Beirt bhan mhisniúil – Máiréad Ní Ghráda agus Catherine Corless

Bean mhisniúil ab ea Máiréad Ní Ghráda a dhein beart de réir a briathair i gcónaí agus tháinig Catherine Corless mar chomharba uirthi, d’fhéadfaí a rá

 Beirt bhan mhisniúil – Máiréad Ní Ghráda agus Catherine Corless

Seasca bliain ó shin nó mar sin scríobhadh dráma sa tír seo a chothódh éad i leithéidí John Osborne agus Harold Pinter gan ach beirt de na angry young men thall i Sasana a bhí meáite ar an gcóras leatromach, éagórach bhí fós faoi lánseol ina dtír féin, dar leo, a cheistiú agus a lochtú ina ndrámaí. Agus an raibh a nguthanna féin le cloisint ina ndrámaí cáiliúla faoi shochaí na linne sin? Abair é ach go raibh.

Ní mar sin don té a chum agus a cheap an dráma misniúil, réabhlóideach, dúshlánach  An Triail. Fimineach misniúil ab ea Máiréad Ní Ghráda a dhein beart de réir a briathair i gcónaí. Lig sí dá dráma an scéal tragóideach, éagórach, uafásach a insint ar a son. Níor mhill sí ná níor scrios sí cumhacht an dráma trína breithiúnas féin ná a claontaí féin a fhí isteach ann.

D’fhág sí faoin lucht féachana a n-aigne a dhéanamh suas maidir le breithiúnas de. Mar sin féin, caithfidh go raibh imní de chineál éigin uirthi ar an 22 Meán Fómhair 1964, nuair a léiríodh den chéad uair é in Amharclann an Damer i mBaile Átha Cliath agus Caitlín Maude i bpáirt Mháire Ní Chathasaigh, an phríomhphearsa. Cáineadh géar a bhí ann ar an mbealach a caitheadh le cailíní óga single a bhí ag iompar clainne ag an am. Cé gur chothaigh an dráma roinnt conspóide, ar an iomlán fuair sé ardmholadh ó na léirmheastóirí agus ón lucht féachana. Agus fiú dá mba rud é gurbh é an drochléirmheas a fuair sé, ní dóigh liom go mbeadh aon fhaitíos uirthi an fód a seasamh ar son a saothair.

Thuig sí go raibh an fhírinne á hinsint aici agus ná féadfaí an fhírinne sin a cheilt. Nocht an dráma sochaí an ama sin in Éirinn agus an fhimíneacht, an cur i gcéill agus an dúshaothrú do-mhaite a deineadh ar chailíní óga a bhí mar chuid lárnach den tsochaí chéanna. Leag sí a méar ar chuisle na faidhbe agus nocht bréagchráifeacht phobal na hÉireann agus na n-institiúidí eaglaise agus stáit a bhí ag obair as lámha a chéile an tráth sin. Níor chuir sí fiacail ann ach léirigh an fhírinne shearbh ó thús deireadh.

Tháinig Catherine Corless mar chomharba uirthi, d’fhéadfaí a rá. Ceannródaí ar an dóigh chéanna le Máiréad agus bean mhisniúil eile a dhein beart de réir a briathair. Cé go raibh breis agus leathchéad bliain idir céadléiriú An Triail agus obair thaighde Catherine, bhí an gort céanna á threabhadh acu beirt. Bhí ar Catherine an fód a sheasamh in aghaidh na n-institiúidí eaglaise agus stáit agus í ag iarraidh an fhírinne a aimsiú maidir le bás agus adhlacadh na gcéadta naíonán in áras na máithreacha agus naíonán i ndeoise Thuama. Ach lig sí don fhianaise an scéal a insint di.

Ní gan dua a dhein sí an obair dhúshlánach sin. Bhí an fhianaise a bhí á lorg aici fíorghann ar fad. Chomh maith leis sin bhí sé thar a bheith deacair di a lámh a leagan ar leabhair thaifead nó ar eolas cuí i dtaobh na naíonán éagsúil. Ní ba mheasa fós cuireadh ina haghaidh agus í ag iarraidh teacht ar an bhfianaise seo. Ach níor lig sí d’éinne í a chur dá treoir agus lean sí uirthi go dianseasmhach agus go cróga ag tochailt fúithi go dtí gur aimsigh sí a raibh uaithi: 796 teastas breithe a léirigh gur adhlacadh an méid céanna naíonán i dtailte an árais i dTuaim. Éacht a bhí ina cuid taighde agus dianoibre a mhairfidh ina diaidh agus a choinneoidh a stádas mar cheannródaí agus bean mhisniúil beo go deo.

An bheirt bhan mhisniúil seo, thógadar seasamh agus thugadar dúshlán na n-institiúidí ar mhaithe leis an bhfírinne agus leis an bhfianaise a nochtadh ionas nach dtarlódh a leithéid arís. Tá buíochas mór tuillte acu beirt dá bharr.

Fág freagra ar ' Beirt bhan mhisniúil – Máiréad Ní Ghráda agus Catherine Corless'

  • John Broderick

    Sàr phíosa scríobhnòireachta

  • Pól Ó Braoin

    Tugann leithéide Mháiréad agus Catherine dóchas as an domhan seo dom… Alt den scoth uait, a Mhichíl…