Bhain Almodóvar na deora asam fá thrí lena shárscannán nua

Tá ár léirmheastóir chomh mór sin faoi gheasa ag ‘Pain and Glory’ le Pedro Almodóvar gur cuma leis mura bhfeicfidh sé aon scannán eile as seo go deireadh na bliana

Bhain Almodóvar na deora asam fá thrí lena shárscannán nua

‘Dolor y Gloria’, ‘Pain and Glory’, le Pedro Almodóvar

Cliar: Antonio Banderas, Penelope Cruz, Asier Etxeandia, Leonardo Sparaglia, Nora Navas, Julieta Serrano

Is léir ó na guairneán ildaite sícideileacha atá os do chomhair agus na teidil tosaigh ar an scáileán go bhfuil Almodóvar, príomhscannánóir na Spáinne, chun sinn a thabhairt ina theannta ar thruip chineama eile. Aistear anama é an turas sin san am céanna, truip dhírbheathaisnéisiúil trí ‘dolor y gloria’, trí phian is trí ghlóir a bheatha féinig.

Ar theacht amach dom ón truip scannáin sin (an cineama mo rogha féin druga), dúirt mé le mo chomhbhádóirí preasa lasmuigh gur cheapas go raibh an scannán ‘as radharc na cruinne ar fad ar fad’.

Is cuma liom anois mura bhfeicim aon scannán eile as seo go deireadh na bliana. Ar nós Simeon ag doras an Teampaill fadó, tá an ‘real deal’ feicthe agam.

Braithim, fearacht Simeon arís, go bhfuil m’anamsa ‘naomhaithe ag an tiarna’, tiarna lucht cineama sa chás seo.

Sa chéad seat tá Salvador Mallo (Antonio Banderas), stiúrthóir scannáin atá ag tarraingt ar na trí scór, ina shuí ar stól fá bhun uisce i linn snámha poiblí, a lámha sínte amach i bhfoirm croise aige. Dúnann sé na súile. Ciú…spléachadh siar nó ‘flashback’.

Meitheal ban ag níochán éadaí cois abhann, Jacinta (Penelope Cruz) ina measc. Ise máthair álainn Salvador óig (Asier Flores) atá ar an mbruach ag breathnú uirthi féin is a cairde le grá gan cháim an pháiste……..

Sa linn snámha briseann sean-Salvador barr uisce, amhras agus iarracht den sceon ar a ghnúis.

Cuirtear scaipeadh tobann ar reverie an pháiste…

Níl éinne inchurtha le Almadóvar chun athghléastaí cineamúla ama agus suímh mar sin a chruthú. Ní tharraingíonn obair fuála Amodovar aon aird uirthi féin. Baintear geit bheag áthais asat gach aon uair.

Tá gach sórt tinnis agus galar ag goilliúint ar Salvador, stiúrthóir iomráiteach scannán nár dhein aon scannán le fada. Tá sé ina chónaí ina aonar lena bhailiúchán luachmhar pictiúr i dteach galánta i gceantar Malasána i Maidrid.

Iarrann Músaem Guggenheim dhá phictiúr le Guillermo Pérez Villalta ar iasacht air. Diúltaíonn Salvador glan dóibh. ‘Níl de chompánaigh agam ach iad. Cónaím leo!’ ar sé.

Deir Almodóvar gur obair ficsin é Pain and Glory, ach caitheann Banderas/Salvador éadaí Almodóvar tríd síos. Tá cónaí ar a charachtar i dteach Almodóvar féin lena bhailiúchán luachmhar pictiúr. Is léir go bhfuil cosúlacht nach beag idir scéal Salvador agus saol Almodóvar féinig.

Má shiúlann tú ar nós lachan, má bhíonn tú ag vácarnach ar nós lachan, gach seans gur lacha thú!

Bhain Banderas an Palme d’Or aisteora in Cannes i mbliana dá ról, ach tá Almodóvar ag fanacht fós ar Palme d’Or an stiúrthóra lena chur le hais na ngradam Oscar, na Baftas agus na pictiúir de chuid Guillermo Pérez Villalta ina theach galánta in Maidrid.

Is ionann an scannán seo agus aiste ar an gcuimhne, ar an scannánaíocht féin agus ar an gcruthaitheacht mar dhruga. Scannán é faoi phléisiúr, faoi dhrúis, faoi phaisean agus faoi andúil drugaí, bídís ar oideas nó a mhalairt. Aiste freisin atá ann ar thinneas, ar athmhuintearas, ar an aois, ar an mbás, agus, thar aon rud eile, is aiste Pain and Glory ar chaidrimh mhóra na beatha.

Ina measc siúd, gan dabht, tá an caidreamh idir an mac Salvador is a mháthair Jacinta (Penelope Cruz/JulietaSerrano) agus an caidreamh idir Salvador is a iarchara Alberto Crespo (Asier Etxeandia) nár labhair lena chéile le blianta. Chomh maith leis sin tá an caidreamh idir Salvador is iarghrá geal a anama, Federico Delgado (Leonardo Sbaraglio), an té ab ansa leis ar fad. Ba é Delgado an grá éagmaise, iad scartha óna chéile le fada an lá. An grá a bhí dealaithe, briste, agus anois ar deireadh, gan comhlíonadh.

Seas ar leataobh anois Zvyagintsev, Sorrentino, Haneke, muintir Dardennes, Audiard agus fathaigh eile an cineama Eorpaigh. Seo chugainn an scannánóir is fearr ar fad, seans, le daichead bliain anuas. Seo chugainn an rí fad is a bhaineann sé le cíoradh a dhéanamh ar an uaigneas comhaimseartha, an sármháistir Spáinneach, an Manchego ar a theitheadh ó pharóisteachas Caitliceach an 19ú haois as ar fuineadh é, fear den 21ú haois a bhí lárnach sa 20ú haois.  Sea, seo chugainn Pedro Almodóvar ar a sheanléim fhoirfe arís, é ar ais arís sa diallait ar an machaire agus é ag tabhairt bhur ndúshlán go léir.

Is ócáid ar leith í nuair a théann ealaíontóir mar é i mbun báire caoin muirneach eile.  Scannán ‘fómhair’ ceart é seo. Ar dhul ‘Not Dark Yet’ le Bob Dylan.

Ach tá an Spáinn i samhlaíocht Almodavar i bhfad níos fairsinge ná amhrán álainn simplí Bhob.

Scannán smaointeach, lách, maiteach, athchogantach atá ann. Scannán atá á cheol dúinn sa mhionghléas E.

Scannán a bhreathnaíonn idir an dá shúil ar an mbás. Scannán a dhéanann iarracht ciall a bhaint as an saol trí lionsa éiginnte an agnóiseachais. 

Ní minic a bhaintear deora asam fá thrí le linn preasthaispeántas scannáin ach rug Almodóvar/Banderas orm trí huaire as a chéile le linn ‘Pain and Glory’.

Rinne siad luíochán orm fá dhó sa chaidreamh tnúthánach idir Salvador is an mháthair Jacinta, í anois ina seanlady (Julieta Serrano) agus í ag saothrú an bháis i dteach suáilceach compordach an scannánóra i Maidrid. Cumha uirthi i gcónaí i ndiaidh an tsráidbhaile suarach i La Mancha agus í ag áitiú air gan ligint don adhlacóir a cosa a cheangal sa chónra mar gur theastaigh uaithi cead a coise a bheith aici ar an taobh eile den uaigh. B’in mo chéad deoir. Scriosta a bhíos.

An dara deoir bainte asam ag an triúr, Almodóvar, Banderas agus Serrano, nuair a bhí an tseanlady ag réiteach an bhosca cuimhneachán a rachadh sa chónra léi. Thug a rogha díobh sin do Salvador lena coimeád ina chuimhne. Roghnaíonn sé ubh beag na dearnála. Spléachadh siar eile ar a óige agus súile ionraice an mhic ag adhradh a mháthar, Jacinta óg (Penelope Cruz).

An tríú racht bainte asam ag cumhacht agus fíneáltacht mhaoithneach na fírinne sa mhír fhada thomhaiste ina mbuaileann Salvador le fíorshearc a anama a bhí básaithe le fada (Leonardo Sbaraglia), a bhailiúchán pictiúr ina gcúlbhrat do theacht le chéile na beirte i dteach Salvador/Almodovar in Maidrid.

Tá an lucht féachana ar fad ar an scáileán ina theannta agus gan á nochtadh agam ach a leath.

Fianaise eile agam ar ealaín iontach an cineama.     

Fág freagra ar 'Bhain Almodóvar na deora asam fá thrí lena shárscannán nua'