Beannachtaí na Féile Bríde, naomhphátrún na gclódóirí

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí ár gcolúnaí chun fios a chur ar Dhiarmuid Gavin, ach shocraigh sí go mba éasca crois Bríde a dhéanamh i dteannta na leanaí

Saint_Brigid's_cross

Caithfidh mé a ghabháil suas ar dhíon na seide roimh Lá Bríde. Chonaic mé lán glaice luachra ag fás ann an lá cheana is bhí mé ag cuimhneamh go ndéanfadh siad crois Bhríde agus gur dheas an an nós a bheadh ann do na páistí.

Bhí dearmad déanta agam gur raibh dhá bhosca lán le créafóg thuas ar an seid againn ón uair go raibh plean againn díongháirdín a fhás roinnt blianta ó shin.

D’éirigh muid as ar deireadh mar gheall go raibh chuile shórt cartaí ag na cait agus pé rud nach raibh carta bhí sé ite ag na seilidí.

Cheap muid go ngabhfadh muid ar ais chuige lá éigin nuair a bheadh plean oibre ceart againn leis an gceann is fearr a fháil ar na cait is na seilidí. Níor tháinig an lá sin fós.

Ach thug mé faoi deara an lá cheana go bhfuil meascán álainn fiáilí tar éis fás sna boscaí idir an dá linn – luachra ina measc. B’fhéidir go dtabharfainn díonmhóinéar nádúrtha anois air agus go gcuirfinn glaoch ar Dhiarmuid Gavin sula dtiocfaidh féile Bloom thart arís go bhfeicfinn an bhfuil aon suim aige ann.

Shamhlóinn, áfach, go ndéarfadh moltóirí Bloom go bhfuil dúshláin inrochtaineachta ag baint le dearadh an díonmhóinéir. Nó, i bhfocail eile, tá sé deacair a ghabháil chuige.

Beagnach dódhéanta, i ndáiríre.

Faoi láthair, is é an t-aon bhealach le gabháil chuige ná cathaoir a tharraingt amach as an gcistineach le gabháil suas ar an araid rothaí – an wheelie bin –  as sin go dtí an sconsa agus ansin thú fhéin a tharraingt aníos ón sconsa go dtí an díon ar chaoi éigin. Má mhaireann tú an iarracht sin, tá turas abhaile contúirteach fós amach romhat.

D’fhéadfainn luachra a lorg in áit éigin eile, is dóigh. Nó d’fhéadfainn nós nua a chothú mar atá molta ag Gaeil na mór-roinne leis an bhféile nua Leabhra Feabhra. Bhí an-tóir ag Naomh Bríd ar na leabhair chomh maith leis na croiseanna, is cosúil. Bhunaigh sí teach screaptra ina mainistir agus is ann a déanadh Leabhar Chill Dara. Is í naomhphátrún na gclódóirí chomh maith.

Tugann an fhéile nua cuireadh dúinn féiríní de leabhair Ghaeilge a bhronnadh ar a chéile ar Lá Bríde agus iad a thiomnú leis an nóta ‘Beannachtaí na Féile Bríde’. Ceapaim gur dheas an rud é an nós sin é fhéin a chothú sa mbaile agus b’fhéidir go bhfeicfinn luachra ag fás i ngarraí éigin ar an mbealach go dtí an siopa.

Fág freagra ar 'Beannachtaí na Féile Bríde, naomhphátrún na gclódóirí'

  • Eoghan ONeill

    is maith an nós é na crosóga a dhéanamh rud a chuireann muid ag meabhrú go bhfuil sé tráthúil aghaidh a thabhairt ar an Earrach agus greim na dúluachra á scaoileadh de réir a chéile.

  • Tuigim

    Imbolg Sona daoibh. ☺

  • Tuigim

    Ghoid siad Manannán agus d’fhág siad cros ina áit.
    Ná lig d’impiriúlachas na Vatacáine ár gcultúr is ár scéalta a ghoideadh uainn.
    Lúnasa, Samhain, Bealtaine fós sa chaint ach ghoid siad Imbolg uainn.
    BLD tá daoine ag sábháil ár scéalta
    Céard dó a sheasaimid? An teanga ach ní ár gcultúr?
    Meas dár sinsear. Ná déan dearmad.
    Ná lig d’iompúchán ár gcultúr a mharú.