an gcóras airgeadais ar fud an domhain in 2008, titim a chuir tús leis na blianta déine in Éirinn, i Sasana agus i dtíortha eile ar fud an domhain. Thug Banc Ceannais Shasana foláireamh chomh maith go bhféadfadh praghas tithe titim 30%, go bhféadfadh an ráta dífhostaíochta dúbailt nach mór ó 4.1% go dtí 7.5% agus go bhféadfadh boilsciú ardú go dtí 6.5% rud a rachadh i bhfeidhm ar rátaí úis.

Beidh Príomh-Aire na Breataine Theresa May ag súil go gcabhróidh foláireamh Bhanc Shasana léi breis tacaíochta a fháil dá margadh Breatimeachta tráth a bhfuil amhras mór ann go mbeidh a dóthain vótaí aici ach a chuirfear an margadh sin faoi bhráid Pharlaimint Westminster an mhí seo.

Beidh May buíoch chomh maith gur thug an Banc le fios go bhféadfadh a margadh féin spreagadh a thabhairt don gheilleagar as seo go ceann cúig bliana má choinnítear dlúthchaidreamh trádála leis an AE.

Fág freagra ar 'Bheadh Breatimeacht gan aon mhargadh níos measa ná géarchéim 2008 – Banc Shasana'