Tá sé ráite ag ionadaí ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn gurbh fhearr do chúrsaí Gaeilge ag an tríú leibhéal díriú níos mó ar ghnéithe “praiticiúla” den teanga amhail an phleanáil teanga in áit a bheith dírithe go hiomlán ar an litríocht.
Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inné, dúirt Pádraig Mac Brádaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAMLÉ, gur fadhb í an bhéim ar an litríocht agus gur chóir léargas a thabhairt ar “shaol reatha na Gaeilge”.
“Rinne mise cúrsa Gaeilge ceithre bliana i gColáiste na Tríonóide agus cé gur bhain mé an-sult as, bhí an cúrsa sin ar fad bunaithe ar an litríocht agus ar na gnéithe teicniúla den teanga. Ní raibh aon rud praiticiúil istigh sa chúrsa sin.
“D’fhoghlaim mé gach rud atá ar eolas agam faoi shaol na Gaeilge, faoin earnáil Gaeilge sa lá atá inniu ann, faoi na poist atá ar fáil inti, faoin phleanáil teanga, faoi na coincheapa sochtheangeolaíocha seo – na coincheapa is tábhachtaí i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann – d’fhoghlaim mé gach rud sa Chumann Gaelach,” a dúirt sé.
Dúirt Mac Brádaigh gur sampla an phleanáil teanga de na réimsí ar chóir a bheith san áireamh in aon chéim sa Ghaeilge ag an tríú leibhéal.
“Is dóigh liom gur fadhb mhór í sna hollscoileanna, go bhfuil an saol acadúil ródhírithe ar an litríocht. Cé go bhfuil tábhacht leis sin, níl na cúrsaí Gaeilge mar atá siad praiticiúil don lá atá inniu ann agus is minic a théann daoine isteach sna poist a bhaineann le pleanáil teanga agus sochtheangeolaíocht gan oiliúint, gan oideachas a bheith orthu faoi na rudaí sin.
“Is minic a thosaíonn duine i ról pleanálaí teanga gan taithí ar bith acu ar an ábhar. Ba cheart go mbeadh coincheap na pleanála teanga lárnach i ngach cúrsa Gaeilge mar ábhar sna hollscoileanna, dar liom féin.”
Bhí Mac Brádaigh agus ionadaithe ó aontais na mac léinn i gColáiste na Tríonóide agus in Ollscoil na Gaillimhe i láthair ag an gcruinniú i dTeach Laighean chun teagasc agus stádas na Gaeilge sna hinstitiúidí tríú leibhéal a phlé, mar a bhí Conradh na Gaeilge agus Comhairle na nÓg.
Dúirt Aoife Ní Bhriain, Oifigeach na Gaeilge in Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide, go raibh litreacha seolta ag mic léinn chuig scoil an dlí, scoil an leighis, scoil an cheoil, scoil na hinnealtóireachta, scoil an mhata agus lárionad léann na hEorpa ag iarraidh go gcuirfí modúil i nGaeilge ar fáil mar chuid de na céimeanna.
Dúirt sí gur fágadh faoi na mic léinn féin i gcónaí an taighde a dhéanamh chun a chruthú go mbeadh éileamh ar a leithéid, áfach.
Luadh freisin go mbíonn éiginnteacht ann go minic faoi chúrsaí tríú leibhéal a raibh an Ghaeilge luaite leo agus faoi cén chuid de na cúrsaí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge.
Bhí Ní Bhriain agus Mac Brádaigh ina measc siúd a mhol ag an gcruinniú coiste go mbunófaí gníomhaireacht nua, bunaithe ar shamhail Coleg Cymraeg Cenedlaethol sa mBreatain Bheag, a d’oibreodh leis na hinstitiúidí tríú leibhéal chun cúrsaí Gaeilge a chur chun cinn.
Agus é ag tagairt don ghníomh a bheadh ag teastáil chun an sprioc earcaíochta atá leagtha amach sa reachtaíocht a bhaint amach, sin go mbeadh 20% d’earcaigh nua chun na seirbhíse poiblí faoi 2030 ina gcainteoirí Gaeilge, dúirt Pádraig Mac Brádaigh gur theastaigh modúil éigeantacha sa nGaeilge i gcúrsaí a bheadh ag soláthar daoine chun na seirbhíse poiblí.
“Má tá an stát dáiríre faoin sprioc sin a bhaint amach, nó a bheith i ngar di fiú, is dócha go bhfuil gá le modúil Ghaeilge éigeantacha a chur i bhfeidhm i roinnt cúrsaí a phléann go díreach leis an earnáil phoiblí.”
Tá sé luaite sa bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Ghaeilge go mbeidh dúshlán ar leith ann dóthain daoine le Gaeilge a earcú sna seirbhísí sláinte chun cloí leis an sprioc sin toisc gur ón gcoigríoch a thagann an oiread sin daoine a bhíonn ag obair san earnáil sin ach dúirt Mac Brádaigh nár chóir go mbeadh sin ina bhac.
“Is féidir liomsa a rá gur as tír eile domsa, rugadh agus tógadh mé i Meiriceá. Ní raibh Gaeilge ar bith agam, ní dhearna mé Gaeilge ar scoil, ní raibh Gaeilge ag mo theaghlach agus mhúin mé an Ghaeilge dom féin. Is féidir í a fhoghlaim, is féidir teangacha a fhoghlaim.”
Aoife
Céard is fiú an phleanáil teanga gan an litríocht agus an Chultúir?
Lillis Ó Laoire
Is trua nach dtáinig an tUasal Mac Brádaigh go hOllscoil na Gaillimhe, mar a bhfuil cúrsaí den chineál a luaigh sé ar fáil i gcúrsa céime na Gaeilge le corradh agus fiche bliain. Go deimhin, tá cúrsaí iarchéime sna hábhair sin ar fáil fosta. Agus múintear iad gan son leithcheal a dhéanamh ar an litríocht. B’fhiú do Phádraig rud beag breise taighde a dhéanamh, is cosúil
Mícheál Ó Flaithearta
Sílim nach múintear mórán cúrsaí ar litríocht Mháirtín Uí Chadhain ar na hollscoileanna níos mó, munar faoi scáil an Bhéarla iad agus ag díriú ar an méid de shaothar Uí Chadhain atá aistrithe go Béarla nó go teangacha eile. An fáth atá leis seo, ceapaim, nach bhfuil na mic léinn ná a gcuid léachtóirí, in ann Gaeilge bhreá shaibhir an Chadhnaigh a léamh ná a thuiscint. Sin chomh bocht is atá an Ghaeilge anois! Ní thabharfaidh pleanáil teanga ar bith Humptaí ar, ais is baol liom.
Mairead de Faoite
B’fhear beim nios mo a chur ar an dteanga sa scoil náisiunta. Tus maith leath na hoibre!
Pádraig Mac Brádaigh
Mar fhreagra ar na tráchtanna thuas, ní dúirt mé ag pointe ar bith gur cheart fáil réidh leis an litríocht, ach gur cheart béim a chur ar an bpleanáil teanga agus ar an tsochtheangeolaíocht, na réimsí a thabharfadh an teanga slán le beartas teanga níos láidre mar a fheictear sa Bhreatain Bheag, sa Chatalóin agus i dTír na mBascach a chur i bhfeidhm. Ní bheidh aon duine fágtha chun an litríocht a léamh má leanaimid orainn mar atá agus cumas teanga na ndaoine agus daonra an phobal labhartha laethúil ag meath i gcónaí. Sin í an eolaíocht a bhaineann le hathbheochan teanga. Is fíor go bhfuil modúil sa tsochtheangeolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe le blianta, ach is gá do na coincheapa seo a bheith fite fuaite i ngach cúrsa bunchéime Gaeilge toisc go bhfuil tuiscint ar an mbeartas teanga de dhíth san earnáil iomlán agus de dhíth chun an teanga a shábháil. Níor cheart go mbeadh iarchéim de dhíth le teacht ar an ábhar seo agus seasaim leis nach gcuireann an saol acadúil go leor luacha le dul chun cinn sochaíoch na teanga i bhfianaise an ghéarchéim theanga atá ag titim amach faoi láthair. Caithfidh cothromaíocht réalaíoch a bheith ann idir na hábhair éagsúla seo agus is oth liom sin a rá toisc go bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leis an taobh cultúrtha agus liteartha de. Ar an drochuair, áfach, seo í an fhírinne chrua de réir bhail reatha na Gaeilge
Pleanálaí Teanga
Cén mhaith an Ghaeilge le cultúr an Bheárla inti? Tá cultúr na nGael chomh tábhacht céanna is atá an teanga í féin. Ar ndóigh, gan cultúr na nGaeilge, ní inti ach ‘Gaeilge an Bhéarlachais’, le téarma a ghoideadh. Ní hin an Ghaeilge, ach ‘English in Irish drag’, mar a dúirt Ó Béarra, ar dheis Dé go raibh a anam. Ní haon mhaith i nGaeilge gan an cultúr traidisiúnta – meon an Bhéarla a bheadh ann; is fadhb mhór é seo cheana, daoine ag aistriú an Béarla go literatha agus ag smaoineamh le meon Anglo-Irish, seachas meon na nGael.
Lillis Ó Laoire
Tá na cúrsaí ann ag leibhéal na fochéime. B’fhéidir go ndearnadh tuairisciú easnamhach ar an méid a dúirt Pádraig, is minic a tharlaíonn a leithéid. Ach ón léamh a rinne mise ar an chainy, níor tugadh aon chreidiúint do chúrsaí atá ann cheana, ach ag rá go raibh an litríocht taitneamhach ach nach raibh aon leas praiticiúil le baint aisti, agus gur cheart cúrsaí níos ábharaí don saol reath comhaimseartha a chur in ionad na gcúrsaí ar an litríocht. Úsáideachas é sin, rud a fhóireann go maith don mheon nua-liobrálach. Ba é an meon céanna sin a chuir deireadh le deontas scéim labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht gan dada fiúntach a chur ina háit. Tá an fhadhb chéanna ag pleanálaithe teanga nach bhfuil aon bhonn buan faoina gcuid post agus nach bhfuil aon sainmhíniú cruinn ann ar théarmaí agus ar scóp na bpost. Tá a shliocht orthu, nó fágann go leor daoine na poist sin ar mhaithe le hobair a bhfuil níos mó cinnteachta ag roinnt léi.
Cian Ó hIfernáin
Tuigim duit a Phádraig, ba cheart go mbeadh scoláirí ar an eolas faoi na réimsí sochtheangeolaíochta a bhaineann le meath teanga agus cothabháil teanga ar a laghad (saothar Uí Ghiollagáin, Uí Churnáin, Uí Dhonnacha (Seosaimh) agus Péterváry sa chomthéacs Éireannach mar shampla (tá an leabhar ‘An Chonair Chaoch’ go han-mhaith chomh maith) agus Lindell Bromham, Joshua Fishman agus b’fhéidir Kenneth McRae sa chomthéacs idirnaisiúnta), ach ní dóigh liom go mbeadh gá le níos lú béime a chur ar an litríocht mar gheall ar sin.
Rud a fheicim go minic ná daoine ag síneadh méire ar thíortha ar nós an Bhreatain Bheag le haghaidh comparáid a dhéanamh, agus cé gur fóinteach an rud é sin go pointe, is minic nach mbíonn tuiscint doimhin acu ar chúinsí shochtheangeolaíochta na Breatnaise. Feiceann siad na spriocanna, feiceann siad an bolscaireacht polatiúla, agus sin an méid. Tarlaíonn an rud céanna sa Bhreatain Bheag uaireanta, feiceann siad figúirí an daonáirimh anseo in Éirinn agus an bolscaireacht faoi ‘os cionn milliún cainteoirí’ agus ‘athbheochan na teanga’ agus measann siad go bhfuilimid ag éirí go hiontach anseo.
Is é fírinne an scéil go bhfuil an Bhreatnais níos láidre ná teangacha Ceilteacha eile mar gheall ar méid na gceantar atá fós ann ina mhaireann sí mar chéad teanga bheo dhúchasach na ndaoine.
Agus tá ag teip ar Rialtas na Breataine Bige meath na teanga sna ceantair sin a stopadh, bíonn Béarlóirí á lonnú féin sna ceantair sin agus athrú theanga na gceantar ag dul ar aghaidh.
Tá mé dóchasach faoi thodhchaí na Breatnaise, ní mar gheall ar a spriocanna uaillmhianacha ach mar gheall ar Gwynedd Council – úsáideann sí a cumhachtaí mar rialtas áitúil chun na teanga a chosaint sa háiteanna is láidre sa tír ó thaobh cainteoirí Breatnaise de. Dá mbeadh a leithéid de Rialtas Áitiúil ag Gaeil na Gaeltachta ag obair ar a son! (Ná déanaimis dearmad ar an cleas nimhneach a d’imir Rialtas na hÉireann ar Gluaiseacht Cearta na Gaeltachta nuair a chuir siad an focal ‘Údarás’ ar ‘Údarás na Gaeltachta’)