Bean Ghaeltachta ag tabhairt faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór

Tabharfaidh Bairbre Ní Chonghaile Uí Bhriain faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór inniu le hairgead a bhailiú do bhád tarrthála Árann

Bean Ghaeltachta ag tabhairt faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór

Tabharfaidh bean Ghaeltachta faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór ar maidin le hairgead a bhailiú don RNLI.

Dhá bhliain ó shin, ní raibh Bairbre Ní Chonghaile Uí Bhriain, as Inis Mór, in ann a cloigeann a chur faoin uisce.

Inniu, tabharfaidh Bairbre, atá ina banaltra, faoi shnámh farraige 2.5 ciliméadar idir Inis Meáin agus Inis Mór, trasna stráice farraige ar a dtugtar Sunda Ghríora.

Ó theaghlach iascaireachta Ní Chonghaile Uí Bhriain, atá ag tabhairt faoin snámh chun airgead a bhailiú do bhád tarrthála Oileán Árann, cúis atá “gar” dá croí.

Ag labhairt di roimh an snámh le Tuairisc, dúirt Bairbre go raibh sí “neirbhíseach” faoin dúshlán ach go raibh sí “níos láidre agus níos muiníní” san uisce ná mar bhí riamh ina saol.

“Níl a leithéid de shnámh déanta agam riamh roimhe. Cé go raibh mé ag snámh nuair a bhí mé i mo ghasúr ar Thrá Chill Mhuirbhigh, ní raibh mé in ann m’éadan a chur san uisce go dtí an phaindéim.

“Thosaigh mé ag cleachtadh le báisín uisce sa gcistineach, ag séideadh amach agus ansin, rinne mé ceachtanna snámha ina dhiaidh sin sa linn snámha agus sa bhfarraige,” ar sí.

Tá trí mhí caite ag Bairbre ag traenáil sa linn snámha agus san fharraige le go mbeadh sí ullmhaithe do shnámh an lae inniu.

Dúirt sí go ndéanfadh sí an snámh an tseachtain seo agus súil ghéar á coinneáil aici ar an aimsir.

Lá ciúin a theastaigh uaithi agus roghnaigh sí maidin inniu le tabhairt faoi.

“Spreagadh mór” di go bhfuil an snámh á dhéanamh aici ar son lucht tarrthála Árann agus an RNLI.

“An fáth gur phioc mé an eagraíocht seo ná gur as Inis Mór mé. Tógadh i gclann iascaigh mé. Bhíodh m’athair ag iascach agus scipéirí báid iad mo dheartháireacha agus deirfiúr liom freisin. Is féidir leis an iascaireacht a bheith contúirteach. Is iomaí glaoch atá faighte ag an mbád tarrthála ag lorg cúnaimh, mar sin tuigim an obair.

“Tá tábhacht mhór le hobair eile a dhéanann an bád tarrthála, an Medevac, seirbhís iompair éigeandála ó na hoileáin chuig an ospidéal. Freisin tá mé á dhéanamh seo i gcuimhne na ndaoine a cailleadh de bharr na dtragóidí farraige,” a dúirt sí.

Tá breis agus €7,500 bailithe ag Bairbre go dtí seo do lucht tarrthála an RNLI.

Is féidir tacú lena feachtas anseo.

Fág freagra ar 'Bean Ghaeltachta ag tabhairt faoi shnámh farraige ó Inis Meáin go hInis Mór'