Bainisteoir nua ar an Siopa Leabhar agus ‘hub Gaeilge’ ar intinn aici

Tá Caitlín Nic Íomhair tosaithe ina post nua mar bhainisteoir ar an Siopa Leabhar i gceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus í ag tnúth go mór leis an dúshlán

Bainisteoir nua ar an Siopa Leabhar agus ‘hub Gaeilge’ ar intinn aici

Tá súil ag bainisteoir nua an tSiopa Leabhar ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, Caitlín Nic Íomhair, ‘hub’ i lár na cathrach do phobal na teanga a dhéanamh den siopa a dhíolann leabhair Ghaeilge.

Tá seachtain caite ag Nic Íomhair, ar as an Dún ó dhúchas í, i mbun a poist nua sa siopa seanbhunaithe leabhar i gceannáras Chonradh na Gaeilge.

Dúirt sí le Tuairisc.ie go bhfuil sí ag baint taitnimh as an obair agus go bhfuil súil aici an áit a fhorbairt le go mbeidh sé ina ionad nua d’imeachtaí Gaelacha do lucht na cathrach ar spéis leo litríocht na Gaeilge.

“Tá muid ag iarraidh go mbeadh soláthar leabhar ann ar ndóigh, ach tá muid ag iarradh hub a chruthú do phobal na Gaeilge. Tá an áit measartha beag, ach ba mhaith linn go mbeadh áit ann d’aos litríochta agus liteartha na cathrach agus go mbeadh seirbhís níos cuimsithí ar fáil dóibh.

“Tá sé i gceist againn athchóiriú a dhéanamh ar an spás, tuilleadh seoltaí leabhar agus léamhanna a bheith ann agus teagmháil a dhéanamh le foilsitheoirí na Gaeilge. Cuirfidh muid go mór leis an stoc freisin,” a dúirt sí.

Tá imní ar Nic Íomhair faoin tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an nuatheicneolaíocht ar thionscal na leabhar, go háirithe i measc an aosa óig agus béim á cur sna scoileanna ar an bhfoghlaim dhigiteach, taibléid agus ríomhleabhair le blianta beaga anuas.

Tá sé i gceist aici tuilleadh earraí, seachas leabhair, a dhíol sa siopa, le dul i ngleic leis an athrú seo. Ba mhaith le Nic Íomhair earraí “Gaeilge agus Gaeltachta” a chur ar fáil do phobal na Gaeilge sa chathair.

Cheana féin, tá cluichí boird, cártaí, cdanna agus dvdanna ar fáil sa siopa, ach ba mhaith léi níos mó a chur ar fáil ann amach anseo.

Dúirt sí le Tuairisc.ie go bhfeictear di freisin go bhfuil bearna ann faoi láthair sa mhargadh litríochta do leabhair do dhéagóirí.

“Tá ábhar ann d’fhoghlaimeoirí fásta agus do chainteoirí líofa fásta, agus tá ár ndóthain againn do pháistí an-óg, ach chítear domsa go bhfuil bearna ann sa déaglitríocht, agus gur cheart an déaglitríocht a fhorbairt. Bheadh sé go deas dá scríobhfaí leabhair nua i nGaeilge do dhéagóirí, ach tá ag éirí go maith leis na haistriúcháin freisin,” a dúirt sí.

Is í an fhilíocht is mó a chuireann Nic Íomhair féin spéis inti.

Tháinig sí go Baile Átha Cliath ocht mbliana ó shin agus tá PhD san fhilíocht aici. Biddy Jenkinson, an file agus údar, an scríbhneoir is mó a thaitníonn léi agus tá lear mór scríofa aici féin faoi Jenkinson agus a saothar.

An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín an leabhar is fearr liom. Léifinn an leabhar sin beag beann ar an ghiúmar a bheadh orm. Is í an fhilíocht an t-ábhar is mó spéis liom agus is í Biddy Jenkinson an file is fearr liom. Is ina cuid filíochta is mó a chuir mé suim inti, ach cuirim suim in achan rud a dhéanann sí,” a dúirt sí.

Tá Nic Íomhair ina heagarthóir Gaeilge chomh maith ar an irisleabhar filíochta Poetry Review Ireland.

Fág freagra ar 'Bainisteoir nua ar an Siopa Leabhar agus ‘hub Gaeilge’ ar intinn aici'

  • Mánus

    An-smaoineamh lár ionad sóisialta a bheith ann dos na Gaeil i mBÁC. Sa Chultúrlann i mBéal Feirste tá beocht iontach nach raibh sa Siopa Leabhar riaimh.

  • eoghan o neill

    Sin rud a bheadh go maith sa chathair – café ina mbeadh deis ag daoine buaileadh isteach ann agus súp a bhaint as cúlra gaelig. bhí me sa siopa inne agus fuair me leabhar le haghaidh garphaistí. Áth mór oraibh!

  • Daithí Ó hAimheirgín

    Go n-éirí go geall leat a Chaitlín i do phost nua. Táim ag tnú leis na forbaithe nua atá ar intinn agat!

  • Brian-less

    Go n-éirí an fiontar leat, a mhná!

  • Gabriel Rosenstock

    Ar fheabhas!