Beagnach 1,000 freagra faighte ag an NCCA faoi mholtaí conspóideacha do Ghaeilge na hArdteiste

I measc na n-aighneachtaí a cuireadh faoi bhráid an NCCA bhí ceann ó Choiste Oireachtais na Gaeilge atá ag moladh go ndéanfaí ‘imscrúdú iomlán’ faoin moladh go dtabharfaí isteach cúrsa T1 don chainteoir líofa agus T2 do dhaltaí eile

Beagnach 1,000 freagra faighte ag an NCCA faoi mholtaí conspóideacha do Ghaeilge na hArdteiste

Nach mór míle freagra a fuair an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) faoi na hathruithe conspóideacha atá beartaithe do chúrsa Gaeilge na hArdteiste, aighneacht ó choiste Oireachtais ina measc.

Deir Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go bhfuil na moltaí maidir le dhá chúrsa Gaeilge nua – T1 agus T2 – lochtach agus nár chóir aon athrú a dhéanamh go dtí go mbeidh “imscrúdú iomlán” déanta orthu.

Idir an dá linn, chuir an CNCM na figiúirí rannpháirtíochta a bhain leis an bpróiseas comhairliúcháin a chríochnaigh inné ar fáil do Tuairisc.ie.

Mar chuid den phróiseas ar cuireadh tús leis mí Feabhra i mbliana, líonadh 738 suirbhé agus cuireadh 239 aighneacht scríofa faoi bhráid na Comhairle. 13 grúpa fócais, le 275 rannpháirtí, a eagraíodh agus bhí ocht gcruinniú speisialta ag an CNCM le grúpaí ar leith. Bhí 19 agallamh duine le duine i gceist chomh maith.

Dúirt urlabhraí de chuid na Comhairle go bhfuarthas aiseolas ó mhúinteoirí agus scoláirí ag an dara agus an tríú leibhéal, ó thuismitheoirí, ó lucht oideachais, ó phátrúin, ó eagraíochtaí Gaeilge agus ón bpobal.

Dúradh go rabhthas “an-bhuíoch” de na daoine uile a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin ar bhonn “oscailte, macánta” agus ar bhealach “a bhí bunaithe ar a dtaithí féin”.

Tá diananailís anois le déanamh ar an aiseolas uile agus súil ann go mbeidh tuarascáil réidh le foilsiú i rith an earraigh 2022.

Tá go leor díospóireachta agus conspóide cothaithe ag na dréachtsonraíochtaí ó foilsíodh iad mí Feabhra. Beartaíodh go mbeadh cúrsa nua amháin – T1 – dírithe ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus go mbeadh cúrsa nua eile – T2 – dírithe ar scoileanna Béarla.

Tá 21 moladh ar fad i dtuarascáil Choiste Oireachtais na Gaeilge, a aontaíodh an tseachtain seo.

Ar cheann acu tá moladh don Aire Oideachais gan glacadh le haon athruithe ar churaclam Gaeilge na hArdteiste go dtí go mbeidh imscrúdú déanta ar nithe áirithe, ina measc cur i bhfeidhm na sonraíochtaí T1 agus T2 don Ghaeilge a tugadh isteach ag an tSraith Shóisearach in 2017.

Beidh tuarascáil maidir le conas mar atá ag éirí leis na cúrsaí Gaeilge sa tSraith Shóisearach le cur faoi bhráid na CNCM sa gcéad ráithe den bhliain seo chugainn.

Ar na nithe eile ba cheart scrúdú a dhéanamh orthu, luaitear sa tuarascáil dhá rogha a moladh i bplécháipéis a foilsíodh mí Dheireadh Fómhair.

Faoi cheann acu, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag ceithre leibhéal – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal, Ardleibhéal agus Sárleibhéal – sonraíochtaí a bheadh ar fáil do na scoláirí ar fad ar mhian leo tabhairt fúthu.

Faoin rogha eile, chuirfí sonraíochtaí ar fáil ag Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal, chomh maith le hábhar nua a fhorbairt – Saíocht agus Litríocht na Gaeilge. Bheadh an t-ábhar nua ar fáil ar an múnla céanna le Matamaitic/Matamaitic Fheidhmeach d’aon daltaí ar spéis leo tabhairt faoi.

Pé athruithe atá i ndán do chúrsa Gaeilge na hArdteiste, dúirt Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, go raibh sé tábhachtach go dtabharfaí cúiteamh cuí do dhaltaí a thabharfadh faoi chúrsa níos deacra.

“Tá muid den tuairim má tá athrú ar an chúrsa Ardteistiméireachta i gceist, go n-aithneofar, trí na pointí [CAO] a bhronnfar, an éagsúlacht idir chaighdeán agus deacracht na leibhéal éagsúil. Níl sé cóir ná ceart go mbronnfaí na pointí céanna ar iarrachtaí éagsúla, ar mhaithe le córas simplí a chur i bhfeidhm.”

Luaigh Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh an coiste buartha freisin faoi thodhchaí an bhonnleibhéil agus stádas an scrúdaithe cainte. Tá sé molta sna dréachtsonraíochtaí ó CNCM fáil réidh leis an mbonnleibhéal ach tá imní léirithe faoin tionchar a bheadh ag cinneadh mar sin ar líon na ndíolúintí a cheadófaí ón nGaeilge.

Pléitear sa tuarascáil freisin caighdeán Gaeilge na n-ábhar oidí agus na múinteoirí agus moltar go gcuirfí na hacmhainní teagaisc agus foghlama Gaeilge atá de dhíth orthu ar fáil “ionas gur féidir linn a chinntiú go bhfuil múinteoirí, a bhfuil Gaeilge líofa acu, scaipthe ar fud an chórais oideachais”.

Fág freagra ar 'Beagnach 1,000 freagra faighte ag an NCCA faoi mholtaí conspóideacha do Ghaeilge na hArdteiste'

  • Peadar

    Conas go mbeifí ag súil go mbeadh Gaolainn líofa ag múinteoirí Gaolainne agus gan é ag roinnt léachtóirí i scoileanna oideachais na gColáistí tríú leibhéal? Gaolainn bhriste agus úsáid an Bhéarla atá le cloisint ag múinteoirí Gaolainne i roinnt scoileanna oideachais atá ag réitiú céimithe do na scoileanna Gaeltachta. Conas go bhfuil seo á cheadú?

  • Seán ÓM

    Maith sibh gach duine a scríobh isteach!

    Ba mhaith le roinnt mhaith státseirbhíseach creidiúint go bhfuil muintir na Gaeltachta agus mórphobal na Gaeilge imithe ar shlí na fírinne cheana fhéin.

    Tá sé rí-thábhachtach taispeáint dóibh go bhfuil muid fós anseo agus nach bhfuil muid ag dul aon áit!

  • file

    Tá sé an-tábhachtach gan cead a bheith ag daltaí sa Ghaeltacht ná ó Ghaelscoileanna tabhairt faoi T2. Ní mór iachall a bheith orthu siúd sonraíocht T1 a dhéanamh.