Beidh dóthain le déanamh ag na Muimhnigh in aghaidh Chúige Uladh

Cé gur ag na Muimhnigh atá buntáiste an bhaile sa gcoimhlint seo, ní hiad rogha na coitiantachta iad do chluiche a bheas crua agus fisiciúil

Beidh dóthain le déanamh ag na Muimhnigh in aghaidh Chúige Uladh

Murach an cineál Omicron den Chovid-19 bheadh Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht ag tabhairt faoi fhoirne ón Afraic Theas i mBabhta 10 den URC an deireadh seachtaine seo. Bhí na cluichí sin ceaptha a bheith mar ullmhúchán tábhachtach roimh Bhabhta 3 de Chomórtas na gCuradh, comórtas a bheas linn faoi cheann seachtaine. Fágann sin go bhfuil cúig seachtaine caite ó d’imir Cúige Laighean cluiche iomaíoch in aon chomórtas, rud nach gcuideoidh lena réiteach don chomórtas sinsearach. Feicfidh muid linn.

Cé nach bhfuil cúrsaí baileach chomh dona céanna ag na Connachtaigh, foireann a d’imir agus a bhuaigh cluiche URC i gcoinne na Muimhneach seachtain ó shin, ní dóigh gur róshásta atá Andy Friend le deireadh seachtaine díomhaoin eile roimh chuairt Leicester ar an mBóthar Beag an Satharn seo chugainn.

Tá an t-ádh ar Chúige Mumhan agus Cúige Uladh go raibh an chéad chluiche idirchúige don séasúr seo eagraithe do thráthnóna inniu. Cé gur ag na Muimhnigh atá buntáiste an bhaile sa gcoimhlint seo, ní hiad rogha na coitiantachta iad do chluiche a bheas crua agus fisiciúil. 

Is iad na hUltaigh atá sa dara háit ar thábla an URC le hocht bpointe is fiche as seacht gcluiche, i gcomparáid le foireann an bhaile atá ocht bpointe agus ceithre háit taobh thiar díobh. Ní hamháin sin, ach níl fáil fós ag na Muimhnigh ar Joey Carbery, rud a fhágann go mbeidh stiúradh an chluiche faoi chúram an ógánaigh Jack Crowley an deireadh seachtaine seo. Is cinnte go gcuirfidh na hUltaigh an t-uafás brú ar an imreoir óg seo atá ar bheagán taithí ag an leibhéal seo, díreach mar a rinne Cúige Chonnacht le Ben Healy seachtain ó shin. Beidh Mumhain ag brath go mór ar Peter O’Mahony agus Simon Zebo, imreoir nár imir cluiche le trí mhí.

Tá a gcuid deacrachtaí féin ag na hUltaigh, tá leithéidí Iain Henderson agus Stuart McCloskey in easnamh orthu ach mar sin féin tá siad in ann foireann a chur chun páirce inniu atá i dtaithí ar a bheith ag imirt lena chéile agus torthaí dearfacha á bhfáil acu ó thús an tséasúir i gcomparáid le rogha foirne na Muimhneach.

Mar sin féin, siad  na Muimhnigh a bheas ag imirt sa mbaile.  Beidh 5,000 dá lucht leanta sa staid agus más féidir leo cothromaíocht a aimsiú i measc na dtosaithe, níl siad gan seans i gcluiche a gcuirfidh na mílte lucht leanta rugbaí suim ann.

Fág freagra ar 'Beidh dóthain le déanamh ag na Muimhnigh in aghaidh Chúige Uladh'