Beirt fhear óg níos nádúrtha ina dteanga dhúchais níor chuala mé le fada, gan trácht ar a scileanna margaíochta…

Fág faoi fhir Iorras Aithneach é cuimhneamh ar phortach móna a ghróigeadh, a thógáil agus a chur amach ar bóthar mar chéad duais i gcrannchur!

Beirt fhear óg níos nádúrtha ina dteanga dhúchais níor chuala mé le fada, gan trácht ar a scileanna margaíochta…

Is annamh cluas agam le Raidió na Gaeltachta le tamall, ach féach gur chuala mé seoid de phíosa comhrá ar Iris Aniar maidin arú inné.

Beirt imreoirí as foireann Charna/Caiseal a bhí ag cur síos ar an gcrannchur a bheas acu i mí an Mheithimh chun cuid de chostais na peile a ghlanadh.

Is beag is fiú mo scil ná mo bhreithiúnas ar a gcumas peile ach beirt fhear óg níos nádúrtha ná níos ábalta ar a dteanga dhúchais níor chuala mé le fada an lá.

Cuimhnigh ar an intleacht agus an éirim samhlaíochta atá ag an mbuíon a chuimhnigh ar phortach móna a ghróigeadh, a thógáil agus a chur amach ar bóthar mar chéad duais i gcrannchur. Sin í anois an tsúil eile!

Pingin ná leathphingin ní bheidh le n-íoc in aon spórtlann ag peileadóirí Charna/Caiseal feasta lena mbeidh d’aclaíocht déanta acu leis na push-upachaí agus na sit-upachaí ar an bportach agus cá bhfágfá na séirsí fada sin ar a ngogaide ag gróigeadh na móna. Nach beag an t-iontas gur gróigeadh an Ghaeilge atá ar squateachaí na spórtlainne!

Tá súil agam nach mbeidh aon duine acu ina phleainc sa lagpholl seachas a bheith ag déanamh plancanna na haclaíochta.

Fág faoi fhir Iorras Aithneach é, nach raibh ina gcodladh agus an ghaois á roinnt, mar in áit dul thar sáile nó go hóstán sómasach chun cluichí ‘bonding’ a imirt le dea-chaidreamh a chothú sa gcriú, déanfaidh siad sin ar an bportach.

Mise á rá leat nuair atá tú maraithe le pian i do dhroim, spalptha leis an tart nó do phutóga thiar ar do dhroim agus tú ite ag míoltóga beaga nó go bolg sa lagpholl agus é ag clascairt báistí nach deacair méit maith a aithneachtáil.

D’fhéadfadh an tionscnamh seo a bheith níos fearr d’Iorras Aithneach ná Páirc na Mara. Céard faoi Richard Bruton agus Seán Canney féin a thabhairt leo ar an bportach go bhfeicfidís an comhshaol, an comhoibriú agus comhar na gcomharsan ar an bportach?

Cá bhfios ach go mbainfí slám allais astu freisin agus iad ann?

D’fhéadfadh dream Charna an t-each luachra, an fraoch agus an chíb a spáint do na hairí nuair a bheidís ar a mbionda ag gróigeadh. Is gearr go dtuigfidís nach ribín réidh ar bith tine a choinneáil síos. Diabhal blas dochair a dhéanfadh seal ag gróigeadh do Shane Ross ach an oiread agus d’fhéadfadh Michael Fitzmaurice cúpla ceacht a thabhairt dó sa lagpholl.

Mar a deir lucht an Údaráis, is diabhaltaí go deo na féidearthachtaí atá ag an gcéipear seo – ‘Come to the old sod agus caill slám de bhlonag do thóna ag gróigeadh’, ‘Bonding therapy i bhfraoch cumhra an lagphoill’ nó ‘Plenty of blarney ó leaids Charna’. D’fhéadfadh Marty Walsh é a dhíol i mBoston.

Tá mé siúráilte go bhfuil siad ann a d’íocfadh as an deis a fháil suí ansin ag breathnú ar scór fear óg i mbláth na hóige ag gróigeadh agus a dtóin san aer.

Peileadóirí fir an chumainn a phleanáil an teiripe sláinte agus póca seo ach beidh an-fháilte acu roimh mhná an chumainn chomh maith ach fonn a bheith orthu tabhairt faoin spadalach.

Ní taobh le do phortach a ghróigeadh duit atá mar dhuais sa gcrannchur seo. Tarracóir móna, luach €400 an dara duais, luach €150 ola (ar fhaitíos nach dtriomódh an mhóin) agus dinnéar i gCaisleán Bhaile na hInse an dá dhuais bhreátha eile.

Má theastaíonn athrú oibre ó Cholm Ó Neasa nó ó Sheán Seosamh Ó Curraoin, ba mhaith an ball ag aon chraoltóir nó aon údarás iad.

An-mhargadh go deo an ticéad don chrannchur seo – €10 an ceann agus beidh an raifil á tharraingt ar RnaG ar an 2 Meitheamh.

Fág freagra ar 'Beirt fhear óg níos nádúrtha ina dteanga dhúchais níor chuala mé le fada, gan trácht ar a scileanna margaíochta…'

  • Colm Mac Fhionnghaile

    Chan fheil sárú ar chlisteacht Charna. Nár laga Dia iad