GAILEARAÍ: Pictiúir nua ón aer de láithreán Bhrú na Bóinne foilsithe ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta

Fianaise sna pictiúir de shibhialtacht an-fhorbartha a bhí faoi rún sa tírdhreach leis na mílte bliain, dar leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

GAILEARAÍ: Pictiúir nua ón aer de láithreán Bhrú na Bóinne foilsithe ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta

Tá sraith de phictiúir nua ón aer den Láithreán Oidhreachta Domhanda ag Brú na Bóinne i gCo na Mí foilsithe inniu ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Thug an tAire Josepha Madigan le fios go ndearna sí coimisiúnú ar na pictiúir nua, a tógadh le dróin os cionn an tsuímh an tseachtain seo caite, de bharr fianaise sheandálaíochta nua a bheith tagtha chun cinn sa gceantair mar thoradh ar an dea-aimsir le tamall anuas.

Ábhar mór iontais iad na pictiúir nua, dar leis an Aire Madigan. Nochtann siad ‘fianaise a bhí faoi rún’ agus  ‘i bhfolach sa tírdhreach leis na mílte bliain’, dar léi.

Dúirt an tAire go dtógfaidh sé roinnt ama ar Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta tuiscint iomlán a fháil ar a bhfuil le feiceáil sna pictiúir nua a thugann léargas ar shibhialtacht a bhí an-fhorbartha.

Ba í an tréimhse fhada d’aimsir thirim a chruthaigh an deis leis na hiontais seandálaíochta seo a fheiceáil, dar leis an Aire. “Is olc an ghaoth nach séideann maitheas do dhuine éigin,” a dúirt sí.

 

Bóthar go dtí na deasghnátha nó clós ollmhór?

 

Imfhálú réamhstaire ó dheas de Bhrú na Bóinne

 

Heinsí a léiríonn go raibh pobal eagraithe stuama i mbun a dtógála

 

An heinse (créfort) is déanaí a fuarthas faoina dhearadh casta geoiméadrach

 

Na trí heinse atá siar ó dheas ó Bhrú na Bóinne agus gach cuma orthu gur mar aon aonad amháin a dearadh iad

 

Gleann na Bóinne ó dheas de thuama pasáiste Bhrú na Bóinne
Ó dheas de Bhrú na Bóinne atá an láthair searmanais iontach seo

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pictiúir nua ón aer de láithreán Bhrú na Bóinne foilsithe ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta'