Beidh Mars níos gaire don domhan anocht ná a bhí sé le 32 bliain, anocht oíche na Gealaí Fola

Feiniméan nádúrtha atá sa ngealach fola a tharlaíonn go hiondúil faoi dhó sa mbliain

Beidh Mars níos gaire don domhan anocht ná a bhí sé le 32 bliain, anocht oíche na Gealaí Fola

Ní thabharfadh réamhaisnéis na haimsire mórán dóchais do dhuine ach beifear ag súil go mór le spéir ghlan idir a naoi agus a deich a chlog anocht nuair a bheidh iontas nach bhfeictear ach go hannamh sa spéir, gealach fola.

Urú ar an ngealach atá inti seo agus má fhanann na scamaill uainn anocht ba cheart go mbeadh an ghealach neamhghnách seo le feiceáil ar feadh 45 nóiméad ó leathuair tar éis a naoi ar aghaidh.

Feiniméan nádúrtha atá sa ngealach seo a tharlaíonn go hiondúil faoi dhó sa mbliain. Nuair a théann an domhan idir an ghrian agus an ghealach, clúdaíonn scáil an domhain an ghealach agus tugtar gealach fola ar an ngealach sin.

Ní tharlaíonn urú iomlán ach nuair a bhíonn an ghealach lán agus an ghrian, an ghealach agus an domhan ina n-aon líne amháin. Níl aon solas ar an ngealach féin ach go bhfrithchaitear gathanna na gréine dá dromchla. Mar a bheidh anocht, nuair a ghabhfas an domhan sa solas ar an ngealach is amhlaidh a athraonfar nó a chaithfear an solas ó atmaisféar an domhain agus feicimid an dath dearg nó an ghealach fola. An bealach céanna a fheicimid spéir dhearg  an tráthnóna nó spéir ghorm lá breá. Nuair a bheidh an t-urú ag glanadh leis beidh scáil an domhain le feiceáil ar an ngealach.

Ní fheicfimid anseo in Éirinn ach an chuid deiridh den urú ach mairfidh an t-urú féin 103 nóiméad ar fad.

Ní theastóidh teileascóp cumhachtach uait lena fheiceáil, déanfaidh gnáthghloiní méadaithe ach an spéir a bheith glan.

Ach beidh iontas eile ar an spéir anocht chomh maith. Píosa beag anuas ón ngealach, beidh rinn nó solas gléineach mar a bheadh réalta dhearg le feiceáil agus sin é an pláinéad dearg nó Mars. Beidh Mars níos gaire don Domhan anocht ná a bhí sé le 32 bliain.

Is tráthúil go mbeidh an t-urú seo againn anocht agus iontais seandálaíochta nua aimsithe in aice le Brú na Bóinne le déanaí, séadchomharthaí a léiríonn an spéis a bhí ag ár sinsir sa réalteolaíocht agus i gcumhacht na gréine.

Fág freagra ar 'Beidh Mars níos gaire don domhan anocht ná a bhí sé le 32 bliain, anocht oíche na Gealaí Fola'