An mbreathnófar siar ar 2025 mar bhliain inar chuir comhfheachtas pháirtithe na heite clé sa bhfeachtas uachtaránachta lucht ceannais na bpáirtithe sin ag smaoineamh ar chomhfheachtas olltoghcháin amach anseo?
Ar ndóigh ní mar gheall ar thacaíocht na bpáirtithe sin amháin a ghnóthaigh Catherine Connolly an céatadán vótaí is mó (66.3 faoin gcéad) dá bhfuair iarrthóir ar bith riamh i dtoghchán uachtaránachta. Is léir mar sin féin an mianach machnaimh a thug a bua dóibh go léir, go háirithe má chuirtear toradh an toghcháin sin i gcomparáid le toradh an olltoghcháin in 2024.
Níor ghnóthaigh Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, an Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús ach 33.8% san iomlán de na vótaí céad rogha san olltoghchán.
Dá n-éireodh leis na páirtithe sin fiú an deichiú cuid den chéatadán ollmhór a fuair an tUachtarán Connolly a chur lena gcéatadán iomlán in 2024 bheidís ag teannadh leis an bhfigiúr a theastaíonn (40-42%) chun móramh Dála a bhaint amach a chuirfeadh ar a gcumas dul i mbun rialtais.
Níl cinnteacht dá laghad ann go léireoidh ceannairí pháirtithe na heite clé an toil ná an cumas a theastódh chun tarraingt le chéile go héifeachtach. Is léir do chách an difríocht idir toghchán uachtaránachta agus olltoghchán. Is léir mar sin féin an tairbhe a fhéadfaí a bhaint as tarraingt le chéile mar a bhí follasach ó fuair Catherine Connolly tacaíocht uathu go léir.
(Ní aontóidh gach léitheoir gan dabht le Sinn Féin a bheith san áireamh mar pháirtí ar an eite chlé. D’fhéadfaí colún iomlán a scríobh faoin ábhar sin ach is féidir é a chur i leataobh agus cúrsaí a bhaineann le straitéis toghchánaíochta á bplé. Is leor a admháil go gcreideann Sinn Féin gur ar an eite chlé den speictream polaitiúil atá siad.)
Léireofar spéis pháirtithe na heite clé i gcomhoibriú i bhfad roimh an gcéad olltoghchán eile nuair a vótálfaidh muintir Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir i bhfothoghcháin – toghcháin a chaithfear a ghairm faoi cheann sé mhí de réir dlí.
Is dóichí ná a mhalairt go molfaidh páirtithe na heite clé, nó cuid acu ar a laghad, aistriú vótaí. Ní neosfar téagar ná raon an tsocraithe áfach, má fhógraítear a leithéid, go dtí lá níos cóngaraí don lá vótála.
San olltoghchán bhí Teachta Dála Shinn Féin Mairéad Farrell chun cinn ar an gcéad chomhaireamh i nGaillimh Thiar agus Catherine Connolly sa dara háit. Thairis sin ní raibh vóta láidir ag aon iarrthóir eile ó pháirtithe na heite clé.
I mBaile Átha Cliath shílfeá ar an gcéad amharc i bhfianaise an olltoghcháin go mbeadh seans maith ag iarrthóir ón eite chlé suíochán a bhuachan sa bhfothoghchán. Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald in uachtar ar an gcéad chomhaireamh. Toghadh an Daonlathaí Sóisialta Gary Gannon agus Marie Sherlock ón Lucht Oibre ina teannta – toradh a d’fhág trí shuíochán as ceithre cinn i seilbh na heite clé.
A luaithe beagnach a thug Paschal Donohoe, an Teachta Dála eile a toghadh, le fios go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht thosaigh an tuairimíocht faoin dóchúlacht go seasfadh Gerry (‘The Monk’) Hutch, a bhí i bhfoisceacht 781 vóta de Sherlock ag deireadh an chomhairimh. Tá sé ráite aige ó shin gur mian leis seasamh arís.
Beidh an gnáthdhúshlán le sárú ag Hutch áfach, mar a bheidh ag gach iarrthóir eile sna fothoghcháin. Ina measc sin an neamhspleách Noel Thomas (iarbhall d’Fhianna Fáil) a bhí 900 vóta chun deiridh ar Noel Grealish nuair a thóg seisean an suíochán deireanach a toghadh i nGaillimh Thiar.
Is deacra suíochán a ghnóthú i bhfothoghchán ná in olltoghchán toisc gur cuóta caoga faoin gcéad a bhíonn i bhfeidhm.
Ní fhéadfaí a rá faoi láthair go bhfuil trácht ar dhaoine i gceachtar dáilcheantar a mbeadh seans réasúnta acu a bheith ag teannadh le caoga faoin gcéad faoi dheireadh an chomhairimh. Níl ceachtar rás tosaithe fós.
Is cuma cén cineál comhoibriú a fheicfear idir páirtithe na heite clé sna fothoghcháin agus is cuma cé a thoghfar. Dúiseoidh an dá thoradh caint athuair ar an tairbhe a bhainfeadh páirtithe na heite clé as a bheith ag tarraingt le chéile amach anseo.
Is mór an difríocht ar ndóigh idir comhaontú aistrithe agus comhchlár polasaithe a d’eiseofaí roimh olltoghchán chun cur ina luí ar vótálaithe go bhfuil lucht a eisiúna toilteanach dul i gcomhrialtas ina dhiaidh.
Ní theastódh cáipéis thoirtiúil a bheadh ar aon dul le forógra páirtí. Bheadh dóthain sonraí riachtanach áfach chun a léiriú (a) go raibh polasaithe tarraingteacha nua á dtairiscint acu agus (b) go mbeadh comhthuiscint láidir i bhfeidhm dá mbeadh deis acu iad a chur i bhfeidhm mar rialtas.
Roimhe sin, bheadh ar na páirtithe mór-ábhair easaontais nó teannais eatarthu a leigheas, nó a mhaolú ar a laghad. Faoi láthair tá bearnaí suntasacha follasach idir a bpolasaithe agus a gcur chuige.
Seo cúig cinn:
- An bhearna idir polasaithe comhshaoil Shinn Féin ar thaobh amháin agus polasaithe na nDaonlathaithe Sóisialta agus an Lucht Oibre ar an taobh eile. Mar shampla, ba mhaith le Sinn Féin deireadh a chur leis an gcáin charbóin. Teastaíonn ón dá pháirtí eile an cháin a choimeád.
- An bhearna idir Sinn Féin agus an Lucht Oibre maidir leis an gcáin mhaoine áitiúil. Ba mhaith le Sinn Féin deireadh a chur léi ach deir an Lucht Oibre go gcaithfear í a choimeád.
- An t-eascairdeas idir na Daonlathaithe Sóisialta agus an Lucht Oibre. Is treise an drochmheas agus an mhímhuinín ar thaobh na nDaonlathaithe ach baineann an droch-chaidreamh idir an dá dhream le cúrsaí pearsanta thar aon rud eile.
- Amhras Shinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre faoina chéile. Ba threise ná amhras go deimhin an dearcadh a léirigh Mary Lou McDonald nuair a mhol sí do lucht leanúna Shinn Féin aistriúcháin a thabhairt do na Daonlathaithe Sóisialta gan focal a rá faoin Lucht Oibre. Tá drochmheas ag daoine sinsearacha i bPáirtí an Lucht Oibre ar Shinn Féin mar gheall ar mheon agus ar stair an pháirtí.
- Mímhuinín, go háirithe i measc an Lucht Oibre, maidir le toil cheannaire Shinn Féin feidhmiú mar cheannaire ar a páirtí agus ag an am céanna mar dhuine de ghrúpa ceannairí an fhreasúra. Dáiríre, baineann a mímhuinín thar aon rud eile leis an iomaíocht nádúrtha idir na páirtithe.
Níl na fadhbanna thuas do-réitithe, ach ní gan stró a réiteofar iad. Tá buntáiste nach beag ag baint le tréimhse sa bhfreasúra – neart ama chun a bhfadhbanna féin a réiteach.
Ní hionann cás rialtais ná na fadhbanna a iarrtar ar gach rialtas a réiteach gan mhoill. Ní chuirtear brú dá leithéid ar pháirtithe an fhreasúra. Is féidir leo a gcur chuige reatha agus cúrsaí straitéise a athbhreithniú agus a athrú gan aon bhrú ón bpobal – ná spéis de ghnáth.
Níor thaispeáin an toghchán uachtaránachta rud ar bith seachas an t-iarrthóir a theastaigh ó vótálaithe mar Uachtarán. Toghadh iarrthóir a bhain leis an eite chlé gan dabht, ach ní bhreathnaíonn vótálaithe ar thoghadh Uachtaráin mar a bhreathnaíonn siad ar thoghadh rialtais.
Ní cóir cúinsí neamhghnácha eile a chur as an áireamh. Bhí Catherine Connolly in iomaíocht le beirt iarrthóirí laga. Rinneadh praiseach iomlán d’fheachtas iarrthóir Fhianna Fáil ar bhealaí nach gá a chíoradh arís anseo. Agus mhill breis agus duine as gach deichniúr (12.9 faoin gcéad) a gcuid vótaí – níos mó ná mar a mhill in aon toghchán uachtaránachta eile.
B’fhearr le gach páirtí, má fhágtar Pobal Seachas Brabús as an áireamh, a bheith i mbun rialtais ná sa bhfreasúra arís tar éis olltoghcháin. Beidh páirtithe an fhreasúra in iomaíocht le chéile sa chéad olltoghchán eile. Ní athróidh pé comhthuiscint a shroichfear eatarthu géire na hiomaíochta go dtí sin.
Is féidir a bheith i mbun iomaíochta áfach agus a bheith ag tarraingt le chéile ag an am céanna.
Go háirithe más léir an tairbhe, nó an riachtanas. Múineann gá seift, uaireanta.
Peter Logan
Do bhain mé an sult as an colún seo (mar is gnáth leis an colúnaí). Tá mé ag tnúth go mór leis an chéad culún eile, colún faoin ábhar a luaithe: conas agus cé’n fáth a gcreidimh Sinn Féin gur ar an eite clé den speictream polaitiúil atá síad.