Béim ar fhaoiseamh cánach i mbuiséad deireanach an Rialtais roimh an toghchán

Príomhaidhm an Bhuiséid ná go leanfaí leis an teacht aniar, a deir an tAire Airgeadais ach a shaothar cáinte ag an bhfreasúra

 

Pictiúir: Sam Boal/RollingNews.ie
Pictiúir: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá a mbuiséad deireanach fógartha ag an Rialtas tráthnóna agus gan aon ardú cánach ann seachas an 50 cent breise atá le gearradh ar bhosca toitíní.

Agus an buiséad á fhógairt aige, dúirt an tAire Airgeadais, Michael Noonan gur léiriú a bhí i bhfógra an lae inniu ar “théarnamh an gheilleagair” agus go rabhthas “ar an gcosán ceart chun na postanna a cailleadh a fháil ar ais”.

Dúirt Noonan chomh maith go raibh na buiséid le cúpla bliain anuas “an-dian” ach ba é a dtoradh go bhféadfadh Éire teacht slán as an bpacáiste tarrthála a cuireadh ar fáil di agus teacht aniar mar is ceart a dhéanamh. “Is í príomhaidhm an Bhuiséid seo go leanfaí leis an teacht aniar sin,” a dúirt sé.

Tá cáineadh déanta ag an bhfreasúra ar an mbuiséad agus iad ag rá gur “cleasaíocht” réamhthoghcháin a bhí i gceist.

Dúirt urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil, Michael McGrath, gurb í an tréith is suntasaí den bhuiséad ná gur chun leas daoine atá “go maith as a bhí sé”.

“D’fhág gach buiséad atá fógartha ag an Rialtas seo gur tír níos éagothroime í an tír seo,” a dúirt McGrath.

Fógraíodh i mBúiséad 2016 tráthnóna go mbeadh an pointe iontrála chuig an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ag méadú ó €12,012 go €13,000. Tá na rátaí MSU laghdaithe ó 1.5% go 1%, ó 3.5% go 3%, agus ó 7% go 5.5%.

Tá an pointe iontrála le haghaidh ÁSPC (PRSI) le méadú go dtí an ráta is airde, 10.75%, ó €20 sa tseachtain go dtí €376 sa tseachtain.

Fógraíodh chomh maith go bhfuil an ráta imeallach cánach laghdaithe go dtí 49.5% dóibh siúd a thuilleann níos lú ná €70, 044 sa bhliain. Méadú €190 atá tagtha ar an gCreidmheas Cánach le haghaidh Cúramóirí Baile.

Tá an dáta athluachála i gcomhair Cháin Mhaoine Áitiúil curtha ar athló ó 2016 go dtí 2019 agus tá mar aidhm ag NAMA 20,000 aonad cónaithe a chur ar fáil roimh dheireadh 2020.

€900 sa bhliain a bheidh san uasráta le haghaidh cáin feithiclí tráchtála, é laghdaithe ó €5,195.

Idir an dá linn, tá cúig ráta nua le cur isteach in áit an fiche ráta atá ann faoi láthair le haghaidh cáin feithiclí tráchtála. Fógraíodh freisin go bhfuil laghdú 20% tagtha ar cháin ghóthachan caipitil agus teorainn €1m leis.

Cuirfear deireadh leis an tobhach maoinithe pinsin 0.15% ag deireadh na bliana seo. Méadú €3 sa tseachtain atá tagtha ar phinsin, agus táthar tar éis an Deontas Cúram Faoisimh a chur ar ais chuig €1,700.

Gheofar €2.50 breise sa tseachtain de liúntais bhreosla (méadú 12.5%).

D’fhógair an Rialtas chomh maith go bhfuil maoiniú €25m curtha ar leataobh acu chun breis foirne agus ionad a fháil le dul i ngleic le géarchéim na dteifeach.

Dúradh freisin go n-íocfar saoire atharthachta coicíse le haithreacha ó Mheán Fómhair seo chugainn agus go bhfaigheadh leanaí atá faoi bhun 12 bliain d’aois cúram leighis saor in aisce óna ndochtúirí ginearálta.

€8.5bn atá curtha ar leataobh le haghaidh cúrsaí oideachais (€8.01bn a bhí ann anuraidh).

I dtreo dheireadh a óráide, dúirt an tAire Chaiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, gurb í an chosaint shóisialta is fearr a d’fhéadfaí a thabhairt do dhaoine ná fostaíocht agus gur fhág cáiréiseacht agus stuaim an Rialtais le blianta beaga anuas go bhféadfaí an tír a shábháil ó thitim le haill.

Fág freagra ar 'Béim ar fhaoiseamh cánach i mbuiséad deireanach an Rialtais roimh an toghchán'