Ciontaíodh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu Alan Vial agus Nikita Burns as dúnmharú Robert Wilkin i gceantar Shliabh Liag i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall in 2023. B’as contae Thír Eoghain ó dhúchas Robert Wilkin, a bhí ag cónaí sna Cealla Beaga le Alan Vial tráth a bháis.
Fuarthas corp Wilkin san fharraige ag bun na n-aillte cáiliúla i mí an Mheithimh 2023. Maraíodh an fear 66 bliain d’aois sular caitheadh a chorp le haill.
Is as an mbaile Gaeltachta an Charraig í Nikita Burns, atá 24 bliain d’aois, agus is as na Cealla Beaga, atá in aice láimhe, é Alan Vial, atá 39 bliain d’aois. Phléadáil an bheirt acu neamhchiontach as an dúnmharú.
Chuala an giúiré go raibh dhá scoilt i mblaosc Wilkin sular caitheadh le haill é. Fuair an Garda Cósta an corp san fharraige ocht lá i ndiaidh a mharaithe. Dúirt Paiteolaí an Stáit Margaret Bolster nárbh fhéidir a dhéanamh amach ar tharla gortuithe eile don chorp sular caitheadh i bhfarraige é nó ina dhiaidh sin.
Fuair an Garda Síochána cloch a raibh fuil uirthi ag barr na n-aillte agus dúirt an paiteolaí gurbh í an chloch sin ba thrúig bháis do Wilkin. Léiríodh i dtástálacha DNA a rinneadh ar an gcloch gurbh í fuil agus gruaig Wilkin a bhí uirthi.
Tar éis ceithre lá ag cur agus ag cúiteamh chinn an seachtar ban agus an cúigear fear a bhí ar an ngiúiré go raibh Vial and Burns ciontach.
Amárach a ghearrfar príosún saoil ar an mbeirt, an phianbhreith shainordaitheach ar an gcion inar ciontaíodh iad inniu. Beidh deis ag muintir Robert Wilkin ráiteas a dhéanamh sa gcúirt amárach chomh maith más mian leo.
Fág freagra ar 'Beirt ciontaithe as marú fir ar aimsíodh a chorp ag Sliabh Liag'