Baseball, hot-dogs, apple pie agus Chevrolet…

Comrádaí a thug go dtí an South Philadelphia Sports Complex mé cúpla bliain ó shin ag tráth nárbh fhiú cac an diabhail na Phillies

Baseball, hot-dogs, apple pie agus Chevrolet…

Phillies Brad Lidge agus Carlos Ruiz. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Beagán tar éis an mheán oíche arú aréir a cuireadh tús leis an tSraith Ceannais sa daorchluiche (baseball) idir na Houston Astros agus na Philadelphia Phillies. Dá mba anseo in Éirinn a bheadh sé ar siúl agus CLG á rith, scaoilfí amach an dá fhoireann ar Pháirc an Chrócaigh agus bheadh lá ceiliúrtha déanta sa mbaile ag na buaiteoirí.

Ar an gcuma chéanna atá formhór mhórchomórtais sacair agus rugbaí an domhain. Aon iomaíocht amháin a shocraíonn buaiteoir na craoibhe.

Ach tá blas chomh Meiriceánach ar an World Series agus atá ar an seanfhógra teilifíse a bhíodh á spáint sa tír sin fadó inar tugadh liosta de nithe a bhí gar dá gcroíthe ansiúd. ‘Baseball, hot-dogs, apple pie and Chevrolet’ a bhí mar thús air.

Ní ag fonóid fúthu atá mé. An té atá saor caitheadh sé an chéad chloch. Cuimhneoidh an chuid is sine agaibh ar ‘Who’staking  the horse to France?’ agus ar ‘Sally O’Brien and the way she might look at you’.

Agus lena gceart féin a thabhairt do lucht eagair an daorchluiche, Sraith an Domhain an t-ainm atá ar an gcoimhlint. Sin an leagan amach atá air le os cionn 100 bliain.

Údar mór imní dóibh siúd, áfach, is ea an titim thubaisteach atá ag teacht ar líon na ndaoine a fhéachann ar imirt deiridh an tséasúir ar theilifís. Sna blianta idir 1978 agus 1982 bhreathnaíodh 41 milliún duine ar meán ar an imirt chuile bhliain acu sin. 13.5 milliún ar an meán a bhreathnaigh ar na cluichí le cúig bliana.

Titim freisin atá ag teacht sna Státaí ar lucht féachana na teilifíse do bhabhtaí ceannais an haca oighir (NHL) agus na cispheile (NBA). Ag an bPeil Mheiriceánach amháin atá athrú scéil – thart ar 100 milliún de lucht féachana a bhí ag an gcluiche idir na Los Angeles Rams agus na Cincinnati Bengals i dtús na  bliana.

Sa Minute Maid Stadium i lár na cathrach in Houston a cuireadh tús le Sraith Dhomhanda an daorchluiche. Is ann a bhí siad arís ar maidin inniu sular éirigh an ghrian sa tír seo. I ndiaidh na himeartha thug na foirne aghaidh ar Philadelphia ar eitleáin, áit a n-imreoidh siad a chéile Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo chugainn.

Ag glacadh leis nach mbuafaidh an fhoireann chéanna ceithre cinn de na cúig chluiche is túisce, ar ais go Houston leo ansin, áit a mbeidh an dá chluiche dheireanacha ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn– sin ach péire a bheith ag teastáil.

D’fhág dhá imirt an deireadh seachtaine go bhfuil na Astros gaibhte chun páirce 170 uair an séasúr seo, na Phillies ceithre huaire lena chois sin.

Tá corrthicéad fánach ar fáil do na cúig chluiche atá fanta. €550 a bhí ar an ticéad ba shaoire a chonaic mé ar an idirlíon – buailte ar na Flaithis. Bhí ceann nó dhó freisin ar fáil díreach taobh thiar den áit ar a dtugtar ‘home plate’.

Ansiúd a bhíonn fear an bhata, an maor agus é siúd a mbíonn an rilleán ar a éadan agus é ag iarraidh an liathróid a gheafáil.

€17,000 atá ar na suíocháin sin.

I lár na cathrach freisin atá an áit ina n-imríonn na Phillies agus an gcreidfeá go raibh sé d’ádh orm mo thóin a leagan ar suíochán ann. Caithfidh mé a rá go mba bheag áis spóirt in aon áit ar domhan dá bhfaca mé a bhí inchurtha leis.

An South Philadelphia Sports Complex atá mar ainm air. Ó thús na Mílaoise tá forbairt déanta air mar lárionad do na spórtanna gairmiúla ar fad a imrítear sa gcathair sin. Dhá pháirc imeartha, staid faoi dhíon, ionad siamsaíochta agus na riachtanais a théann leo sin – páirceáil, bialanna, beáranna agus siopaí.

Comrádaí de mo chuid atá ina chónaí sa gceantar a thug mise ann cúpla bliain ó shin ag tráth nárbh fhiú cac an diabhail na Phillies. Agus mé ar an eolas go maireann an cluiche daorchluiche trí huaire an chloig ar a laghad, ní raibh aon deifir isteach orm agus d’fhiafraigh den fhear gnaíúil ar mhiste leis dá mbainfinn lán mo dhá shúl as a raibh i mo thimpeall.

D’fhág breáthacht na háite go raibh muid beagnach uair an chloig ag fánaíocht ann. Sracfhéachaint ar an Lincoln Financial Field (áit suí ag 70,000 duine) ina n-imríonn na Eagles a gcuid peile; an Wells Fargo Centre (21,000) áit a n-imríonn na 76’rs a gcuid cispheile agus na Flyers a gcuid haca oighir, sular shuigh muid fúinn ag an daorchluiche i Citizens Bank Park (43,000).

Faoin am sin, bhí trí trí cinn de na naoi ndreas imeartha caite agus clár an scóir ag fógairt, Phillies 0 Braves 2.

Ní mba thúisce suite muid ná a tháinig buidéal beorach ag eitilt tríd an aer. Lainseáil an díoltóir an dara ceann sa tóin aige sin. Cé nár rug mo chomrádaí ar chamán riamh ina shaol, bheadh T.J. Reid mórálach as an gcaoi ar thug sé buidéal amháin as an aer lena dheasóg agus an ceann eile lena chiotóg.

Shín sé $20 ag an bhfear ba ghaire dó, chuaigh sin ó dhuine go duine síos tríd an líne agus tháinig an tsóinseáil (a leath) ar ais ar an gcuma chéanna.

D’eitigh mé don ‘mhadadh te’, ach ní mba é sin don dara buidéal ná an ceann a tháinig ina dhiaidh. An ceann féin níor sciorr trí chrúba ‘T.J’.

Faoin tráth sin bhí na foirne ar comhscór.

Bhí dhá shraith fágtha fós san imirt nuair a chuaigh na Braves chun cinn de cheann agus ansin de phéire.

Shíl mé féin go mba ar theach an asail a bhí ár dtriall, nuair a fuair mé an t-ordú éirí. Níorbh ea ach amach an geata.

‘Let’s go. buddy. The Phillies suck and the beer is too expensive,’tó a deir mo threoraí.

Tá sé chomh maith dom glaoch air ar fhaitíos nach bhfuil a fhios aige go bhfuil siad bainte den diúl!

Fág freagra ar 'Baseball, hot-dogs, apple pie agus Chevrolet…'