Bearta nua geallta maidir le forbairt chóras réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta go mbeidh cúrsaí réamhscolaíochta go mór sa treis sa Phlean Gnímh Cúig Bliana atá le foilsiú ag a Roinn go luath

Bearta nua geallta maidir le forbairt chóras réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go mbeidh beartais nua i dtaobh forbairt chóras réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Phlean Gnímh Cúig Bliana atá le foilsiú ag a Roinn go luath.

Tá moill ar fhoilsiú an phlean gnímh don Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, arbh í mí Iúil seo caite an chéad sprioc a luadh leis, ach dúirt an tAire Stáit an tseachtain seo caite go bhfoilseofaí faoi cheann “coicíse nó trí seachtaine é”.

Tá sé tugtha le fios chomh maith aige go mbeidh cúrsaí réamhscolaíochta go mór sa treis sa phlean gnímh nua.

Dúirt an tAire Stáit go raibh bailchríoch á cur faoi láthair ag a Roinn, i gcomhar le ranna eile, ar an bplean gnímh agus luaigh sé go sonrach an ról a bheidh ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige sa phlean gníomhaíochta don tréimhse 2018-2022.

“Tá sé i gceist go mbeidh bearta faoi leith san áireamh ann a bheidh chun sochair an chórais luathoideachais Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar bhonn náisiúnta,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív don Aire Stáit go dtabharfaí isteach “plean cuimsitheach” i gcomhar leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige chun a chinntiú go mbeidh “soláthar cuimsitheach sa Ghaeltacht agus tacaíocht stáit chuí ar fáil do ghréasáin naíolanna, naíonraí agus [ionaid] cúraim iarscoile a oibríonn go hiomlán as Gaeilge”. D’fhiafraigh Ó Cuív den Aire Stáit chomh maith an ndéanfaí infheistíocht i dtaighde chun a chinntiú go bhforbrófaí a leithéid de phlean don luathoideachas Gaeilge “de réir na gcleachtas idirnáisiúnta is fearr”. 

Mhaígh toscaireacht Ghaeltachta a bhí os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dtithe an Oireachtais an mhí seo caite go gcaithfí “stádas speisialta” a thabhairt do chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta a d’aithneodh nach “gnáththeanga ar bith í” an Ghaeilge ach “mionteanga atá faoi bhrú”.

Thug na baill de Choiste Stiúrtha an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabhán i gConamara le fios do na Teachtaí Dála agus Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú gur gá polasaí nua a fhorbairt a thabharfadh “aitheantas” do na riachtanais shainiúla éagsúla a bhíonn ag naíonraí agus naíolanna Gaeltachta.

Dúirt Lochlainn Ó Tuairisg ó Choiste Stiúrtha an Ionaid, an Crann Taca, nárbh léir cén ról atá ag an stát sa chóras réamhscolaíochta Gaeltachta in ainneoin a bhfuil de “fuinneamh agus ama ídithe” le Polasaí nua Oideachais na Gaeltachta agus le bunú an chórais pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Áine Nic Niallais gur léir ó pholasaithe réamhscolaíochta an Stáit – Síolta agus Aistear – nach bhfuil “barúil ar bith” acu faoi chás “sainiúil” na Gaeltachta.

Dúirt Bróna Ní Uallacháin ó Choiste Stiúrtha an Ionaid gur rud “iontach” é go bhfuil polasaí ar leith tugtha isteach do chóras oideachais na Gaeltachta ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal, ach go gcaithfí a leithéid a thabhairt isteach anois do chóras réamhscolaíochta na Gaeltachta.

“Mura bhfuil an bhunchloch láidir ní fiú na tithe eile a thógáil ar thalamh nach bhfuil slán,” a dúirt Bróna Ní Uallacháin.

Fág freagra ar 'Bearta nua geallta maidir le forbairt chóras réamhscolaíochta na Gaeilge agus na Gaeltachta'