Beirt láithreoirí aimsire nua ceaptha ag TG4

Tá fear as Gaeltecht Dhún na nGall agus fear as Baile Átha Cliath ceaptha ag Aimsir TG4

Beirt láithreoirí aimsire nua ceaptha ag TG4

Donncha Ó Murchú agus Darren Ó Dubhgáin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá beirt láithreoirí aimsire nua ag TG4, fear as Gaeltacht Dhún na nGall agus fear as Baile Átha Cliath a bhfuil Gaoluinn na Mumhan aige.

As Gort an Choirce do Darren Ó Dubhgáin a bhí ag obair ina Chomhordaitheoir Meán Sóisialta le Cúla4, cláir na n-óg ar TG4 roimhe seo.

D’fhreastail Darren Ó Dubhgáin ar Scoil Náisiúnta Chnoc na Naomh agus ar Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinís in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar a ndearna sé MA sna meáin chomh maith.

As Cill Mochuda, i mBaile Átha Cliath do Dhonncha Ó Murchú, a bhí ag obair roimhe seo mar Chomhordaitheoir Meán Sóisialta le Molscéal TG4.

D’fhreastail sé ar Choláiste Eoin agus UCD, mar a ndearna sé staidéar ar an nGaeilge agus an stair.

Chaith sé seal ag teagasc na Gaeilge agus bhí sé tamall á múineadh in Ollscoil Montana.

Dúirt Darren Ó Dubhgáin nár cheap sé riamh go mbeadh an deis aige “obair a fháil i mo theanga dhúchais i mo láithreoir aimsire ar TG4”.

Tá Donncha Ó Murchú ag súil go mór lena phost nua chomh maith.

“Bliain ó shin, ní fhéadfainn a shamhlú go mbeinn á dhéanamh seo. Is jab iontach é agus táim fíorbhuíoch gur tugadh an deis dom,” a dúirt sé.

Deir Donncha Ó Murchú, go bhfuil “áit speisialta ina chroí do Ghaelainn Chorca Dhuibhne!”.

Oileán Thoraí an áit is ansa le Darren Ó Dubhgáin agus is breá leis dul ann lena mhuintir.

Metraweather a chuireann an tseirbhís aimsire ar fáil do TG4 agus Weatherscape XT, comhlacht sa Nua-Shéalainn a chuireann na grafaicí ar fáil do na míreanna.

Bíonn láithreoirí aimsire TG4 i mbun leanúnachais ar an stáisiún chomh maith.

“Is iad na láithreoirí aghaidh agus glór an stáisiúin,” a dúradh i ráiteas ó TG4.

Fág freagra ar 'Beirt láithreoirí aimsire nua ceaptha ag TG4'