Tá an t-aisteoir, stiúrthóir agus scríbhneoir Hilary Bowen-Walsh ag stiúradh léiriú den dráma nua Ar Snámh le Seán Mac Dhonnagáin a bheidh le feiceáil an deireadh seachtaine seo san Ireland Institute ar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.
Léiriú de chuid Smashing Times atá ann faoin gclár Aisling a thugann tacaíocht d’ealaíontóirí atá ag cruthú saothair nua i nGaeilge.
Bhí a fhios ag Hilary chomh luath is a léigh sí script Ar Snámh go raibh sí ag iarraidh an dráma a stiúradh.
“Thaitin sé go mór liom. Dráma nua atá ann agus insíonn sé scéal faoi bhean óg agus í ag fiosrú cén chaoi le déileáil leis na rudaí atá ag dul ar aghaidh ina saol. Is as sráidbhaile beag bídeach mé féin i Sligeach agus tuigim saol na tuaithe a bhfuil cur síos air sa dráma.”
Tá suim ag Hilary i gcúrsaí amharclannaíochta ó bhí sí an-óg. Is cuimhin léi fós a céad ról ar stáitse, páirt na caillí i léiriú den scéal Sneachta Bán arghlac sí páirt ann agus í ina dalta réamhscoile. Bhí sí gafa ag an amharclannaíocht uaidh sin amach.
“Rugadh agus tógadh mé in áit ina bhfuil traidisiún láidir ag an bhfeis cheoil, cúrsaí scríbhneoireachta is amharclannaíochta. Ó bhí mé an-óg bhí mé de shíor ag pleidhcíocht le cúrsaí amharclainne, más le Amharclann na nÓg é nó ‘Speech and Drama’.”
Tá réimse leathan oibre déanta aici i gcúrsaí amharclannaíochta agus teilifíse ón tús sin ina hóige i bpáirt na Caillí. Ar na saothair a luaitear léi tá Me, Mollser| Mise, Mollser le Ali Joy White agus an leagan Gaeilge le Caitríona Ní Mhurchú, a léirigh Amharclann na Mainistreach in 2020 agus 2021.
Bhí Hilary le feiceáil freisin i The Travels of Jonathan Swift a bhuaigh duais don ‘Best Ensemble’ i nGradaim Amharclannaíochta an Irish Times in 2020. Chonacthas freisin í sa léiriú Sruth na Teanga, tumléiriú faoi scéal na Gaeilge a chuir Branar ar bun ag Féile Ealaíon na Gaillimhe in 2021. Bronnadh Gradam Gaeilge BBC Stewart Parker uirthi féin agus Mumbo Top mar scríbhneoir sa mbliain 2019 don dráma Cara sa Chúirt.
D’fhás a suim i ndrámaíocht na Gaeilge agus í ag staidéar do bhunchéim san amharclannaíocht agus sa drámaíocht i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, áit a raibh sí an-ghníomhach leis an gCumann Drámaíochta. Thosaigh sí ag scríobh agus ag stiúradh drámaí sna blianta sin, chomh maith le bheith ag aisteoireacht.

“Beagnach trí thimpiste, tugadh an post mar reachtaire ar chumann drámaíochta na Gaeilge san ollscoil dom agus thug sé sin deis dom a bheith ag obair ar dhrámaí trí Ghaeilge. Is fíorphobal atá sa gcumann drámaíochta san ollscoil agus bhíodh muid ag taisteal ar fud na tíre ag na comórtaisí drámaíochta a d’eagraíodh an Cumann Náisiúnta Drámaíochta.”
Dráma aonair é Ar Snámh a leanann an bhean óg ‘Jane’ agus í ag filleadh ar a contae dúchais, Baile Átha Cliath, agus an t-aistear sin á dhéanamh aici i ndingí beag buí a cheannaigh sí i siopa Lidl. Bhuaigh an dráma an chéad duais do dhráma aon-ghnímh i gComórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge sa mbliain 2018.
Bhí an dingí i dtaisce sa mbaile le roinnt blianta ag an scríbhneoir, ‘ar fhaitíos na bhfaitíos’. Nuair a tarraingíodh amach denlochta é don seó, thug siad faoi deara go raibh ‘roinnt oibre’ ag teastáil uaidh sula mbeadh sé acmhainneach ar stáitse.
“Tharraing muid amach an dingí agus anois go bhfuil sé séidte suas againn agus deisithe tá cuma mhaith air. Cruthaíonn sé íomhá an-láidir ar stáitse. Fiú is go raibh muid ag déanamh iontais an mbeadh sé sábháilte é a chur amach ar an abhainn lá éigin. Ach ní bhainfidh muid triail as sin, go fóill.
“Go dtí go mbeidh an dráma déanta ar aon nós! Is íomhá an-tarraingteach atá ann. Is dóigh go mbeadh sé beagán craiceáilte triail é a dhéanamh dáiríre, triail dul suas an Life sa dingí beag buí.”

Is í an t-aisteoir Bláthnaid Daly atá i bpáirt Jane sa dráma agus cloistear glór réamhthaifeadta charachtar a hathar, Donncha Crowley atá sa bpáirt, agus a glór féin, mar dhea, agus í ina cailín beag, is í an t-aisteoir óg Réiltín Nic Eoin a rinne na míreanna sin.
Ar an aistear déanann Jane machnamh ar bhás a hathar, ar an ngrá geal nua atá aici ina saol, agus ar dhúshláin an tsaoil i sráidbhaile beag tuaithe. Teagmhaíonn sí freisin le cúrsaí tithíochta agus na dúshláin atá roimh dhaoine óga ag an ngéarchéim ó thaobh costas maireachtála in Éirinn.
“Tuigeann go leor daoine na dúshláin seo, tá an oiread daoine imithe ar imirce mar nach bhfuil siad in ann dul chun cinn a dhéanamh anseo de bharr na gcostas maireachtála. Tá Jane san aois go bhfuil sí ag ceistiú gach rud ina saol. Chomh maith leis sin, tá sí fós ag déileáil le bás a hathar agus an brón sin agus ag an am céanna tá sí ag iarraidh a bealach féin a dhéanamh sa saol.”
Beidh Ar Snámh ar stáitse mar chuid de chlár Fhéile Ealaíon agus Chearta an Duine Bhaile Átha Cliath 2024 ar an Aoine, an 18 agus an Satharn, an 19 Deireadh Fómhair ag 7:30 i.n. Cuirfear painéal cainte ar bun i ndiaidh na léirithe agus an téama seo á phlé acu: ‘An Ghaeilge agus na hEalaíona: Modhanna léirithe sainiúla chun comhionannas, cearta daonna agus éagsúlacht a chur chun cinn’.
Tá tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.
Fág freagra ar '‘Beagnach trí thimpiste, tugadh an post mar reachtaire ar chumann drámaíochta na Gaeilge dom’'