Tá stádas oifigiúil sa dlí ag an nGaeilge sa Tuaisceart agus an reachtaíocht don teanga a bhí geallta le fada achtaithe faoi dheireadh.
Chuaigh an Bille Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) faoi lámh an Rí Séarlas III inniu, an chéim dheireanach a bhí le déanamh chun an reachtaíocht a rith.
“Lá stairiúil eile” é do lucht na teanga ó thuaidh a deir an ngrúpa feachtais, An Dream Dearg. Dúirt siad go mbeadh n-aird á díriú anois ar chur i bhfeidhm na bhforálacha atá san acht nua.
Chomh maith le stádas oifigiúil a thabhairt sa dlí don Ghaeilge agus don Ultais, tá roinnt beartas sa reachtaíocht nua a chuirfidh go mór le stádas na teanga ó thuaidh.
Beidh beirt Choimisinéirí ann, duine don Ghaeilge agus duine don Ultais, agus bunófar oifig cultúir agus féiniúlachta.
Meastar go mbeidh cúpla mí ann sula mbeifí in ann an reachtaíocht a chur i bhfeidhm ó thuaidh. Is é ceapadh an Choimisinéara na Gaeilge an chéad ghníomh eile atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge. Tá an eagraíocht ag iarraidh go gceapfaí duine sa phost nua luath san athbhliain.
“Is lá stairiúil eile é seo do phobal na Gaeilge go bhfuil an bille anois ina Acht oifigiúil agus curtha sa dlí ón lá inniu ar aghaidh,” a dúirt an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, urlabhraí de chuid An Dream Dearg. “Is toradh é seo ar ghluaiseacht phobail a thosaigh le ceannródaithe misniúla Bhóthar Seoighe breis agus 50 bliain ó shin. Ón tréimhse chlaochlaitheach sin amach tá muid ar aistear athbheochana teanga agus ar thuras teanga a d’athraigh an domhan s’againn ó bhun.”
Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh pobal na Gaeilge tar éis dúshlán a thabhairt don stát tabhairt faoi cheist na Gaeilge, stát a rinne “imeallú agus cos ar bolg ar ár dteanga dhúchais le fada fada an lá,” dar leis, agus dúirt go bhfuil céim i dtreo chearta teanga cuimsitheacha glactha inniu.
“Ach ná bíodh aon dallamullóg orainn, níl san acht nua seo ach cloch mhíle eile ar an aistear mór sin. Níl aon cheann scríbe bainte amach againn, agus tosaíonn an obair ollmhór le forálacha an Achta seo a chur i bhfeidhm agus Coimisinéir Gaeilge a cheapadh, agus beidh muid ag teacht ar ais arís agus arís eile leis na dlíthe nua seo a láidriú agus a neartú.”
Chomh maith le hoifigí na gcoimisinéirí agus an oifig chultúir agus féiniúlachta a bhunú, cuirfidh an reachtaíocht ar ceal chomh maith Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737, dlí a achtaíodh 283 bliain ó shin agus a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna.
Maidir leis na dualgais teanga nua sa státchóras, thabharfaidh an Coimisinéir Teanga don Ghaeilge isteach, le cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, córas caighdeáin faoina ndéanfar rangú ar eagrais phoiblí agus freagrachtaí a leagan orthu dá réir.
Is é an ról a bheidh ag an gCoimisinéir Teanga an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn i measc na n-eagras poiblí. Déanfaidh an Coimisinéir monatóireacht ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán agus déanfaidh sé nó sí gearáin a fhiosrú.
Tugtar cumhachtaí freisin Státrúnaí Thuaisceart Éireann gníomhú lena chinntiú go gcuirfidh an Feidhmeannas in Stormont na gealltanais sa reachtaíocht teanga i gcrích.
Pádraig O'hEipicín
Buíochas lé Dia agus a Mháthair Beannaithe.