Is féidir príomhscéal polaitiúil na bliana nua a thuar gan stró. Pléifear mórán ábhar eile sa Dáil ach is ar thithíocht a bheidh leas an rialtais agus leas na tíre ag brath.
D’fhoilsigh an rialtas plean tithíochta nua i mí na Samhna inar tugadh gealltanas go mbeadh 300,000 ionad cónaithe nua tógtha faoi 2030. Ní foláir a rá áfach gur beag duine sa tír atá muiníneach go gcuirfear dlús le tógáil tithe mar is gá sa ghearrthéarma.
Ní ar obair thógála ach ar réamhobair reachtaíochta chun dlús a chur le tógáil a chuirfidh an rialtas béim sna míonna atá romhainn. Foilsíodh clár oibre i mí na Nollag chun tógáil tithíochta agus bóithre, chomh maith le forbairt an chórais uisce agus fuinnimh, a bhrostú.
Is léir cheana féin go spreagfaidh na srianta nua atá beartaithe ar athbhreithniú breithiúnach go leor gearán agus ceisteanna. Beifear ag faire go géar freisin ar shonraí an phlean de réir mar a neosfar iad. Mar shampla ar scála agus ar an gcineál togra a bheidh san áireamh de réir na rialacha pleanála nua – sonraí nár fógraíodh fós.
Cuirfear rialacha nua i bhfeidhm in 2026 chun cosaint theoranta a thabhairt do thionóntaí. Is éard a tharla tar éis eisiúint na rialacha gur tháinig méadú ar eisiúint orduithe díbeartha.
Is eiseamláir eile an t-athrú sin agus a éifeacht den deacracht a bhaineann le gach réiteach ar an ngéarchéim thithíochta: ní feabhsú ach easpa feabhais nó a mhalairt uaireanta a fheictear sa ghearrthéarma.
Beidh tionchar ag cúrsaí tithíochta ar na fothoghcháin a chaithfear a reáchtáil de réir dlí faoi dheireadh mhí na Bealtaine ar a dheireanaí. Vótálfar i nGaillimh Thiar, áit a raibh Catherine Connolly ina Teachta Dála gur toghadh í mar Uachtarán, agus i mBaile Átha Cliath Láir áit a raibh Paschal Donohoe ina Theachta Dála go dtí gur ceapadh é mar phríomhfheidhmeannach ar an mBanc Domhanda i Washington.
Beidh súil ag beirt neamhspleách nár toghadh ach a bhí san iomaíocht go dtí an comhaireamh deireanach san olltoghchán go mbeidh seans acu suíochán a ghnóthú. Tá bearna shuntasach áfach idir an vóta a theastaíonn chun cuóta olltoghcháin a shroichint agus an cuóta caoga faoin gcéad a theastaíonn i bhfothoghchán.
Ní thoghfar Noel Thomas i nGaillimh Thiar ná Gerry Hutch i mBaile Átha Cliath Láir, áfach, mura dtagann méadú mór ar a sciar den vóta olltoghcháin agus beidh scata iarrthóirí eile in iomaíocht leo.
Cuirfear spéis ar leith sna fothoghcháin féachaint an mbeidh páirtithe na heite clé, ar toghadh Catherine Connolly lena dtacaíocht, toilteanach comhoibriú lena chéile arís. Go dtí seo ní léir aon toil ina measc comhiarrthóir a ainmniú. Is dóichí ná a mhalairt go mbeidh na páirtithe sin toilteanach aistriúcháin eatarthu a mholadh. An molfaidh siad go léir a leithéid dáiríre? Sin scéal eile.
Beidh airí agus státseirbhísigh shinsearacha gafa le cúrsaí Eorpacha roimh agus le linn tréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an AE. Ní mór an aird a thabharfaidh ár bhformhór ar a gcúraimí ach cuirfidh siad brú ar an rialtas a mbaineann baol nach beag leis nach dtabharfaidh siad aghaidh go pras ar chúrsaí áirithe abhus.
Glacann mórán comhaltaí d’Fhianna Fáil leis go n-éireoidh Micheál Martin as post an Taoisigh go gairid tar éis a thréimhse mar chathaoirleach Eorpach. Breithneofar a chuid cainte go géar go dtí sin féachaint a dtabharfaidh sé leid nach fada go mbeidh deireadh lena ré i gceannas.
Is dócha mar sin féin go gcloífidh an Taoiseach le seanphrionsabal ceannaireachta – gan leid ar bith a thabhairt roimh ré faoi éirí as oifig – d’fhonn a lán-údarás a choimeád mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar a pháirtí.
Is féidir a bheith cinnte go gcuirfidh páirtithe an fhreasúra brú ar an rialtas go dtí go gcuirfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha Helen McEntee bille a choiscfidh trádáil le críocha gafa Iosrael ar chlár na Dála. Dúirt sí le gairid nach raibh bailchríoch curtha ar an reachtaíocht. Tá geallúint go dtabharfaí isteach an bille sa chlár rialtais a foilsíodh bliain ó shin.
Ní theastaíonn saoi chun tairngreacht amháin faoin mbliain atá romhainn a dhéanamh. Beidh méadú eile ar chostas Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus moill eile ar an dáta oscailte ina gcnámh spairne ar feadh na bliana. Sheachain an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill caint shoiléir le gairid ar oscailt an ospidéil, díreach mar a rinne airí sláinte eile roimpi.
Bhíothas ag súil i dtosach go mbeadh cóir leighis á cur ar pháistí ann faoi 2020. Táthar ag súil anois gur uair éigin i rith na bliana nua a fháilteofar roimh an gcéad othar. Ní bheidh iontas ar dhuine ar bith má chuirtear moill ar chríoch na hoibre arís.
Rithfear an bille a scaoilfidh cuid den Ghlas Triarach tar éis díospóireacht theasaí sa Dáil. A luaithe a chuirfidh an tUachtarán a hainm leis an mbille (féach tuilleadh faoi seo thíos), ní bheidh tacaíocht na comhairle slándála de dhíth níos mó sula seolfar aonaid de na fórsaí cosanta thar lear. Ní theastóidh ach cinneadh rialtais agus vóta ina fhabhar i nDáil Éireann.
Cé gur laghdaigh líon na n-iarrthóirí nua tearmainn in 2025, beidh inimirce den uile chineál á plé go tréan ó am go ham in 2026 go háirithe mar gheall ar na rialacha nua tearmainn agus inimirce atá geallta ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan a chur i bhfeidhm.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris leis an Dáil nach mbeadh aon tionchar ag athrú ar an nGlas Triarach ar neodracht mhíleata. Sular éirigh sí as an Dáil, bhí an tUachtarán i measc na gcainteoirí ón bhfreasúra nár aontaigh leis. Dúirt Catherine Connolly i mí an Mheithimh gur ‘bunchuid dár neodracht agus a croílár an glas triarach’.
Trí cheist a fhreagrófar i mbliana
- An leasóidh an rialtas an reachtaíocht (mar shampla le foráil go mbeadh móramh treisithe riachtanach sa Dáil sula seolfaí saighdiúirí thar sáile) d’fhonn an míshuaimhneas a spreagfaidh sí a mhaolú?
- An iarrfaidh an tUachtarán ar an gCúirt Uachtarach an bille a bhreithniú?
- Má chuireann sí an reachtaíocht faoi bhráid na Cúirte, an rialófar go bhfuil sí ag teacht le forálacha an Bhunreachta?
Ós ag caint ar an Uachtarán atáimid, cuirfear spéis i gcaitheamh na bliana nua ina mbeidh le rá aici chun cur leis an ngeallúint a thug sí nuair a toghadh í.
Dúirt Catherine Connolly go mbeadh sí ina ‘guth’ ar son neodrachta, ar son síochána, ar son aitheantais don ghéarchéim aeráide agus ar son chosmhuintir na tíre.
Beifear ag faire go géar ar chaon taobh i dTeach Laighean ar chomhlíonadh na mbriathra sin.
Fág freagra ar 'Beidh leigheas ar an ngéarchéim thithíochta á lorg agus á phlé ar feadh na bliana'