Beidh ar Áth Cliath filleadh arís ar na tréithe a scanraigh foirne tráth

Ní baol do Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Chúige Laighean inniu ach beidh smuta den seandraíocht á lorg chun a lucht leanúna a chur ar a suaimhneas

Beidh ar Áth Cliath filleadh arís ar na tréithe a scanraigh foirne tráth

Con O’Callaghan agus Fionn Reilly. Pictiúr: INPHO/Brian Reilly-Troy

Is é an port is coitianta atá cloiste an tseachtain seo againn ná gur i gcluiche ceannais Laighin inniu a dhúiseoidh Áth Cliath agus nach spárálfar Cill Dara san iarracht. 

Táthar ag súil go mbeidh bua neafaiseach ag curaidh Chúige Laighean le deich mbliana anuas ach ba léir ós na gothaí a bhí bainisteoir Chill Dara, Jack O’Connor, á chur ar féin tar éis a mbua ar an Iarmhí coicíos ó shin, ná raibh aon fhonn air féin ná ar a fhoireann dul ar leathghlúin os comhair na Dubs. Ní haon fhear é an Conchúrach a fheacann glúin do Dhia ná do dhuine ach deinim amach nuair a théann sé ag cuardach doimhin ina chroí, go gcaitheann sé géilleadh dá bhacaí féin i ndeireadh báire.

Ní bhuafaidh Cill Dara a gcéad chraobh i gCúige Laighean ó bhliain an dá mhíle, ná baol air. Tá dul chun cinn déanta i mbliana acu lena gcéad bhua le cúig bliana i bPáirc a’ Chrócaigh agus leis an ardú céime go Roinn 1 don mbliain seo chughainn. Tuigeann an uile dhuine sna geansaithe gléineacha, áfach, gurb iad Áth Cliath an tslat tomhais a bhí, atá agus a bheidh ag aon fhoireann sa chúige atá ag iarraidh iad féin a chur in iúl. 

Sa chomhthéacs seo, is iad contae na Mí, ainneoin a ndíbeartha ó chraobh Laighean, an dara foireann is fearr sa chúige i gcónaí i bhfianaise an bhearna sé phointe a bhí idir iad agus Áth Cliath coicíos ó shin. 

Sin é a claí atá le cur tharastu ag Cill Dara agus sin í an sprioc atá rompu amárach- iad a bheith áirithe ar an dara foireann is fearr i gCúige Laighean fé thráthnóna Domhnaigh agus gan ligint don gcnagadh a dhéanfaidh Áth Cliath orthu iad a chur i leith a gcúil ar fad. 

Is mór an trua, dá réir, cé nach aon chabhair dúinn bheith á cháiseamh, nach bhfuil agus nach mbeidh cúldoras ar fáil do leithéidí Chill Dara tar éis an lae inniu. Caithfidh siad fanacht go tús an earraigh chun iad féin a chruthú i gceart agus faoin dtráth sin, beidh siad ag iarraidh cúrsa a rianadh i Roinn 1 agus gan taithí acu ar an aeráid ná ar an earraíocht a bhaintear as an té atá lag ag an leibhéal sin. 

Cad leis ar cheart dúinn bheith ag súil, mar sin, ón gcluiche inniu? 

An féidir, mar shampla, bheith ag súil nach ngéillfidh Cill Dara báide sa chéad leath toisc nach bhfuil sé déanta le cúig cinn déag de chluichí anuas acu? Má géilltear báide luath, conas is féidir an díobháil a dhéanfaidh sé a mhaolú? 

Ar an dtaobh eile, n’fheadar an cúis mhisinigh do Chill Dara é go n-éirigh le Matthew Costello na Mí an rud ná raibh déanta ag aon imreoir i gCúige Laighean ó 2018 a dhéanamh – báide a aimsiú i gcoinne Átha Cliath? Roimis an gcluiche sin coicíos ó shin bhí teipthe ar fhoirne i naoi gcinn de chluichí ag dul siar trí bliana aon pholladh a dhéanamh ar chosaint Átha Cliath. Tá Daniel Flynn i bhfad níosa shocra ná mar a bhíodh i mbéal an bháide ach an éireoidh leis aon bhearna a aimsiú chun deiseanna ar bháide a chruthú inniu? An éireoidh le Cill Dara aon tseilbh le dealramh a bhuachtaint agus an té is fearr chun dul ag fiach chun seilbhe, Kevin Feely, ar lár? Cad faoina gcosaint féin laistiar de lár an ghoirt agus Eoin Doyle, a gceannaire ansan thiar, ar lár? Conas is féidir teacht as na heasnaimh seo? 

Tá mórán ceisteanna ag Cill Dara fúthu féin agus is beag freagra a bheidh ar na ceisteanna céanna agus iad ag dul sa ghleo in aghaidh na foirne a thugann freagraí coitianta nach féidir a cheistiú.

Caithfidh go sporann sé imreoirí Átha Cliath gurb iad Ciarraí anois rogha na coitiantachta don gcraobh. B’fhéidir gur dream iad atá beag beann ar a leithéid ach is masla é a dheineann neamhaird iomlán den ngaisce atá déanta le sé bliana anuas ag an mbuíon imreoirí seo.  

Cuimhnigh gur buíon iad seo a bhfuil a gcnámh droma fós i bhfad níos láidre ná mar atá ag aon bhuíon atá fágtha sa chraobh. Is léir le tamall nach ionann Áth Cliath na bliana seo agus foirne eile a d’imigh rompu ach an gcreideann aoinne i ndáiríre go rabhadar luite amach orthu féin i gceart go nuige seo? Bhí éachtaintí uatha i ngach cluiche idir shraith agus chraobh ó thús na bliana go bhfuil an seana mhianach fós iontu.  Níl uatha anois ach na héachtaintí seo a phaisteáil le chéile agus taispeántas críochnúil a thabhairt uatha.

Dála Chiarraí Dé Domhnaigh seo caite, caithfidh na Dubs an ghomh a bheadh orthu a nochtadh go luath agus go minic. Beidh fonn ar Áth Cliath rian a fhágaint ar shamhlaíocht na bhfoirne eile atá fágtha sa chraobh agus pé stuif atá ina mboilg istigh ag lucht na ngeansaithe gorma, caithfidh sé teacht inniu toisc nach acmhainn d’aon fhoireann, dá fheabhas iad, dul ón mbogshodar go dtí a5n ruathar fuadrach in aon ghníomh amháin. 

Tá Maigh Eo ag feitheamh is ag faire agus beidh ar Áth Cliath filleadh arís ar na tréithe agus na luacha a scanraigh foirne eile tráth, más áil leo bheith ullamh agus cruaite don gcath atá rompu fé cheann coicíse.

Ní dóigh liom gur baol dóibh inniu ach beidh smuta den seana-dhraíocht á lorg chun a lucht leanúna a chur ar a suaimhneas. Is dóigh liom nach fada go gcífear san.

Fág freagra ar 'Beidh ar Áth Cliath filleadh arís ar na tréithe a scanraigh foirne tráth'