Beirt roghnaithe le dul i mbun oibre ar an mBlascaod Mór

As an Ísiltír í Claire de Haas agus as Ceanada é Brock Montgomery

Beirt roghnaithe le dul i mbun oibre ar an mBlascaod Mór

Tá beirt roghnaithe le dul i mbun oibre ar an mBlascaod Mór i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

As an Ísiltír í Claire de Haas atá 27 bliain d’aois agus as Ceanada é Brock Montgomery atá 29 bliain d’aois. Bhíodh Brock ag imirt haca go gairmiúil agus tá comhlacht éadaigh á rith anois aige. 

Post é seo a mbíonn an-tóir air agus de ghnáth tagann na céadta iarratas. Seo an tríú bliain ag an mbeirt seo cur isteach ar an deis cónaí agus obair ar an oileán cáiliúil.

 Choinníodar i dteagmháil leis an lánúin a bhíonn i bhfeighil na fostaíochta seo, Alice Hayes agus Billy O’Connor, agus suim mhór á leiriú i gcónaí acu an post a dhéanamh agus bhíodar sin in ann an post a phlé leo ar líne agus é a thairiscint dóibh.  Is garmhac é Billy O’Connor le Peter Callery, an dlíodóir ón Daingean arbh leis cuid mhór den oileán tráth.

Beidh an bheirt i bhfeighil chaifé agus lóistín an oileáin ón 1 Aibreán go dtí mí Dheireadh Fómhair. 

Beidh daoine in ann an bheirt a leanúint ar na meáin shóisialta agus iad ag ullmhú agus ag tabhairt faoina saol nua ar an mBlascaod. 

Táthar ag súil go mbeidh daoine in ann dul ar cuairt ar an oileán arís faoin 1 Aibreán. 

Fág freagra ar 'Beirt roghnaithe le dul i mbun oibre ar an mBlascaod Mór'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Gan focal Gaeilge nó Gaolainne ag ceachtar acu a léiríonn tábhacht agus ról na teangan i leith stair agus oidhreacht an Bhlascaoid ag lucht eagraithe na bpost seo. Is íorónta é gur ar 1 Aibreán a thosnoidh a dtréimhse oibre. Agus nach aisteach nach bhfuil aon ní le rá ag na páirtithe leasmhara i gcúrsaí an Bhlascaoid faoin easnamh seo nuair is duine nó comhlacht príobháideach atá i gceist, ach tapaidh go leor chun tabhairt faoin gComhairle Contae nó aon eagraíocht stáit dá dtarlódh a leithéid?

  • Amhairghin

    Tá an fhírinne inste ag Feargal. Dá mbeinn ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an oileáin, bheinn ag súil le taithí teanga ann. Tá cáil ar an oileán mar gheall ar Pheig agus ‘An tOileánach’ thar rud ar bith eile. Bhíos ag smaoineamh faoi chuairt a thabhairt ar an mBlascaod Mór le linn an tsamhraidh ach ní dóigh liom go mbeadh mórán tairbhe i gceist leis anois. Guím gach rath ar an mbeirt a bheidh i gceannas ach is trua é go mbeidh an lámh in uachtar ag an Sacs-Bhéarla ar an mBlascaod Mór.