B’fhiú d’aon duine lenar suim an t-oideachas ‘Poor’ a léamh

Sibhse, laochra an teagaisc is na hoiliúna a thugann ugach don té nár chleacht é, atá ar bharr na sraithe agamsa

B’fhiú d’aon duine lenar suim an t-oideachas ‘Poor’ a léamh

Bíonn an-doicheall agamsa roimh an tráth seo bliana agus na meáin ar fad lán le scéalta faoin Ardteist, an Lár-Oifig Iontrála [CAO] agus a cuid pointí.

Níl mise ina dhiaidh ar an daltaí díograiseacha sin ar fad a fuair ocht gcinn de H1 agus a d’oibrigh go crua ar a son. Nár laga Dia ná an saol iad – tá sé cruthaithe acu go bhfuair siad comhairle mhaith faoi leagan amach agus caochphoill scrúdú na hArdteiste, gur lean siad an chomhairle sin go docht, go raibh siad cumasach ag foghlaim ábhair agus ag aschur an eolais go soiléir, ar phár cuid mhaith, in am trátha.

Tá sé cruthaithe acu freisin go raibh a sláinte choirp agus intinne in ann ag an staidéar fada, go raibh spás agus am acu dá gcuid scolaíochta agus réamhullmhúchán agus go raibh tacaíocht nach beag acu sa mbaile agus sa scoil.

I mbliana bhí feachtas láidir ar bun faoi na printíseachtaí ach mo léan, lucht an CAO a thuill na ceannlínte. Is beag de lucht na 8 H1 a dheiseos d’fhuinneog, a chuirfeas painéal gréine ar do dhíon, a thiocfas chugat mar chúramóir, a shaorfas píopa calctha nó a bhearrfas do ghlib ach bí cinnte gurb iad a bheas ag déanamh cinntí faoi thodhchaí na tíre seo agus faoi scéiméireacht airgeadais lucht an údaráis.

Gortach go maith na ceannlínte a fhaigheann na múinteoirí cumasacha sna scoileanna sin a dhéanann a míle dícheall cuidiú le daoine óga a bhfuil trioblóid, faillí is easláinte in aon tíos leo. Daoine óga gonta a bhfuil ualach an tsaoil ag luí orthu agus an easpa treorach is an foréigean á suaitheadh – an eol do na meáin iadsan a bheith ann an tráth seo bliana?

Molaim do gach aon mhúinteoir is ceannaire scoile, gach feidhmeannach sna Ranna Oideachais agus Airgeadais leabhar an tsíceolaí Katriona O’Sullivan, Poor, a d’fhoilsigh Penguin anuraidh, a léamh. Níl a bhfuil inti éasca ná taitneamhach ach tá misneach agus ugach inti do na múinteoirí sin a thuigeann cás an tSúilleabhánaigh agus a leithéidí.

I measc na mbocht agus na ndíshealbhaithe a tógadh Katriona i gCoventry Shasana ar dtús. Ainnise, éadóchas is círéib a chonaic sí sa mbaile agus ina timpeall, beirt thuismitheoirí tugtha do dhrugaí agus don alcól agus a gclann óg allta á dtógáil fhéin. Tá an Dr Katriona anois ag obair i Roinn na Síceolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad ach cosán corrach anacrach a thug ansin í. Cén chaoi ar thug sí na cosa léi faoi dheireadh ón anó?

Daoine maithe a raibh tuiscint agus comhbhá acu léi agus lena cás. Mrs Arkinson, oide lách sna naíonáin a mhol í féin agus a cumas. Mná freastail an dinnéir a líon a pláta. Ms Hall a rinne socrú tábhachtach léi go deas discréideach go mbeadh galaoireach, ceirt, tuáille agus dráirín glan aici di sula ngabhfadh sí isteach sa rang chuile mhaidin, leis an leasainm ‘pissy pants’ a sheachaint.

An múinteoir Béarla a mheall an déagóir le ghabháil ar ais ar scoil agus leanbh faoina cúram agus ábhar amháin a dhéanamh don GCSE. An t-oibrí pobail a mheall í le cúrsaí oiliúna a dhéanamh agus í ar seachmall i mBaile Átha Cliath. An cúrsa rochtana ag Coláiste na Tríonóide agus an fhoireann tacaíochta a thugadh misneach di nuair a bhíodh an saol ag cur cor coise inti.

Ag tús téarma eile, is fiú do lucht an tríú leibhéal an leabhar seo a léamh le tuiscint níos fearr a fháil ar dhúshláin a gclann léinn agus le fáil réidh leis an meon uasal le híseal is gnách le lucht na n-ocht H1 atá seadaithe go teolaí in oifigí na n-áras léinn.

Ní chuireann an dochtúir síceolaíochta fiacail ann agus í ag déanamh anailís ar laigí na n-acadamh ach is measa fós léi an gearradh siar agus an scrios atá déanta ag an Rialtas ar an soláthar oibrithe agus scéimeanna tacaíochta pobail sna ceantair is géire a dteastaíonn siad.

Nach iomaí duine breá eile atá gan na deiseanna inniu a bhí ag Katriona i ndeireadh na nóchaidí nuair a bhí an tír ar maos in airgead, mar atá anois.

Bhíodh na hachtúirí ar an dream ab airde pointí tráth, meas tú cén chaoi ar loic na bancanna i ngan fhios dóibh? Cliseadh sin na mbancanna a scrios cúnamh is tacaíocht do lucht na hainnise agus an bheagáin, gearradh is neamart nár cúitíodh fós leo cé nárbh iad ba chúis leis.

Má tá aon údarás agat ar shaol na cosmhuintire léigh an leabhar seo. Más leat tuiscint a fháil ar thábhacht an dea-mhúinteora agus ar streachailt, easpa féinmhuiníne, drochamhras is coimhthíos na mbocht, léigh an leabhar seo.

Sibhse, laochra an teagaisc is na hoiliúna a thugann ugach don té nár chleacht é, is ait sibh. Sibhse atá ar bharr na sraithe agamsa.

Fág freagra ar 'B’fhiú d’aon duine lenar suim an t-oideachas ‘Poor’ a léamh'

  • John broderick

    Nì thógann sè ach mùinteoir tacùil comhbhàch amhàin dalta a sheoladh ar bhòthar a leasa

  • Múinteoir Buíoch

    Go raibh míle maith agat, a Mháire.