Bainfidh Schmidt leas as laigeachtaí na Fraince…

Ach tá a fadhbanna féin ag bainisteoir na hÉireann chomh maith agus aghaidh á thabhairt ag a fhoireann ar Pháras

INPHO/Dan Sheridan
INPHO/Dan Sheridan

Seans go raibh cluiche na hÉireann i gcoinne na Breataine Bige ar cheann de na cluichí rugbaí is fearr a chonaic muid sa gcomórtas Sé Náisiún le blianta fada. Ní raibh fáil ar aon anailísí, mé féin fiú, a thug seans ar bith do na Gaeil. Ach mar atá fhios ag an domhan mór anois, ní mar sin a tharla agus bhí an mí-ádh ar fhir Joe Schmidt nár éirigh leo an lá a thabhairt leo.  Sheas siad an fód i gcluiche a bhí thar a bheidh fisiciúil agus lán teannais óna thús.

Cé nár éirigh leis na hÉireannaigh  níor theip orthu ach oiread, tá siad fós sa rás ar thóir na craoibhe. Tá an Choróin Thriarach san áireamh, dóibh féin, do na Breathnaigh agus d’Albain freisin. Anois agus gan ach scíth sé lá acu, tá orthu taisteal go Páras le tabhairt faoi na Francaigh, foireann a bhuaigh más ar éigean féin é, i gcoinne na nIodálach ar an Satharn seo caite. Fágann sin go bhfuil lá breise ag na Francaigh le réiteach don dara babhta.

Mar bharr ar an mí-ádh, ní hamháin go bhfuil ar fhoireann na hÉireann imirt as baile an Satharn seo, ach gortaíodh cúpla imreoir sa gcluiche i gcoinne na mBreathnach freisin, Sexton, Earls agus O’Donnell ina measc. Cuir iad sin leis an liosta fada imreoirí gortaithe a bhí ag Schmidt roimh an gcluiche i gcoinne na Breataine Bige agus tugann sé sin léargas ar an dúshlán atá roimhe agus é ag réiteach don chluiche seo. Fós féin, tá seans go mbeidh biseach agus fáil arís dá réir sin ar Sheán O’Brien agus ar Rob Kearney, rud a chuirfidh go mór le sprid agus seans na hÉireann. 

Ní raibh na Francaigh thar mholadh beirte agus iad i gcoinne na hIodáile an Satharn seo caite.  Go deimhin bhí an t-ádh orthu éalú le bua dhá phointe ag deireadh an chluiche. Thug na hIodálaigh go leor deacrachtaí chun suntais d’fhoireann an Fraince,  fadhbanna sa gcosaint go háirithe. Seans go mbeidh na laigeachtaí sin sáraithe acu.  Seans go mbainfidh Joe Schmidt chuile leas as muna mbeidh.

Ar an Satharn freisin, tabharfaidh na Breathnaigh faoi Alba i Staid na Mílaoise, agus iadsan ag súil le bearna mhór scóir a oscailt ar na cuairteoirí. De bhrí nár éirigh leis na Breathnaigh an lámh in uachtar a fháil ar na hÉireannaigh, agus go raibh orthu na pointí a roinnt, tá fhios acu go mbeidh orthu scór ollmhór a fháil agus iad sa mbaile i gcoinne foireann lag más mian leo a bheith san iomaíocht don chraobh. Seans gur dearcadh eile ar fad a bheas ag imreoirí Alban, fios acu siúd go mbeidh deireadh leo má chliseann orthu arís don dara seachtain as a chéile.

Beidh ar na Sasanaigh a bheith airdeallach agus iad ag imirt sa Róimh ar an Domhnach i gcoinne na nIodálach. Cé gur chaill siad, tabharfaidh an sár-imirt a chonaic muid ó na hIodálaigh agus iad as baile i gcoinne na bhFrancach, spreagadh agus misneach dóibh, fios maith acu más féidir leo an brú céanna a chur ar na Sasanaigh gur féidir leo bua cáiliúil a aimsiú.

Beidh lucht leanta rugbaí ar fud an domhain ag súil le cluiche eile ar chomh-chaighdeán leis an gceann a bhí idir na Gaeil agus na Breathnaigh. Níl mé cinnte go mbeidh ceann eile mar sin againn an deireadh seachtaine seo.  Má tharlaíonn sé seans  gur idir na Gaeil agus na Francaigh a bheas sé.

Fág freagra ar 'Bainfidh Schmidt leas as laigeachtaí na Fraince…'