Beidh arís againn! Comhscór ag Gaillimh agus contae an Chláir i gcluiche den scoth

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Bhreathnaigh sé go minic go mbeadh an lá le Gaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann tráthnóna, ach níor ghéill na Cláirínigh riamh

Beidh arís againn! Comhscór ag Gaillimh agus contae an Chláir i gcluiche den scoth

Gaillimh 1-30 – 1-30 An Clár (i ndiaidh am breise)

Thug iománaithe an Chláir cúpla cluiche den scoth dúinn an uair dheireanach go raibh siad i bPáirc an Chrócaigh i gcluichí ceannais 2013 agus bhronn siad féin agus an Ghaillimh sárchluiche eile orainn i gceannáras CLG tráthnóna.

Ar a laghad ceithre huaire le linn an chluiche seo bhí an chuma ar an scéal seo go raibh an beart déanta ag Gaillimh. Bhí siad naoi bpointe chun cinn sa chéad leath agus bhí siad cúig phointe chun cinn i lár an dara leath. Farasbarr trí phointe a bhí acu gan ach ceithre nóiméad fágtha agus bhí siad pointe chun cinn ag deireadh am breise.

Níor ghéill na Cláirínigh riamh áfach agus chinntigh an pointe a fuair Jason McCarthy théis breis agus 90 nóiméad, leis an mbuille deireanach den chluiche nach mór, go gcaithfeadh Gaillimh agus an Clár dul chun páirce arís an tseachtain seo chugainn (Dé Sathairn ag 2pm i nDurlas a bheidh an athimirt).

Tá ardmholadh ag dul d’fhoireann an Chláir ach ní bheidh imreoirí na Gaillimhe róshásta nuair a bhreathnóidh siad siar ar an gcluiche. Chuir siad dosaen iarracht amú sa chéad leath amháin, nuair ba cheart dóibh a bheith fiú níos faide chun cinn agus bhí neart deiseanna arís acu an bua a a fháil, i dtreo dheireadh an 70 nóiméad agus arís ag deireadh an 20 nóiméad breise.

Ba mhór an peaca a bheadh ann, áfach, mura mbeadh tada ag contae an Chláir agus Páirc an Chrócaigh á fágáil tráthnóna acu agus beidh an uile dhuine ag súil leis an athimirt.

John Conlon an Chláir agus Dáithí Burke na Gaillimhe. Credit ©INPHO/Laszlo Geczo

Chuir Gaillimh tús iontach leis an gcluiche agus iad ag imirt ar luas lasrach agus bhí siad naoi bpointe chun cinn tar éis ceathrú uaire, 1-7 in aghaidh 0-1. Ní raibh ag éirí leis na Cláirínigh a bpocanna amach féin a bhuachan, rud a chruthaigh trioblóid mhór dóibh ag tús na coimhlinte.

Fuair Gaillimh an chéad scór nuair a sciob Joe Canning leis poc amach Dónal Tuohy. Cé gur aimsigh Peter Duggan poc saor don Chlár cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, bhí ceannas iomlán ag Gaillimh ar an imirt agus fuair pointí Canning, Conor Cooney, Cathal Mannion, Conor Whelan agus Johnny Coen uilig cúilíní dóibh.

Bhí deis iontach acu ar chúl tar éis 11 nóiméad nuair a rug Jonathan Glynn ar phas i mbéal an chúil ach ní raibh Cathal Mannion in ann an sliotar a smachtú in am. D’éirigh le Mannion cúilín a fháil ach ní fada go raibh an liathróid san eangach ag Gaillimh. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin sheol Pádraic Mannion pas mór fada eile i dtreo Johnny Glynn ar imeall na cearnóige. Ní raibh fear Ard Raithin in ann greim a fháil ar an liathróid ach nuair a theip ar Conor Cleary agus Patrick O’Connor í a fháil chomh maith sciob Conor Cooney leis í agus bháigh san eangach í.

Fuair Joe Canning cúilín eile ina dhiaidh sin, ach tháinig an Clár ar ais go láidir sa dara cuid den chéad leath.

D’aimsigh David Reidy an dara pointe dóibh agus 17 nóiméad imeartha agus fuair Shane O’Donnell scór maith eile dóibh i ndiaidh dó John Hanbury a chur de dhroim seoil.

Ba mhó an tionchar a bhí ag Tony Kelly anois ar an imirt freisin. Thuill sé poc saor a shlánaigh Peter Duggan agus d’éirigh le fear Bhaile Uí Aodha dhá chúilín dá gcuid féin a fháil ina dhiaidh sin, ceann dochreidte ó 100m amach ina measc.

Bhí Gaillimh i dtrioblóid ag an bpointe sin agus cé gur éirigh le Cathal Mannion cúilín a fháil chun cúrsaí a shocrú dóibh, fuair Duggan trí phoc saor as a chéile a d’fhág nach raibh de bhearna anois eatarthu ach dhá phointe agus sinn ag druidim le leath ama, 1-8 in aghaidh 0-9.

Chríochnaigh Gaillimh an chéad leath go maith áfach agus fuair Cathal Mannion agus Johnny Glynn cúilíní tábhachtacha dóibh a d’fhág ceithre phointe chun cinn iad.

D’aimsigh Joe Canning poc sleasa ag tús an dara leath agus bhí Gaillimh anois cúig phointe chun cinn agus cuma na maitheasa arís orthu. B’eo ar ais leis na Cláirínigh arís, áfach, agus fuair siad ceithre chúilín eile, dhá cheann ó John Conlon agus ceann an duine Peter Duggan agus Shane O’Donnell.

D’éirigh le Gaillimh, le cabhair a gcaptaein, David Burke, ceannas a ghlacadh ar an imirt arís i lár an dara leath, agus ní fada go raibh bearna cúig phointe idir na foirne arís, 1-16 in aghaidh 0-14. Ba léir faoin am seo áfach nach raibh an Clár chun géilleadh go bog agus bhí siad ar comhscór tar éis 53 nóiméad a bhuíochas de scóranna inspioráideacha ó David Fitzgerald, Colm Galvin, Peter Duggan agus Shane O’Donnell.

Bhí na foirne beagnach buille ar bhuille ina dhiaidh sin ach nuair a fuair Joe Canning, Niall Burke agus David Burke cúilíní a d’fhág go raibh an lámh in uachtar ag an nGaillimh arís, déarfá go raibh na Cláirínigh curtha de dhroim seoil acu faoi dheireadh. Bhí muis.

Chuir Tony Kelly poc sleasa thar an trasnán sular aimsigh John Conlon agus Peter Duggan cúilín an duine chun na foirne a chur ar comhscór. Bhí deis iontach ag Johnny Coen an cluiche a bhuachan do Ghaillimh ach, murab ionann agus Joe Canning i gcluiche leathcheannais na bliana seo caite, níor thapaigh Coen an deis sin.

Ba léir go raibh na foirne tugtha faoin am ar tháinig siad chun páirce arís d’am breise ach bhí cor nó dhó eile sa scéal lán eachtraí seo.

Aron Shanagher ag ceiliúradh a chúil ©INPHO/Tommy Dickson

Nuair d’aimsigh Aaron Shanagher cúl ag tús an dara leath d’am breise, ba is iad na Gaillimhigh a a chaithfeadh teacht aniar a dhéanamh den chéad uair sa chluiche.

Rinne siad amhlaidh agus bhí an chuma ar an scéal arís eile go mbeadh an lá leo nuair a fuair Coen deis eile sna soicindí deireanacha. Thapaigh sé a dheis an uair seo. Bronnadh poc sleasa ar Ghaillimh ina dhiaidh sin ach thug Niall Burke faoi scór seachas an t-am a mheilt agus seilbh na liathróide a choinneáil. Fuair David Fitzgerald an sliotar ón bpoc amach agus thug sé pas uaidh go dtí Jason McCarthy. Agus gan duine ná deoraí timpeall air rinne seisean an beart. Sárchríoch le sárchluiche.

Gaillimh: J Skehill; A Tuohey, Dáithí Burke, J Hanbury; P Mannion, G McInerney, A Harte; J Coen (0-2), David Burke (0-3), J Cooney, J Canning (0-11, 0-6 ó phocanna saora, 0-2 ó phocanna sleasa), J Glynn (0-1); C Whelan (0-4), C Cooney (1-1), C Mannion (0-4). Fir Ionaid: Niall Burke (0-1) in áit J Cooney (51 nóim), P Killeen in áit G McInerney (53 nóim), J Flynn (0-2, 0-1 ó phocanna saora) in áit C Cooney (64 nóim), S Loftus in áit A Tuohey (70 nóim), J Cooney in áit D Burke (81 mins)

An Clár: D Tuohy; P O’Connor, D McInerney, J Browne; S Morey, C Cleary, J Shanahan; C Galvin (0-1), C Malone; P Duggan (0-14, 0-12 ó phocanna saora), T Kelly (0-3, 0-1 ó phoc sleasa), D Reidy (0-1); P Collins, J Conlon (0-4), S O’Donnell (0-3). Fir Ionaid: D Fitzgerald (0-1) in áit C Malone (47 nóim), C McGrath in áit P Collins (58 nóim), I Galvin (0-2) in áit D Reidy (60 nóim), A Shanagher (1-0) in áit S O’Donnell (67 nóim), S O’Donnell in áit C McGrath (82 mins).

Réiteoir: James Owens (Loch Garman).

 

Fág freagra ar 'Beidh arís againn! Comhscór ag Gaillimh agus contae an Chláir i gcluiche den scoth'

  • Cluain Sceach

    Sea díreach.

  • lee

    Laoch na himeartha tuilte go maith ag Peter Duggan

  • tara

    An Clár abú!