‘Bainim úsáid as an nGaeilge nuair a thig liom’ – an tUrramach Kyle Paisley

Labhair an tUrramach Kyle Paisley, mac Ian Paisley, iarchéad-aire an Tuaiscirt, le Tuairisc faoina theachtaireachtaí i nGaeilge agus an spéis atá aige sa teanga

‘Bainim úsáid as an nGaeilge nuair a thig liom’ – an tUrramach Kyle Paisley

Ní shamhlaítear an Ghaeilge le muintir Paisley an DUP, ach tá cúpla teachtaireacht curtha amach i dteanga na nGael ag an Urramach Kyle Paisley, mac Ian Paisley, bunaitheoir an DUP a bhí ina Chéad-Aire ar an Tuaisceart.

Leathchúpla é Kyle Paisley le Ian Óg Paisley, feisire parlaiminte an DUP d’Aontroim Thuaidh. Tá Kyle Paisley ina mhisinéir san Eaglais Saor-Phreispitéireach in Norfolk Shasana.

Bhí pictiúr ina raibh ceithre choinneal ann le teachtaireacht amháin a chuir sé amach ar X aimsir na Nollag, teachtaireacht inar thug sé Caol Péaslaí air féin

“Rinne mé é mar go bhfuil daoine de mo lucht leanúna ar Twitter go bhfuil Gaeilge acu,” arsa Kyle Paisley.

“Má tá tú ag iarraidh teachtaireacht a chraobhscaoileadh, déan é ar dhóigh a rachaidh i bhfeidhm ar dhaoine.”

Tá súil aige ábhar eile as Gaeilge a fhoilsiú amach anseo. “Bhí fear sa Phoblacht a chuir Gaeilge ar phíosa uaim,” ar seisean. “Bhí sé rómhall don Nollaig sin, agus róluath don Nollaig seo chugainn. Tá mé ag coinneáil súil air.”

Níl an tUrramach Paisley féin iomlán cinnte an mbaineann sé le traidisiún na spioradáltachta Ceiltí. “Tá ardmheas agam ar Naomh Pádraig, nuair a amharcann tú ar an mhéid a scríobh sé,” ar seisean. “Rugadh ar thír mhór na Breataine é, ach b’Éireannach ina chroí istigh a bhí ann. Agus bhí an dóigh ar scríobh sé chomh simplí sin.”

Tá, leis, a deir sé, ardmheas aige ar an Easpag Uilliam Beidil. Ba eisean a d’aistrigh an Bíobla go Gaeilge sa 17ú haois.

“Thug sé dúshlán na n-údarás [idir Rialtas Shasana agus Eaglais na hÉireann],” arsa an tUrramach Paisley.

“Bhí siadsan ag brú Béarla ar na daoine,” arsa an tUrramach Paisley. “Thug sé an Bíobla dóibh ina dteanga féin.”

Agus an sampla seo aige, níl aon drogall air féin dul i muinín na Gaeilge lena theachtaireacht a chur in iúl.

“In amanna faighim aiseolas maith,” ar seisean. “Fuair mé aiseolas dearfach ó dhaoine a thagann ó chúlraí difriúla uaimse ó thaobh an chreidimh agus na polaitíochta.”

In amanna, bíonn rud beag mioscaise sna postálacha a fhoilsíonn sé ar na meáin shóisialta. Aimsir na Cásca bliain amháin chuir sé amach pictiúr de thuama folamh Íosa agus lile na Cásca ann. ‘I believe in the Easter Rising,’ an teachtaireacht a chuir sé leis.

Deir sé go raibh daoine áirithe “amhrasach” faoin teachtaireacht sin nó gur mhínigh sé dóibh gurb é Aiséirí Íosa Críost a chreid sé ann.

Tá cónaí ar an Urramach Paisley i Sasana le fada. “Níl fadhb ar bith agam a rá gur Éireannach mé,” ar seisean. “Rugadh in Éirinn mé.”

Is Briotanach é freisin agus is é sin atá ar an phas atá aige.

Is cinnte go bhfuil suim aige sa Ghaeilge, a deir sé.

“Níor fhoghlaim mé an ghramadach nó rud ar bith mar sin,” ar seisean. “Bainim úsáid aisti nuair a thig liom, ar dhóigheanna difriúla. Dá mbeadh pobal s’agamsa in Éirinn, dhéanfainn iarracht an teanga a fhoghlaim,” ar seisean.

“Sin, go fiú ar mhaithe le gnáthchumarsáid a dhéanamh le daoine.”

Ag an phointe seo, níl iomrá air pilleadh ar an tír seo.

Fág freagra ar '‘Bainim úsáid as an nGaeilge nuair a thig liom’ – an tUrramach Kyle Paisley'

  • Ciarán Ó Coigligh

    Níor thug na meáin Ghaeilge aird dá laghad ar aitheasc Cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh (PAD) Áirléana Fuiréast ag Ard-Fheis 2019 nuair a labhair sí go cumssach agus go fíor-dhearfach i dtaobh na Gaeilge. Tá teir ar bhaill Ghaelacha an PAD labhairt ar chláir Ghaeilge raidió agus teilifíse chúns a tugtar cead a gcinn do ‘thráchtairí polaitíochta’ agus do bhaill agus de lucht páirte páirtithe polaitíochta eile beag is fiú a dhéanamh den PAD agus dá seasamh i dtaobh na Gaeilge.