Beidh cruinneas Conor Lehane cinniúnach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chorcaí

Tabharfaidh na Sáirséalaigh agus Mainistir na Corann aghaidh ar a chéile amárach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Iomána Chorcaí agus an dá fhoireann ó dhúiche Uí Mhic Coille ag iarraidh Corn Uí Mhurchú a bhaint

Beidh cruinneas Conor Lehane cinniúnach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chorcaí

Coicíos ó shin, chuas chuig na cluichí leathcheannais sinsir iomána i bPáirc Uí Chaoimh. Domhnach álainn a bhí ann i ndiaidh Satharn a bhí go hainnis.

Sa chéad chluiche ar a dó, bhí an fhoireann dúiche Uí Mhic Coille i gcoinne chumann na Sáirséalach ón ndúiche céanna. Mar atá scríofa agam anseo cheana, tá caighdeán na hiomána an-ard in oirthear an chontae agus mórán foirne ón taobh sin tíre san iomaíocht do chraobhacha iomána ag gach grád. Sa cluiche coicíos ó shin, bhí Uí Mhic Coille faoi mhíbhuntáiste tar éis do chuid mhaith den fhoireann a bheith ag imirt lena gclubanna ar an Aoine agus ar an Satharn roimh an gcluiche tábhachtach sin. Agus ag deireadh an lae, i ndiaidh am breise, chailleadar an cluiche.

Bhí an t-ádh dearg ar na Sáirséalaigh cúl a scóráil ag fíordheireadh na huaire a d’fhág go mbeadh an 20 nóiméad breise sin ag teastáil agus bhí sé an-soiléir go raibh an ghaoth imithe as seolta Uí Mhic Coille ag an bpointe sin.

Sa chluiche eile, a bhí an-leamh sa chéad leath, chríochnaigh seaimpíní 2021, Mainistir na Corann go láidir agus le taispeántas iontach ó na pocanna saora ag an imreoir idirchontae Conor Lehane, chuireadar críoch le séasúr sheaimpíní na bliana seo caite, Cumann Barra Naofa.

Rachaidh an dá fhoireann bhuacacha sin chun páirce sa chluiche ceannais amárach agus tá rud amháin cinnte agus sin é go mbeidh corn Sheáin Óg Uí Mhurchú ag dul soir go barúntacht Uí Mhic Coille.

Tá roinnt imreoirí ar an dá thaobh go bhfuil taithí idirchontae acu ach taobh amuigh de Lehane ag Mainistir na Corann agus Jack O’Connor na Sáirséalach, is foirne iad atá ag brath ar obair na gcapall ó gach uile imreoir.

Tá caint le tamall maith de bhlianta anois ar chaighdeán na hiománaíochta i gCorcaigh. Is fada anois uainn na seachtóidí agus na trí chumann mór ón chathair, Carraig Dhubh, Cumann Barra Naofa agus Fánaithe an Ghleanna ag buachan  seacht gcinn de chraobhacha na hÉireann. Tá sé fiche bliain ó shin ó bhuaigh club ó Chorcaigh an chraobh náisiúnta. Baile Nua Sheandroma a rinne sin an uair sin agus tá ort dul siar go dtí 1987-88 agus bua Mhainistir na Corann don chéad cheann eile. Dar ndóigh tá sé ag teacht suas le fiche bliain ó bhailigh an fhoireann chontae Corn Liam Mhic Cárthaigh den uair deireanach freisin.

Amárach beidh seans againn breithiúnas a thabhairt ar chaighdeán na linne seo. Ní rabhthas róthógtha leis an gcaighdeán sna cluichí leathcheannais. Tá súil agam go mbeidh sé níos fearr amárach.

Ag tosach na seachtaine, chonacthas pictiúr de chaptaen Mhainistir na Corann John Fenton agus é ag bailiú chorn tábhachtach an chontae daichead bliain ó shin i 1983. B’in an chéad uair acu an gaisce a dhéanamh le seasca a seacht bliain. Ar an drochuair, bhíos ag imirt ina gcoinne sa chluiche ceannais sin le Cumann Barra Naofa agus sinn ag iarraidh an ceathrú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachan. Bhí ré órga acu ina dhiaidh sin ach chaitheadar tamall agus iad in ísle brí freisin. Bhuadar an chraobh dhá bhliain ó shin faoi stiúir Ben O’Connor, áfach, agus tá Mainistir na Corann mar rogha na coitiantachta amárach ach ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu.

Ó 2010, seo an séú huair go bhfuil na Sáirséalaigh sa chluiche ceannais. Tá an-chuid déanta don iománaíocht sa chlub le fiche bliain anuas. Bíonn an fhoireann shinsir iomaíoch go rialta. Tá gach seans acu amárach ach measaim agus Conor Lehane ar na pocanna saora go bhfuil buntáiste beag ag Mainistir na Corann.

Trasna na teorann, beidh cluiche ceannais an chontae ar siúl i dTiobraid Árann agus na Sáirséalaigh ó Dhurlas Éile, rogha na n-údar, i gcoinne Choill an Daingin. Beidh an cluiche sin á thaispeáint ag TG4.

Fág freagra ar 'Beidh cruinneas Conor Lehane cinniúnach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Chorcaí'