B’fhéidir gur cheart d’Údarás na Gaeltachta leabhair Mháirtín Uí Chadhain a léamh os ord sna monarchana

Gnáthrud i gCúba is ea leabhair a bheith á léamh sna monarchana le linn uaireanta oibre

B’fhéidir gur cheart d’Údarás na Gaeltachta leabhair Mháirtín Uí Chadhain a léamh os ord sna monarchana

Dá mbeadh leabhar Mháirtín Uí Chadhain Cré na Cille á léamh os ard i monarchana Chois Fharraige dhéanfadh muid iontas de. B’iontaí ná sin dá mba le linn uaireanta oibre a bheifí á léamh.

Dá mba rud é a bheadh ag tarlú seans maith gur iarchraoltóir as Raidió na Gaeltachta a bheadh le cloisteáil ar an láthair ag na hoibrithe.

Gnáthrud i gCúba is ea leabhra a bheith á léamh sna monarchana le linn uaireanta oibre. Nós é atá an-choitianta sna monarchana todóga go háirid. Tá cáil ar fud an domhain ar thodóga Chúba ar ndóigh.

Bhí cur síos an lá faoi dheireadh ar bhean darbh ainm Lara a bhíodh ag craoladh i stáisiún raidió nuair a fógraíodh post mar léitheoir i gceann de na monarchana seo. Chuir sí isteach ar an bpost. Bhí beirt fhear istigh air freisin.

B’amhlaidh a cuireadh ag léamh iad ar feadh 20 lá agus iarradh ar na hoibrithe ansin a mbreithiúnas a thabhairt faoi cé acu ba shoiléire agus ba nádúrtha. Lara a thug an chraobh léi.

Tá os cionn 200 léitheoir lánaimseartha den chineál seo ar fud Chúba ar fad. Ar ndóigh is faoi cheannas an stáit atá na monarchana.

Déarfá leat féin nach nós é a luífeadh rómhaith le córas an rachmais. Is ar éigean a d’fhostódh tionsclóirí príobháideacha daoine le dhul ag léamh ar an gcaoi sin.

Ansin aríst dá bhféadfaí a chur ina luí orthu go gcuirfeadh sé le táirgeacht na n-oibrithe, cá bhfios nach dtabharfaidís faoi.

B’fhéidir gur cheart d’Údarás na Gaeltachta súil a chaitheamh ar an scéal. Bíonn an-chaint na laethanta seo ar easpa Gaeilge a bheith in ionaid oibre na Gaeltachta. Nár mhór an t-athrú é dá mbeadh foireann léitheoirí ag léamh leabhra Gaeilge iontu?

Bheadh sin go maith dá mbeadh tóir ag na hoibrithe ar ábhar na leabhar Gaeilge. Céard a tharlódh dá gcuirfeadh an t-ábhar ré roithleagán ina gcloigeann?

I gcás go dtaitníonn an t-ábhar leis na hoibrithe i gCúba déanann siad gliogarnach leis na deiseanna a bhíonn acu leis na todóga a ghearradh. Buaileann siad faoin urlár iad nuair a bhíonn siad míshásta.

Tá Covid-19 ag goilliúint ar Chúba chomh maith le chuile thír eile. Bíonn cuid mhaith oibrithe as láthair óna gcuid oibre. Ní fiú faoi láthair úrscéal a léamh ó thús go deireadh.

Míreanna faoi chúrsaí an lae a léitear anois, fógraí faoi laethanta breithe na n-oibrithe, ábhar a bhaineann leis an monarcha féin agus faoin mbia atá ar fáil sa gceaintín.

B’fhéidir go gceapfaí gurbh é Fidel Castro a thug isteach nós seo na léitheoireachta an chéad lá riamh. Is cinnte go raibh sé ar a shon ach bhí ceannaire mór Cúbach eile á spreagadh roimhe.

Ba é sin Jose Marti. Ní nós nua a bhí ann lena linn siúd ach an oiread. Deir staraithe gur sa mbliain 1865 a thosaigh sé nuair a thogh na hoibrithe i monarcha El Figaro duine den fhoireann le dhul ag léamh dóibh. Gheall siad go gcuirfidís tuilleadh todóg ar fáil ar son mo dhuine a bheith curtha ar mhalairt oibre. Rinne siad bailiúchán airgid ina measc féin freisin lena thuarastal a íoc.

Sílim go bhfuil gaol ag an léitheoireacht seo sna monarchana le nós eile a thug scata againn faoi deara agus muid ar cuairt i gCúba uair amháin. Is é sin go mbíonn taispeántais bhríomhara cheoil faoin aer in áiteacha in La Habana thart ar mheán lae beagnach chuile lá.

D’fhiafraigh mise de dhuine acu ar cheoltóirí gairmiúla a bhí iontu. Dúirt sé nárbh ea ach oibrithe as na monarchana. Ar an drochuair níor éirigh liom a fhiafraí de arb é an stát a íocann iad sin freisin. Chuile sheans gurb é.

Fág freagra ar 'B’fhéidir gur cheart d’Údarás na Gaeltachta leabhair Mháirtín Uí Chadhain a léamh os ord sna monarchana'

  • alan titley

    Smaoineamh buile, adéarfá, ar an gcéad amharc. Ach ní hea! Ba mhalairt iontach í ar cheol ó chluais go cluais. Uaireanta is gá smaoineamh…cad iad na focail sin a bhí uaim…lasmuigh den dalla púicín. Ba thús maith, leis, a bheadh ann, leabhair a chur le léamh ar chúrsaí oideachais, gan amhras…

  • Áine

    tús a bheadh ann dá mba rud é go mbeadh Raidió na Gaeltachta ar siúl sna siopaí i gConamara … agus an Ghaeilge bhelo le cloisteáil ina dtimpeall…..’sé Tigh Ruairí i Leitir Móir an t-aon áit a raibh RnaG ar siúl chuile uair ar bhuail mé isteach ann…(ní suirbhé críochnaitheach é seo ach mo thaithí fhéin :) :) ábhar machnaimh… féidearthachtaí éagsúla