Bíonn scaití ann nuair nach mbíonn an intinn le trust ach bíonn an tsúil ceart i gcónaí.
Anois díreach agus mé ag iarraidh roinnt eolais a bhailiú faoi na himeachtaí móra idirnáisiúnta spóirt atá romhainn in 2025 tháinig an pictiúr atá ar bharr an ailt seo aníos ar an scáileán.
Bhain sé croitheadh asam. Corn Sacair an Domhain 2025?
De réir m’eolais, cheap mé nach raibh a leithéid le bheith romhainn go dtiocfadh an bhliain dár gcionn. Faoi dhó féin a bhreathnaigh mé air sular thug mé faoi deara an focal ‘Club’ sáite ina lár.
Le fírinne má chuala mé a leithéid a bheith ar na bacáin, bhí dearmad déanta agam air.
Níor mhiste liom ach ní comórtas faoi aois nó ceann tánaisteach ar bheagán tábhachta atá i gceist, agus más aon slat tomhais an t-airgead, is in áit na leathphingine atá an iomaíocht ar Chorn Jules Rimet i gcomparáid le Corn Domhanda seo na gClubanna.
Ó lár mhí an Mheithimh caithfidh 32 club sacair ceithre seachtaine i mbun iomaíochta ar fud na Stát Aontaithe i gcomórtas as a bhfuil duaischiste $2.5 billiún agus as a bhfaighidh na buaiteoirí $100 milliún.
Sin a dhá oiread go leith agus a fuair an Airgintín as Corn Thíortha an Domhain a chrochadh leo sa Chatar in 2022.
Duaischiste $440m a bhí i gceist ansiúd. Beidh duaischiste $2.5 billiún ag dul le ceann na gclubanna.
Ach a bheith sách grinn, ba cheart go mbeadh leid faighte agam ó shuaitheantais na bhfoirne nuair a thug mé súil scafánta ar an léaráid – tá roinnt de na cinn is iomráití ar domhan ina measc.
Aithneoidh sibhse atá eolach faoin sacair cén club i nGrúpa D a chaitheann an geansaí a mbíonn leon air (Chelsea). Tá trí cinn de na suaitheantais sacair is aitheanta ar domhan i nGrúpa C (Bayern Munich, Boca Juniors agus Benfica) agus cáil leis na cianta ar an dream is faide ar dheis i nGrúpa E – Inter Milan
Iadsan agus 27 club eile as cónaidhmeanna an tsacair san Afraic, Meiriceá Láir, Meiriceá Theas, An Eoraip agus i dtíortha an Aigéin Chiúin a bheas san iomaíocht ar Chraobh Chlubanna an Domhain. Na foirne is fearr a rinne le ceithre bliana anuas i ngach cónaidhm atá i gceist.
Sraith na Seaimpíní an tslat tomhais a d’úsáid UEFA agus iad ag roghnú an 12 foireann s’acusan. Níl níos mó ná dhá fhoireann as aon tír ceadaithe, rud a d’fhág Chelsea agus Manchester City cáilithe agus Liverpool ar an trá fholamh.
Sa mbliain 1887 imríodh cluichí sacair idir clubanna inar gaireadh na buaiteoirí mar sheaimpíní ar an domhan mór. Ansiúd fuair buaiteoirí Choirn an FA, Aston Villa an ceann ab fhearr ar bhuaiteoirí Chorn na hAlban, Hibernian. Go ceann scór bliain ina dhiaidh sin ba i gceann den dá thír sin a bhí fáil ar Chraobhairí an Domhain – ní raibh foireann in aon tír eile a chuaigh sa tóir air.
Ach le fírinne ba bheag le rá é mar chomórtas. Fiú idir na 1950idí agus na 1990idí measadh go forleathan go mba mhó de dhochar ná de mhaitheas a tháinig as na cluichí a eagraíodh idir seaimpíní as sraithchomórtais na hEorpa agus Mheiriceá Theas – cuid acu nach raibh aitheantas oifigiúil ar bith ag dul leo.
Teacht na stáisiún teilifíse spóirt, an rath a bhí ar Chorn na hEorpa agus ar Shraith na Seaimpíní, mar aon leis an airgead mór a tháinig i gceist le cearta craolacháin a dhúisigh suim arís ann.
I mBliain na Mílaoise a imríodh den chéad uair é. Páirteach ansiúd bhí Corinthians agus Vasco da Gama as an mBrasaíl, Manchester United, Necaxa as Meicsiceo, Raja CA as Maracó, Real Madrid, Club Al-Nassr as an Araib Shádach agus South Melbourne.
Buaiteoirí na gcluichí amháin a d’fhanadh san iomaíocht de réir an leagan amach ba thúisce a bhí ann nó gur tuigeadh an buntáiste a bhí i gceist ach fad a bhaint as agus leithead a chur leis.
Imreofar 63 cluiche i gcomórtas na bliana seo, iad leagtha amach ina ngrúpaí sna réamhbhabhtaí mar a bhíonn formhór a leithéidí. Mairfidh an iomaíocht ar feadh míosa.
Tabharfaidh sin cothú do lucht féachana an tsacair ar an teilifís, dream a bheadh ag déanamh troscaidh dá uireasa. Ach thar rud ar bith eile cuirfidh sé le cistí na gclubanna agus na n-eagras lena mbaineann siad.
Ní hé go bhfuil chuile dhuine ar aon fhocal faoina fhiúntas. Agus iad á bhrú chun cinn, thug FIFA le fios go dtabharfadh chuile chlub a bheas páirteach €50m abhaile leo.
Inniu meastar gur tuairim a leath sin a bheas i gceist – an luach íseal a chuir na comhlachtaí teilifíse ar na cearta craolacháin is cúis leis sin. Níor thairg Fox, an comhlacht is mó lena ndéanann FIFA déileáil, ach $10m ar na cearta.
Faoi dheireadh ní raibh aon rogha ann ach conradh a shíniú le dream a bhfuil DAZN orthu. $1billiún a fuair siad agus iad ag súil lena dhá oiread.
Is beag fáilte atá ag roinnt eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta sacair ar fud an domhain roimhe, iadsan den tuairim go bhfuil séasúr an lae inniu plódaithe mar atá sé, ní áirím a bheith ag cur tuilleadh leis.
Tacaíonn cuid mhaith de na himreoirí leis sin. Deir peileadóir Manchester City, Kevin de Bruyne go gcruthaíonn an comórtas nua gur mó suim atá ag na heagraíochtaí móra sacair san airgead ná atá acu i sláinte a gcuid fostaithe – trí seachtaine a bheas idir Cluiche Ceannais na gClubanna agus tús na Príomhroinne i Sasana. Idir sin agus comórtais na hEorpa beidh 80 cluiche le n-imirt aige.
Sa mullach ar na foirne a thuill áit sa gcomórtas nua de bharr a seasmhacht le 4 bliana, bhí cead ag FIFA féin club a ainmniú as an tír atá i mbun a reáchtála. Agus gan Sraith Sacair Na Státaí (MLS) fiú críochnaithe fógraíodh an áit sin a bheith ag dul do Inter Miami.
Mar a tharla is iad LA Galaxy a bhuaigh an Corn. Fós is iad Miami a bheas ag imirt i gCorn na gClubanna.
Fear a bhfuil Lionel Messi mar ainm air captaen Inter Miami. Fós féin, is ar éigean a bheadh aon bhaint aige sin leis an socrú.
Fág freagra ar 'Bhain sé croitheadh asam – Corn Sacair an Domhain 2025?'